CROBHINGNE:DEIR NA socheolaithe a thuigeann gach ní agus na síceolaithe a thuigeann beagán éigin thall is abhus gurb ann don spórt chun ár n-intinn a bhaint de nithe tromchúiseacha eile. Arán agus sorcais, nó inár gcásna, prátaí agus iomáint.
Ní foláir nó bhí an Rialtas ag guí chun na ndéithe airgeadais go n-éireodh le foireann an Stáit, (nó na Poblachta, más áin leat an téarmaíocht bhréige sin) cáiliú do chraobhchluichí Chorn Peile Talaimh na hEorpa. Agus ní foláir nó d’fhreagair Mamón nó Dinero nó Bacchus a nguí.
Táimid ann agus beidh trucailí agus mótair agus asail agus gach cóir taistil ag gluaiseacht soir an samhradh seo chugainn ar fhiacha nár díoladh is ar airgead amú.
Dá réir sin, níor mhór dúinn eolas éigin a bheith againn ar an dream atá i gceannas an chluiche dhomhanda seo.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, áfach, in ainneoin snas an daonlathais, tá an chuma air go bhfuil siad chomh dúnta le hintinn pholaiteora, chomh dlúth le chéile le lucht breibe i bpuball i nGaillimh, chomh holagarcúil le holabharúin na Rúise, chomh cairdiúil le chéile le coileáin ag súgradh, chomh doléite le leathanach de chuid Jane Austen, chomh saibhir le muineál bhanphrionsa, chomh righin le hionga i bhfeoil, agus chomh saor ó dhualgas i leith an phobail le baincéir ar bith. Tá a fhios againn go bhfuil Sepp Bladar i gceannas orthu, duine díobh sin arb airí ar a ainm é le duine ar bith.
Ní haon nath dó é na maslaí ciníocha leanúnacha ar an bpáirc, ná b’fhéidir, lasmuigh di. Is féidir iad a réiteach nó a chneasú le croitheadh láimhe ag deireadh an chluiche agus le greim den phíóg úill. Ní thuigeann sé an fíoch a leanann focal agus gur mhinic a bhris béal duine a shrón agus go bhfuil an rud adúradh ag an gcluiche sóisir peile lofa idir Cill na Mallacht agus An Crústa Crua le linn chogadh Hitler fós ina chnámharlach spairne ar fud na seacht bpobal. Níor imir sé riamh cluiche faoi 14 bliain le Móinín Searbh ná le Poll na Seanghlúine. Mar is fíor gur cuid den chluiche í an “imirt shíceolaíochta” mar a thabharfaí inniu air.
Nuair adúirt imreoir lathach amháin de chuid Thiobrad Árann le himreoir eile de chuid na Gaillimhe (nuair a bhíodh Gaillimh i gCraobh na hÉireann, más cuimhin libh) tar éis cúpla nóiméad den chluiche a bheith ar siúl: “Ba cheart duit dul abhaile anois, tá an carabhán trí thine!” ní raibh sé ag súil le freagra réasúnta. Nó: “An bhfuil árachas agat?” mar a d’fhiafraigh imreoir amháin de Sheán Óg Ó Ceallacháin agus é ag tosnú mar réiteoir.
Agus nuair adúirt Christy Ring le cúl báire sa Chlár a bhí ag stop a chuid iarrachtaí ar fad, “Cén fáth an bhfuil tú ag stop mo chuidse iarrachtaí? Tháinig an slua anseo chun mise a fheiscint, agus ní tusa!” is léir go raibh greann agus áilteoireacht i gceist.
Ní greann ná áilteoireacht a bhí i gceist, áfach, nuair a mhaslaigh iománaí amháin Seán Óg Ó hAilpín ar dhath a chraicinn, deirtear, masla a d’fhág smál go deo ar bhlianta beaga glórmhara an chluiche. Tharla a amhlachas céanna do Jason Sherlock Bhaile Átha Cliath go minic. As seo suas beidh imreoirí de gach gné craicinn agus creidimh agus tuisceana ag imirt i gcorp an gheimhridh istigh agus i lár an tsamhraidh bhuí sna cluichí dúchais. Níor mhaith leat go mbeadh orthu dul i muinín chomhairle Shepp Bhladair amháin d’fhonn an scéil a réiteach.
Ina choinne sin, ní féidir an rud adeirtear i dteas an chluiche a chosc. Is é an freagra is glice ná a bheith níos fearr. Tá taispeánta ag lúthcleasaithe gorma, ag dornálaithe de shliocht na sclábhaithe, ag peileadóirí ar tháinig a sinsir slán ó ghabháltas geal na hAfraice, ag lucht spóirt gach imeachta nach bhfuil bun ná barr ná ciall ná cuibheas le ciníochas san spórt, ná i ngné eile ar bith d’imeachtaí móra ná miona an tsaoil.
An duine a bhfuil an ruainne is lú den chiníochas ann, níl ann ach amalán gan chiall, bastún gan spréach, dallachán nach bhfaca léas intinne ar bith, gamallóg nach fiú labhairt leis, blaosc amadáin gan tuiscint, éagan le héadromacht, ceolán gan cheol, briollabhreallaire le brealsúnacht, agus mar sin de go dtí an sifín seafóide nach bhféadfaí a lasadh dá gcuirfí tinte Hiroshima faoi.
Agus deirim an ruainne is lú! Faire ort, na tincéirí in aice leat, agus na giofóga ag doras an tsiopa!
Má cheapann tusa gur fearr ná an duine sin thall de bharr do chuid oideachais, creidimh, gné chraicinn, tógála, blas cainte ná eile tú, is sop bladarálaí chomh maith céanna tú.
Maidir le Bladar é féin, uaireanta ní ding béal ina thost.