Beirt fhilí agus rinceoir

BEOCHEIST: ÓCÁID SPEISIALTA ab ea An Comórtas Amhrán Eoraifíse 1994, tráth a chuaigh Riverdance i bhfeidhm ar na milliúin duine…

BEOCHEIST:ÓCÁID SPEISIALTA ab ea An Comórtas Amhrán Eoraifíse 1994, tráth a chuaigh Riverdance i bhfeidhm ar na milliúin duine san Eoraip. Ócáid rímhór do Moya Doherty, Bill Whelan, agus Michael Flatley, ach go háirithe. Ní raibh Moya ná Michael ar comhchéim rince lena chéile ó shin, ach, nach róchuma anois óir is milliúnaithe iad de thoradh na hoíche úd agus ar lean í.

D’imigh Mícheál leis ó dheas, cheannaigh, d’atógáil is mhaisigh CastleHyde, láimh le Mainistir Fhear Maí. Úrtheach agus úrtheaghlach ag maireachtáil ar bhruach na hAbhann Móire athuair.

Áirítear teaghlaigh de hÍde ar an gclann ba mhó cáil a chónaigh i CastleHyde. Cérbh iad an mhuintir seo, ar díobh Dúghlas de hÍde (1865-1938) é agus cad a thug chomh fada le Mainistir Fhear Maí iad?

Ní mór dul siar go ré Eilíse I chun teacht ar bhunús an scéil. Ar son seirbhíse don choróin bhronn an bhanríon tiarnacht agus litreacha paitinne do 11,766 acra ar Arthur Hyde i ndúiche Mhainistir Fhear Maí.

READ MORE

Chuaigh muintir de hÍde le postanna reacaireachta in Eaglais na hÉireann agus ón 17ú haois ar aghaidh bhí sinsear Dhúghlais ag feidhmiú ina mhinistéirí.

Ag druidim le lár an 19ú haois thit siad isteach i bpoll fiacha agus d’fhág san nach raibh ionú acu ach CastleHyde a dhíol. Rinneadh amhlaidh i 1851. Níor chónaigh Dúghlas sa teach riamh ach bhí sé an-tógtha leis na pictiúir agus na scéalta a mbíodh á n-insint dó ag a athair, Rev. Arthur Hyde, Jr.

Cnuasaitheoir scéalta, béaloidis is dánta ab ea Dúghlas de hÍde i gcaitheamh a shaoil. Is feasach dúinn an tslí a d’fhoghlaim sé Gaeilge i gcomharsanacht Frenchpark i Ros Comáin, an dlúthaithne a chuir sé ar mhuintir na háite, agus an oiread sin dua a chaith sé le dúchas na Gaeilge a choinneáil beo ón úir chraosach, ó chré na cille féin.

Cnuasach filíochta, Ubhla den Chraoibh, scríofa aige agus foilsíodh é sa bhliain 1901.

Bhí Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748-84) sna bólaí sin i Mainistir Fhear Maí sa 18ú haois. Fear taistil é Eoghan Rua ar aon bhonn leis na spailpíní iomadúla a bhí cleachta ar dhul ar thóir hoibre, pé áit a mbíodh sí.

Féadfar cuid de na bealaí taistil a thug sé leis a rianú tríd na dánta a scríobh sé le linn a chuid rianaíochta. Ar an liosta aige bhí dúiche Mhainistir Fhear Maí.

Bhí bua na cumadóireachta go diail maith ag Eoghan Rua agus tá dánta lena bhfoinn tagtha anuas chugainn ina shaibhreshaothar le binneas agus cruinneas iontu.

Níor leasc leis lá fada oibre a chur de sula mbeadh tarrac aige ar thábhairní Fhear Maí. Léiríonn Slán chun Carraig an Éide an sórt saoil a bhíodh á chaitheamh aige i gcomharsanacht an bhaile mhóir, agus b’áin leis na himeachtaí sóisialta a chur faoi bhráid a lucht éisteachta.

Is duan molta, dán buíochais óna chroí istigh é a d’eachtraigh sé do na teaghlaigh éagsúla, feirmeoirí a bhformhór a mbíodh sé ag obair dóibh, sular fhág sé slán acu:

Slán cuirim páirteach gan áireamh ó chéile

chun Ádaimh, chun Seághain, chun Máire is chun Séamais;

slán chun Neil mhánla, caoinghrá s searc mo chléibhse,

dfhuil ársa Eochaidh ághmhair, ceap dáimhe agus éigse

Ach ar an láimh eile níorbh údar sásaimh nó lúcháire saol an spailpín de shíor: Ós dearbh gur réiteach, grafadh agus déanamh/Branair go héag mo ghnósa.

Tagairtí do Riverdance, do CastleHyde agus a mbaineann leo na laetha seo, níorbh aon díobháil dúinn na hardchéimeanna spreagúla gona gceol cruinnechuimsitheach a fhí le saothar de hÍde agus Eoghain Rua Uí Shúilleabháin. B’fhearr, dar liom, an gréasú ealaíonta agus na cuimhní raidhsiúla a thiocfadh as agus a bhláthódh.

(Is é is foinse na véarsaí thuas, Eoghan Rua Ó Súilleabháin, a chuir Breandán Ó Conchúir in eagar agus atá i gcló ag Field Day Publications/Keough-Naughton Institute for Irish Studies, Baile Átha Cliath 2009. Tá an tsraith ar “Filí” le moladh go hard. An bhearna a bhí ann le fada tá sin á líonadh le cumas is le críochnúlacht. B’é Breandán Ó Buachalla, nach maireann, a bhí ina Eagarthóir Sraithe ar “Filí” go dtí le gairid.