Beocheist: Tá páirc phoiblí sa cheantar ina chónaímse. Páirc fhairsing í, le faichí imeartha don lucht spóirt, le hionad súgartha do na leanaí agus le cosáin chúlráideacha dhiamhra dóibh sin gur maith leo srian a ligean lena gcuid samhlaíochta gan chur isteach ó aon duine.
Táimid bródúil as an bpáirc san agus ní scaoilimid uain tharainn riamh lenár gcuairteoirí a thabhairt ann ionas gur féidir leo iontas a dhéanamh d'áilleacht na háite.
Baineann cuid nach beag den áilleacht san leis na crainn atá ag fás sa pháirc, idir sheanchrainn a bhí ann sara bhfuair an chomhairle contae seilbh ar an áit agus chrainn óga a plandáladh ó shin.
Is ait agus is éagsúil mar a chuireann na crainn chéanna iad féin in iúl duit - iad dána tiarnasach san Earrach, iad caoin dea-chroíoch sa Samhradh, iad sóúil collaí san Fhómhar agus iad dearóil ainnis cotúil le teacht an Gheimhridh.
Ach is léir orthu gur dóigh leo gur leo féin an áit agus gurbh ar mhaithe leo a leagadh an pháirc amach.
Agus anois go tobann tá núíosach ina measc - crann giúise atá níos mó ná fiche troigh ar airde, é ina ghaige cíortha galánta agus mar a bheadh cor ina shrón aige chuig na crainn eile.
B'shin mar a dhealraigh sé domsa, ar aon nós, sarar thugas faoi deara go raibh bonn coincréite faoi agus sarar inis oibrí de chuid na páirce dom nach bhfuil ann i ndáiríre ach cuaille aeróige do na gutháin so-ghluaiste agus cruth an chrainn curtha air.
I bhfocail eile, tá dallamullóg á chur orainn - é á dhéanamh go cliste agus go héifeachtach, admhaím - acusan a thóg ann é.
Níl amhras orm ach gur dóigh leo gurb ar leas na timpeallachta atá siad agus go luíonn an "crann" nua seo le nádúr na páirce.
Ach, in ainm Chruim, cad tá i ndán don dúlra sa cheantar - agus dár meas féin air - má leathnaítear an nós áirithe san?
An mbeidh ar dhuine gach crann san áit a scrúdú go grinn lena chinntiú nach falsaitheacht atá ann?
Nó an mbeidh ar na húdaráis fógraí a ghreamú de na fíorchrainn, ionas nach mbeidh dul amú orthusan inár measc nach n-iniúchann go cúramach iad?
Agus - Dia idir sinn is gach anachain! - an mbeidh ioraí bréige le feiceáil sa pháirc againn teacht an tSamhraidh?
Nó arís - cogar - an dóigh leosan a thóg an "crann" nach dtabharfar faoi deara an cleas atá á imirt acu ar an bpobal - rud a chiallódh, domsa ar aon nós, go bhfuil siad ar an tuairim gur dream mallintinneach saonta iad an pobal céanna agus nach baol go rachaidh aon duine i gleic leo faoina bhfuil á chur i gcrích acu?
Agus an baol go bhfuil an ceart acu freisin?
Níl aon cheist ach gur mó i bhfad é an líon daoine a ghlacann leis an méid a chloiseann siad ó dhaoine eile ná iadsan a chruinníonn a gcuid smaointe dóibh féin agus a thagann ar bhreith dá réir.
B'shin rud a rith liom go háirithe le déanaí agus mé ag faire ar léirsiú ar mhaithe le cúis éigin ar shráideanna na cathrach seo. "What do we want!" "When do we want it!" "When will we get it!"
Scairt leanúnach leanbaí gan smaoineamh - brúigh an cnaipe agus tiocfaidh an freagra!
Minic mé ag fiafraí díom féin an bhfuil cumas na smaointeoireachta caillte againn.
Má tá, cad is cúis leis sin?
An córas oideachais? An teilifís?
Na nuachtáin? An leisce?
Nó an é go bhfuilimid sásta nach fiú dúinn an smaoineamh a dhéanamh mar go mbeidh rith an ráis ar aon chuma leosan is mó tionchair, nó b'fhéidir gur chirte a rá leosan is mó airgid?
Ba chuma ach go bhfuil an cheannaireacht tearc go leor inár measc i láthair na huaire.
Níl sí ar fáil ó na polaiteoirí, ná ó lucht na gceardchumann, ná ó na heaglaisí ná, go deimhin, ó cheann ar bith eile de na foinsí go bhféachtaí orthu tráth mar threoraithe nádúrtha an phobail.
Agus tá géarghá leis an gceannasaíocht láidir anois díreach agus an iliomad san deacrachtaí le réiteach sa tír - ná ní léir go mbeidh san ar fáil go luath ach chomh beag.
Go deimhin, is ceist le háireamh í cé chomh fada is atá sé ó bhí cinnire nó treoraí againn go raibh fíormhuinín ag an bpobal mór as agus go raibh an tarraingt agus an éifeacht ann leis an muinín sin a thuilleamh.
Agus de na fadhbanna atá le réiteach againn sin í an ceann is mó, dar liom.