Crobhingne: Deirtear go bhfuil éad le Páidí Ó Sé go fada fairsing le fáil i gCiarraí. "Féach seo," adúirt an fear ar an gcnoc, "is bainisteoir peile Chontae na hIarmhí anois é.
N'fheadar cé mhéid airgid atá á dhéanamh aige; tá teacht aige ar heileacaptar agus ar ghluaisteáin agus ar óstáin. Agus níos fearr ná sin uile, beidh an samhradh saor aige!"
Ní móide gur maitheadh riamh dó gur thug sé ainmhithe ar lucht leanta caide na Ríochta, agus bíonn an fhírinne chomh garbh uaireanta le géaruillinn sa phus ar bhánta na hUaimhe. Tugadh bata agus ingearán dó, agus beidh sé ina shuí go te go ceann tamaill bhig ar aon nós. B'é a mhúscail an tuairim bhuile gur chóir dó an fhoireann a thabhairt amach ag traenáil lá Nollag seo caite le súil is go bhféadfaí cearca fraoigh a dhéanamh as turcaithe. Ach mar adúirt an nath: ní bheidh le feiceáil.
An nós seo na himreoirí a dhéanamh chomh lúfar le capaill ráis is dócha go ngabhann sé siar ar a laghad chomh fada leis na comórtais mhóra gliadaireachta idir Heffo agus Micko sna 1970í agus sna 1980í.
B'shin beirt a bhí in ann an mótar a chur sna matáin. Ach, bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist ag lán na beirte acu.
Bhí de bhua, leis, acu go raibh buíon de na peileadóirí b'oilte is ba sciliúla ar na leabhair acu, agus bíodh a theist ar Mhicko nuair a stiúraigh sé na lilibhánaigh gan smál gur thug sé chomh fada le radharc a fháil ar an gcoróin iad, gur thug sé go himeall an iontais iad, go bhfaca siad an tír tairngreachta ach nach raibh ar a gcumas cos a leagadh ann. Is féidir le bainisteoirí míorúiltí a dhéanamh, ach ní i gCo Mhuineacháin, ná Liatroma, ná Luimnigh.
Is í fírinne an scéil ná go bhfuil an bhainistíocht foirne ar rud chomh diamhair bun is atá ann. Ar nós na litríochta nó na healaíne féin dá mbeadh an fhoirmle braite againn bheadh sé sa chorcán fadó riamh agus á díol ar ghaimbín mór. Is fíor má tá anraith circe á dhéanamh agat gur fearr an chearc a ghabháil ar dtús, agus is fearr na peileadóirí nó na hiománaithe a bheith id ghlaic sula ngabhann tú i lár na cuilithe. Chuirfinn m'airgead, mo theach, agus mo thuairnín lín air nach mbuafaidh Ciarraí craobh na hÉireann go brách arís. Ní i mbliana, ná an bhliain seo chugainn, ná aon bhliain eile le réamhradharc na gcat go deireadh scríbe. Dá fheabhas is mar atá an geansaí, agus an díocas, agus an cultúr fada, níl na hiománaithe acu lena dhéanamh.
Ina choinne sin, dhein Mickey Harte an bheart anuraidh mar bhí de chéill aige gan iad a bheith ag taisteal na Speiríní cúig oíche sa tseachtain, ach ligean dóibh a gcuid traenála féin a dhéanamh. Ba threise aige ar an dílseacht phearsanta ná ar an gcomrádaíocht chomhluadarach. Níorbh aon dóichín é Joe Kernan an bhliain roimhe sin ach oiread, maidir le réamhbheartaíocht agus le fístéipeanna agus le creideamh a ndiongbhála a chur ar lasadh san fhoirinn aige. Agus b'iad peileadóirí an Dúin an dream ba ghaire ar fad do Thír Eoghain i rith na bliana nuair ba dhóbair dóibh ina n-aghaidh i gCraoibh Uladh. Creideamh Phaddy O'Rourke arís, móide tuiscint don aon chleas amháin a mhúchfaidh blaincéad mór ollsmachtaithe Thír Eoghain, an liathróid fhada éasca, an ceapadh gasta, agus an seoladh mear.
Bhíodh foireann Nottingham Forest amuigh ag bualadh piontaí go maidin faoi Bhrian Clough, agus bhuaigh siad Corn na hEorpa; a dhála céanna sin ag foirinn na hÉireann faoi Mhick McCárthy agus ní bhuafadh siad rás cuileog ar bhord tábhairne. Ní ligfeadh Jock Stein dá chuid imreoirí dul in aice le bean, ná le neach saolta corpartha ar bith trí lá roimh aon chluiche mór agus b'iad b'éirithí riamh de Cheiltigh Ghlaschú; b'é Clive Woodward, áfach, an t-aon bhainisteoir rugbaí a lig don fhoirinn aige a gcuid ban agus leannán agus cairde a thabhairt leo go Corn an Domhain, agus féach conas mar a d'eirigh leo.
Tá Seán Boylan ar dhuine d'uaisle an tsaoil ina mheon, ina bhéasa, ina chuid iompair phearsanta; ach chothaigh sé cultúr garbh i measc na bhfoirne aige, nó b'fhéidir nach raibh ann ach nach bhféadfaí an dúchas a cheansú le hoiliúint. Is é Billy Morgan an t-aon duine amháin a chreideann i bpeileadóirí Iarthar Chorcaí, ach ní leor a chuid creidimh ann féin leis na sléibhte a bhogadh.
Is ea, tá an samhradh ag filleadh go hÉirinn, agus súile na sluaite dírithe ar an bhfear ar an taobhlíne ina shuí go ciúin ag faire, nó ag siúl suas síos le teann frustrachais agus le dorn iata.
Sa chás seo, beidh le feiceáil.