TÁ BORRADH faoi líon na ndaoine atá ag foghlaim Gaeilge thar sáile. Den chéad uair riamh, beidh scrúduithe do Theastas Eorpach na Gaeilge – cúrsa cuimsitheach teanga atá dírithe ar fhoghlaimeoirí – ar siúl i gCambridge, Sasana, agus i Nua Eabhrac.
Faoi láthair, is i bPáras agus i bPrág a bhíonn scrúdú an teastais ar siúl taobh amuigh d’Éirinn. Anuraidh, rinne beagnach 500 foghlaimeoir fásta scrúduithe an teastais in Éirinn, sa Fhrainc agus i bPoblacht na Seice.
Is é Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, atá freagrach as an chúrsa. Dúirt comhordaitheoir Gaeilge an ionaid, Aisling Ní Bheacháin, go raibh córas TEG in úsáid go forleathan.
Bhí an teastas á theagasc i St. Paul, Minnesota, i Montreal, in Aithin na Gréige agus i Varese na hIodáile cheana féin. Ní féidir le mic léinn sna hionaid sin an scrúdú a dhéanamh. Mar sin féin, léirigh a líon spéis sa teanga agus an meas a bhí uirthi go hidirnáisiúnta, a dúirt Ní Bheacháin.
Dúirt Kaarine Hollo ó ollscoil Cambridge go raibh an teanga á teagasc ar an ollscoil le trí bliana “gan aitheantas ar bith ar fáil do na mic léinn”. Bhí súil aici go dtiocfadh “méadú ar líon na mac léinn Gaeilge anseo anois, agus teastas den chaighdeán ard seo ar fáil”.
Dúirt Hilary Mhic Suibhne ó Ollscoil Nua Eabhrac (NYU) go raibh “an-suim” ag pobal na Stát Aontaithe sa teanga agus go raibh an ollscoil an-sásta an scrúdú a chur ar fáil.
Beidh scrúduithe TEG ar siúl mí Aibreáin agus mí na Bealtaine.
Fiontar Idirlín
TÁ AN Ciste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann ar lorg iarratas le nuacht laethúil/cúrsaí reatha/ábhar ealaíon a chur ar fáil i nGaeilge ar láithreán gréasáin.
Dúirt ceannasaí an chiste, Áine Walsh, go raibh siad ag iarraidh "ábhar físiúil ar bhonn laethúil". Míreanna a mhairfeadh idir trí agus cúig nóiméad a bhí i gceist agus níor ghá "go mbeadh siad rófhada".
Ba den riachtanas, ámh, píosa nua a chur ar líne seacht lá na seachtaine. "Cineál seirbhís teilifíse ar líne," a bhí ar intinn acu a dúirt sí agus ba chóir go mbeadh an t-ábhar dírithe ar lucht na Gaeilge sa Tuaisceart.
Beidh an ciste ag cur buiséid £130,000 ar fáil don scéim phíolótach bliana agus ba mhaith leo go mbeadh an suíomh beo Meitheamh na bliana seo.
Dráma Mhacha
BEIDH AN 75ú Féile Uladh den Chumann Scoildrámaíochta in Amharclann Ionad an Mhargaidh, Ard Mhacha, Dé hAoine agus Dé Sathairn.
Dúirt bainisteoir Ghael-Linn in Ard Mhacha, Réamonn Ó Ciaráin, gur "ócáid speisialta" a bhí sa chomórtas. Glacann tuairim is 10,000 dalta bunscoile agus meánscoile páirt sna féilte áitiúla ar fud na tíre agus fuair 21 dráma ainmniúchán d'Fhéile Uladh.
Chuir sé fáilte roimh dhaoine teacht agus amharc ar an chéad ghlúin nua d'aisteoirí: "Tá amharclann ghalánta againn in Ard Mhacha agus ba mhaith é dá mbeadh lucht éisteachta mór i láthair ag gach seisiún d'Fhéile Uladh le fáilte ar leith a chur roimh na haisteoirí óga bríomhara seo ó scoileanna ar fud an chúige."
Dlítheangeolaí
Á Óstaí an Rí, i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) ag reáchtáil cúrsa ullmhúcháin do dhlítheangeolaithe.
