BEOCHEIST:NÍ BHÍONN tuirse orm i Nua Eabhrac. Tá spleodar sa chathair a choimeádann sa tsiúl thú de ló is d'oíche. Níl deis don mhaolú, don mhoilliú ná don bhogshodar. Le cloisint i bhfuadar na cathrach, tá rithimí éagsúla in iomaíocht lena chéile...
Diaidh ar ndiaidh, chuireas aithne ar rithimí na cathrach. Chuaigh tormán na traenach faoi thalamh i bhfeidhm orm. D'fhoghlaimíos patrún na soilse tráchta agus deabhadh orm. Chuaigh tuin na cainte agus ceol an ráistreachais i gcionn orm maraon rithim na dteangacha éagsúla.
Is é jazz an ceol a sheineann Nua Eabhrac agus is é a bhí mar fhuaimrian agam i bliana. N'fheadar mé ar uairibh, an mise a bhí ar a thóir, nó arbh é an snagcheol a bhí dom' leanúint.
Is cinnte gur lorgaíos é ar dtús nuair a bhuaileas fúm thall mí Lúnasa seo caite. Is cuimhin liom beirt chara a tharraingt liom trí shráideanna taise Harlem. Ní rabhadar buíoch díom agus sinn á scolladh faoin ngrian. Bhíomar ar thóir féile Charlie Parker a bhí ar siúl i bPáirc Marcus Garvey. D'aimsíomar an áit ar deireadh, an triúr againn báite in allas, ach bhíosa faoi gheasa ag a gcuala mé.
Beidh a fhios ag léitheoirí rialta gur in Harlem féin a chuirim fúm, ar Sráid 130ú le bheith cruinn. I measc na gcomharsan atá agam, tá snagcheoltóir. Gabhaim tharais ar mo shlí chun na traenach, is faighim steall beag binn den troimpéad.
Sa cheantar céanna, tá ceann de na háiteanna is fearr liom sa chathair: St Nick's Pub. Tá sé ar Shráid 149ú agus Ascaill San Nioclás, mar eolas daoibhse a mbeadh spéis agaibh.
Is iomaí oíche a chaitheas ann ag éisteacht le togha an cheoil á sheinnt ag óg is aosta, gorm, geal is buí. Muintir na háite is mó a bhíonn i láthair, iad ag gríosadh agus ag moladh na gceoltóirí le fonn.
Is fiú cuairt a thabhairt ar an ngairdín ar cúl freisin, (má tá an misneach agat!) go háirithe agus tráthnónta meirbhe an tsamhraidh buailte linn.
Tá atmaisféar den chéad scoth in St. Nick's; ní bhfaighfeá fáilte níos croíúla in áit ar bith eile ar oileán Manhattan. Go simplí, tá an áit ag cur thar maoill le sprid.
Téim go clubanna snagcheoil eile ó am go chéile ach is mór idir iad agus St. Nick's. Thart ar Ollscoil Columbia nó sa West Village is daoine geala go príomha a bhíonn ag seinnt agus ag éisteacht. Buíon intleachtóirí a bhíonn i láthair sna háiteanna seo. Spéaclaí agus hataí oiriúnacha á gcaitheamh acu, iad ina scigphictiúirí i ngan fhios dóibh féin.
Ní bhíonn focal as an lucht féachana ach iad ar tinneal, a gciúnas mar chomhartha urraime do na ceoltóirí. Adhradh gleoiréiseach a bhíonn i gceist in Harlem, is cuma an drumadóir nó Dia atá á mholadh.
Éiríonn le jazz ceol a chur le hanam Nua Eabhrac. Tá an rithim luasach ag teacht le síorfhuadar na cathrach. Cuireann teacht i réim na ngaothuirlisí na foirgnimh arda i gcuimhne duit. Oíche Dé Sathairn bhíos ag rith thart ar Union Square ar nós gealt agus Miles sna cluasáin agam ag mealladh mire milis lena cheol binn.
Bhíos ar thóir buidéal fíona is an traein go cóisir i mBrooklyn agus bhí sé le braistint san aer go bhféadfadh rud ar bith titim amach sa chathair seo. Cad eile a d'oireadh d'fhuinneamh mearaí Nua Eabhrac ach snagcheol?
Faoi láthair, tá Nua Eabhrac ar fiuchadh; tá teas ag éirí ó na cosáin. Tá an ghrian á dalladh féin ar fhuinneoga. Tá boladh rubair dóite faoi thalamh sna stáisiúin traenach.
Cuireann an boladh seo mo chéad laetheanta sa chathair i gcuimhne dom, nuair a shroich mé an samhradh seo caite. Táim ar tí imeacht - go drogallach! - ach is sásúil an chríoch í.
Braithim go raibh an t-ádh orm maireachtaint i Meiriceá, i mbliana ach go háirithe. Tar éis blianta lagmhisniúla na Sceiche, tá athrú san aer ar deireadh. De réir mar a ghnóthaigh Obama níos mó agus níos mó tacaíochta, spreagadh meanma agus misneach na ndaoine. Tá deireadh le mo ré i Nua Eabhrac ach tá ré nua á thosú i Meiriceá.
An gcloiseann tú Gershwin..?