TÁ GO maith, tá an ghruaig ag éirí liath agus, tá go maith, níl na súile mar a bhí agus, tá go maith, tá an éisteacht rud beag níos measa ná mar a bhí. Ach ní hiad seo comharthaí na haoise.
D’iníon, déagóir, ag impí ort, ag impí ort, tú féin a chaitheamh síos sleamhnán uisce sa linn snámha áitiúil agus gach ball de do cholainn á rá leat féin gan é a dhéanamh. Níl sé ciallmhar ná siosmaideach a leithéid a dhéanamh. Nach dtuigeann sí an méid sin? Sin is comhartha aoise ann.
Ach impíonn sí agus impíonn sí agus léimeann tú – agus ní léim an dá bhruach atá i gceist mar bheifeá buíoch as bruach a fheiceáil – agus titeann tú síos tollán lán uisce agus gach duine eile ag scairteadh – yeeeeeeeaaaahhhh – agus tusa á rá – noooooooo – go dtí go sceitheann an tollán amach ag bun cúrsa thú agus is beag nach bhfaigheann tú bás san uisce – bíodh is go bhfuil páistí beaga thart timpeall ort ag léim amach as an uisce éadomhain gan stró ar bith.
Ach níl deireadh leis an lá cé go bhfuil deireadh le do mhisneach. Impíonn d’iníon ort triail a bhaint as sleamhnán níos airde agus déanann tú sin mar gurb athair cróga thú agus ceann eile atá níos airde fós – “Tá ceann níos airde ann?” – go dtí go mbíonn tú os comhair sleamhnáin a bhfuil an “Spin Bowl” air.
Ach, a deir d’iníon, tugann siad an “Toilet Flush” air fosta agus níl fiacha ort fiafraí di cad chuige sin nó titeann tú chun tubaiste arís agus cccaaaacccc as do bhéal agat.
Beidh a cuid féin ag an fharraige – agus ag an toilet flush.