"One of the first things we have to do is audit. Open up the books and let the people look inside. Let the sunshine in." Arnold Schwarzenegger, Gobharnóir Chalifornia.
Bhí an mhaidin imithe chun donais. Tháinig mé isteach chun an Fhorais go luath le breathnú ar an rugbaí agus cad é a tharla ach go raibh an t-inneall cappuccino briste; bhí na leamhacháin uilig ite agus ní raibh iomrá ar sprinkles don chaifé a rinne mé dom féin sa chupán.
Leoga, bheadh orm meamram a scríobh le go ndeiseofaí an t-inneall cappuccino; le go n-ordófaí tuilleadh leamhachán agus fáil amach cad é an Ghaeilge a bhí ag na Gúmóirí ar 'sprinkles'. Dá bhfaigheadh an madadh sin de Mhuiríoch amach go raibh focal Béarla in úsáid san Fhoras, ní chluinfí a dheireadh go deo ar an cholún sin aige.
Rinne mé neamhiontas den mholl mór cáipéisí agus de na hiarratais a a bhí ar an tábla agus chuir an teilifís ag dul. Níor luaithe mo thóin socair sa tolg agam gur thosaigh an cnagadh. Bhí a fhios agam nach duine ar bith de m'fhoireann féin a bhí ann - bhí sé róluath - agus bhí a fhios agam nach bhfreagródh duine ar bith eile an doras ach mise.
D'oscail mé fuinneog m'oifige, chlaon mo cheann amach agus chaith "Sea?" searbhasach i dtreo an duine a bhí ag barr na gcéimeanna, é ag casúireacht leis ar an doras le dorn ata feargach. "Seo," a dúirt mé, "stad de sin. Má bhriseann tú an doras sin, beidh daor ort."
Stad sé den bhualadh agus d'amharc orm. Fear mór láidir a bhí ann; cóta dubh leathair air agus spéaclaí gréine ar a aghaidh. Dúirt sé focal amháin agus fuair mé spléachadh ar fhiacla a chuirfeadh cár siorca i gcuimhne duit: "Ozkail."
"Cad é? Oscail. M'anam nach n-osclóidh. Cad é an gnóthaí atá agat linn, a bhodach an chóta leathair. An tú an Coimisinéir nua Teanga a bhfuiltear ag caint faoi?"
"Is mize Arnie, an Gobharnóir. Ozkail."
"Arnie? Aithne ná eolas ar aon Arnie níl agam. An bhfuil an áit cheart agat? Seo Foras na Gaeilge. Áisíneacht trasteorann. Deontais teanga. An cineál sin ruda."
"Ja. Ozkail. Tá zé an-vráinneach."
"Cad é an dóigh práinneach?"
Aird ná aird níor thug Arnie orm. Chaith sé siar a chóta, tharraing amach péire de na gunnaí ba mhó dá bhfaca mé riamh agus dhírigh ar an doras iad.
"Fan," ar mise, "ná déan. An mbaineann tú le Sinn Féin? Má bhaineann, tig leat na gunnaí sin a chur ar ais i do phóca. Thug muid neart airgid do do leathbhádóirí kultúir, mo leithscéal, cultúir cheana féin. Níl sibh ag fáil cent rua eile."
"Shin Fane? Nein. Khuir na daoine anseo mé."
"Daoine. Cén daoine?"
"Vain mé an toghkhán. Vótáil na daoine dom. Na daoine i Korca Dhuibhne agus Kill Khainnigh agus Kill Vantáin agus Zligeach. Vótáil ziad dom."
"Bhuel, iontach. An-mhaith ar fad. Cad chuige ar vótáil siad duit?"
"Ba vaith liom na kuntais a fheiskint."
"Na cuntais? Ní thig le duine ar bith na cuntais a fheiscint. Níor fhoilsigh muid cuntais ó bunaíodh muid agus níl muid ag tosú anois, is cuma cé a vótáil duit."
"Ja. Ba vaith liom na kuntais a fheiskint. Tá kead agam. Thug na daoine kead dom."
"Bhuel, níl mise ag tabhairt cead duit."
Leis sin, labhair sé abairt amháin eile - "Hasta la vista, babaí" - agus thosaigh a scaoileadh. Bhí Arnie ag teacht agus ba vaith leis na kuntais a fheiskint.