Beocheist: Bhí beirt réasúnta óg ag siúl romham as Amharclann na Mainistreach tar éis an léirithe de She Stoops to Conquer le hOilibhéar Goldsmith. "Typically Irish," adúirt sise.
"Definitely!" a d'fhreagair seisean. Don dráma a bhí siad ag tagairt, is dócha, mar ní fhacasa gur bhain aon ní go bhféadfaí a leithéid sin de lipéad a chur air, gur bhain aon ní, adeirim, leis an lucht freastail (ar chuairteoirí a bhformhór, im thuairimse), nó leis an léiriú, nó leis an bhfoirgneamh - nó, go deimhin, leis an gcaife a bhí ar díol ag an sos.
Ar ndóigh, ní dócha go raibh mórán eolais ag an mbeirt ar Goldsmith, seachas a raibh le léamh ar chlár an léirithe, mar ba chuairteoirí ó Shasana iad, má ba aon chruthú í an tuin chainte a bhí acu. Ní thuigfeadh siadsan gur bheag é an teideal a bhí ag Noll bocht go ngairmfí "Éireannach cruthanta" de; ná ní thuigfidís ach an oiread gur chaith an t-ainniseoir tamall nár ghearr dá shaol - agus méid nár bheag dá shaothar - ag iarraidh a chur ina luí orthusan a shíolraigh ar an taobh thall den Mhuir Mheann go raibh sé ar aon chéim chumais agus uaisleachta leo, murar bhfearr ná san fós é.
Ach chuir an chaint a d'airíos ag smaoineamh mé ar cad iad go díreach na tréithe as a n-aithníonn na heachtrannaigh muintir na tíre seo, agus go deimhin an tír féin, an lá atá inniu ann. Ní thuirsíonn lucht na turasóireachta riamh de bheith á dhearbhú ina gcuid bróisiúr go bhfuilimid fáilteach carthanach fial. Is cosúil gur mhar sin dúinn tráth ar aon nós, ach tá mé beagáinín in amhras nach amhlaidh dúinn anois. Tá tuairim agam nach n-aontódh na dídeanaithe a thagann chugainn ag lorg tearmainn agus tacaíochta le lucht na mbróisiúr i gcónaí.
Agus b'fhéidir go mbeadh focal nó dhó faoin scéal le rá ag na cuairteoirí go ngearrtar an costas is airde orthu ar an earraí is suaraí. Bheadh tuairim dá gcuid féin, chomh maith, ag an dream san dár muintir féin go bhfuil sé de mhí-ádh orthu a bheith gan teach gan foscadh agus go minic gan an crústa féin le cur ina ngob acu.
Maítear fúinn freisin, ar ndóigh, go bhfuilimid béasach cúirtéiseach agus tuisceanach. Bhuel, bhíos i siopa mór sa chathair le déanaí...ach cad is fiú leanúint...ní beag duine orainn nár tharla a leithéid céanna dósan chomh maith...ná ní sna siopaí amháin, ach sna bainc, ar na busanna, go deimhin ar an tsráid mhór féin is an saol agus a mháthair ag gabháil thart.
Mé féin, níl luí dá laghad agam leis an tiomáint a thuilleadh, de dheasca na mbodach a bhíonn ag séideadh na hadhairce liom is ag caitheamh mallachtaí liom ar an gcúis amháin go mbím ag iarraidh gluaiseacht de réir an dlí agus fanacht taobh istigh den teorainn luais atá leagtha síos. Más béasaíocht agus cúirtéis é sin, tá mé ag teacht go hiomlán le lucht na mbróisiúr.
Agus, gan amhras, táimid tugtha don ghreann - nach léirímid sin go minic agus sinn ag "canadh" is ag cadráil is a béicíl taobh amuigh de na tithe tábhairne go déanach san oíche? An tógtha orainne é má tá daoine eile sna tithe sa chomharsanacht ag iarraidh néal codlata a mhealladh chucu féin, nó go deimhin daoine atá go dona tinn?
Ní mian linne cur isteach ar aon duine agus níl nimh ar bith ina bhfuil ar siúl againn. Chaitheas tamall im chónaí ar an mór-roinn agus d'aithníodh muintir na háite na hÉireannaigh as an bhfothrom agus as an raic a bhíodh á dtógáil acu an uair go mbíodh triúr nó ceathrar díobh i gcomhluadar a chéile - agus bhíodh siad ag gearán liom faoi. Ar ndóigh, nach millteanach contráilte an dream iad na heachtrannaigh san!
Ar éigean nár dhearmad liom an t-aer glan agus an timpeallacht úr atá againn. Nuair a bhíonn an t-am agam chuige ní mór dom a iarraidh ar na saineolaithe turas a eagrú dom chuig na háiteanna ina bhfuil an úire agus an ghlaine le blaiseadh - ní heol domsa mórán de na háiteanna céanna, bíodh siad sa chathair nó faoin tuath.
Agus ní mór dom a iarraidh orthu an turas a eagrú ar na bóithre ciúine gan mórán tráchta san a bhíonn i gceist acu - is dócha gurb iadsan na bóithre nach mbíonn in úsáid ag tiománaithe mire d'fhonn iad féin agus daoine eile a mharú.
Nuair a bhíos óg bhí dán beag sa leabhar léitheoireachta a bhí sa scoil againn. Thosaíodh sé mar seo: "Is Gael mise agus mise im Ghael agus ní heol dom gur náire dom é."
Ní rithfeadh an dán chomh maith céanna dá gcuirfí 'Éireannach' in áit 'Gael', agus tá mé á cheapadh go mbeadh an bhréag sa dán dá ndéanfaí san, ar aon nós.