Bord ur ar ball

Tháinig deireadh le téarma trí bliana Bhord na Leabhar Gaeilge ar 31ú Nollaig 2004, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide…

Tháinig deireadh le téarma trí bliana Bhord na Leabhar Gaeilge ar 31ú Nollaig 2004, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is í an tAire Máire Ní Chochláin a cheap an bord sin, ar a raibh seisear ban agus cúigear fear. Chuir an cathaoirleach, Vivian Uíbh Eachach, agus triúr eile in iúl don Aire, Éamon Ó Cuív, i mí na Nollag nach raibh sé i gceist acu leanúint ar aghaidh.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh baill nua ceaptha ach go raibh an tAire ag fanacht le freagra ó chúpla duine sula bhfógródh sé iad. Dúirt sé nach mbeadh an mhoill chéanna trí mhí ann agus a bhí nuair a tháinig deireadh le téarma an bhoird roimhe sin.

Tuigtear go raibh foilsitheoirí áirithe ag déanamh stocaireachta ar oifig an Aire chun líon na gcomhaltaí a laghdú agus an maoiniú agus an fhoireann oibre a mhéadú. Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh "cuid" de na seanbhaill ar an bhord nua.

READ MORE

Rinne an bord deiridh tréaniarracht aird na bhfoilsitheoirí Gaeilge a dhíriú ar mhargaíocht. Chuir an t-iarchathaoirleach, Vivian Uíbh Eachach, síos ar an ghá a bhí ag foilsitheoirí "an margadh a bhfuiltear ag díriú air a aithint roimh ré" i dtuarascáil an bhoird don bhliain 2004. Bhí gá ann go minic "an margadh sin a thógaint ó bhonn i dtosach" .

Luaigh sé a raibh déanta le margadh na bhFoghlaimeoirí Fásta agus margadh na ndéagóirí óga a fhorbairt agus le tús a chur le "beart fónta raidiciúil sa mhargadh léitheoirí do chailíní 12-16 bliain d'aois, margadh atá an-bheo i dteangacha eile".

Agus é ag caint le Tuarascáil, dúirt Uíbh Eachach gur aithin an bord go raibh margadh mór ann i dteangacha eile don aoisghrúpa seo. Cuireadh ciste airgid - "suim substaintiúil" - ar bun chun an beart a chur i gcrích ag cruinniú deiridh, a dúirt sé.

Cuid den bheart seo b'ea tacaíocht a thabhairt d'iris nua-aimseartha do chailíní nó mhná óga, ag súil dá mbeadh nós na léitheoireachta Gaeilge cothaithe acu go leanfaidís ag lorg ábhar léitheoireachta i nGaeilge. Tá súil ag Uíbh Eachach go leanfaidh an bord nua ar aghaidh leis an bheartas seo: "Is mithid freisin d'fhoilsitheoirí an cheist a chur orthu féin an é gnó an fhoilsitheora an t-ábhar a theastaíonn ón phobal a sholáthar nó insint don phobal an t-ábhar atá uathu."