Anois ó tá stádas mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ag an Ghaeilge, tá institiúidí na hEorpa ag earcú daoine sa réimse seo. "Caithfidh ardleibhéal scileanna Gaeilge bheith acu," a dúirt stiúrthóir Ghaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill.
Chuige sin an cúrsa lánaimseartha seo atá dírithe ar dhaoine a bhfuil céim dlí nó cáilíocht ghairmiúil dlí acu (BL nó Solr), mar aon le caighdeán maith Gaeilge labhartha agus scríofa.
Beidh ar gach iarrthóir dul faoi thástáil teanga agus cuirfear torthaí na tástála seo san áireamh agus áiteanna ar an chúrsa á mbronnadh, a dúirt Ó Dónaill.
Níor chaill Kyle
IS BEAG eolas atá ag an cholúnaí seo ar chúrsaí rugbaí. Bíodh sin mar atá, bhí sé dodhéanta éalú ar na hailt ar fad a bhain leis an ábhar le cúpla seachtain anuas agus Éire ag tabhairt aghaidh ar an Bhreatain Bhig i gcomórtas na Sé Náisiún.
Rinne go leor tráchtairí caint ar fhoireann rugbaí na hÉireann in 1948, an fhoireann dheireanach a bhain Grand Slam agus ar na peileadóirí mór le rá a d'imir an lá sin. Ar na daoine sin, bhí Jack Kyle agus tá sé faoi agallamh ar eagrán reatha Foinse.
Agus an ceannlíne?: "Níor Kyle fear an mhisnigh riamh é."
Bí ag caint ar chliste.
Aistí Uí Dhoibhlin
IS MÓR an pléisiúr i gcónaí é cnuasach nua aistí le Breandán Ó Doibhlin a fheiceáil i gcló. Is é Aistí Critice agus Cultúir III (Coiscéim, €10) a leabhar is nuaí agus is léir go bhfuil daoine á cheannach go fonnmhar. Bhí ormsa an dara cuairt a thabhairt ar shiopa na leabhar nó bhí na cóipeanna a bhí acu uilig díolta.
Mar is dual don Doibhlineach, réimse leathan ábhair atá faoi chaibidil aige: cultúr agus creideamh; saothar Mháirtín Uí Chadhain; cúrsaí intleachtúla na linne; an Eoraip agus ár bpáirt inti agus cúrsaí aistriúcháin.
Fágfaidh mé an focal scoir faoin údar féin:
"Ar deireadh thiar thall, is é sin is féiniúlacht ann, nó cultúr Gaelach, an rún daingean chun maireachtáil beo, chun an bua a bhreith ar fhórsaí an mhillte agus an bháis, ar chreimeadh an ama agus ar fheidhmeannaigh sin an bháis: an urchóid, an foréigean agus an daorsmacht."
Seachtain is bliain
IS IOMAÍ tráchtas léannta a scríobh fealsúna faoi chúrsaí ama. Seans mór go dtabharfaidh siad faoin tuigse atá ag Éireannaigh ar chúrsaí ama amach anseo.
Tá deireadh anois le Seachtain na Gaeilge – seachtain nach seachtain ach coicís. Caithfidh mé a admháil gur chuir sé mearbhall orm bheith ag éisteacht leis na míreanna beaga i nGaeilge ar RTÉ agus mé ag fanacht le mo chuid péas-sheónna.
Rinne mé dearmad go raibh Gaeilge in ainm is a bheith ar an stáisiún agus is fada, fada, fada, ó chonaic mé clár Gaeilge ar RTÉ. Tá a fhios agam go mbíonn cláir Ghaeilge acu ach ní thiocfadh liom iad a ainmniú.
Á, bhuel, sin deireadh anois leis an tseachtain nach seachtain. Seo chugainn Bliain an Bhéarla ar RTÉ – an bhliain ar bliain gan cheist.
Focloir
aitheantasrecognition
bainisteoirmanager
cúrsa ullmhúcháinpreparative course
daorsmachtoppression
dlítheangeolaílawyer-linguist
fealsamhphilosopher
foréigeanviolence
iarrthóircandidate
intleachtúilintellectual
misneachcourage
teastascertificate
tráchtasthesis
urchóidiniquity