Bua an Phiarsaigh

IS É an tEaspag Dónall Caird buaiteoir Ghradam an Phiarsaigh i mbliana, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

IS É an tEaspag Dónall Caird buaiteoir Ghradam an Phiarsaigh i mbliana, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Faraor, ní raibh ar chumas an easpaig bheith i láthair ag an ócáid a eagraíodh ina onóir i gCultúrlann Chomhaltas Cheoltóirí, Baile Átha Cliath, Déardaoin seo caite, siocair é bheith san ospidéal.

Is í a bhean, Nancy, a ghlac dealbh an Phiarsaigh thar a chionn ó Aire na Gaeltachta, Pat Carey. Ag labhairt i mBéarla dúirt sí gur mhór an onóir dá fear céile an gradam a fháil agus gur chúis mhór aiféala aige nach bhféadfadh sé bheith i láthair.

Léigh Aonghus Dwane, Coláiste na Tríonóide, atá ag scríobh bheathaisnéis an Easpaig Caird, caint a bhí ullamh ag an easpag sular leagadh tinn é. Sa chaint sin dúirt Caird gur bheag suim a bhí aige sa Ghaeilge go dtí tús na 1940í nuair a mhol cara dá athair é a chur go Gaeltacht Chorca Dhuibhne. Is ann a chuir sé aithne ar Pheig Sayers agus ar mhuintir Ghaoithín, Seán, Muiris agus Máire.

READ MORE

Agus é ar Choláiste na Tríonóide rinne sé staidéar ar theangacha seimiteacha agus ar an Ghaeilge agus bíodh is go raibh dearmad déanta aige ar na teangacha seimiteacha, ar sé: “Ta rian na Gaeilge i mo mheabhair agus i mo chroí.”

Bronntar Gradam an Phiarsaigh gach bliain ar dhuine a mheastar bheith dílis le linn a s(h)aoil d’fhís an Phiarsaigh. Coiste neamhspleách a roghnaíonn é nó í as liosta ainmneacha a chuireann na heagrais Ghaeilge agus eagrais náisiúnta eile faoina bhráid.

Ó oirníodh Dónall Caird ina shagart i 1951 bhí páirt nár bheag aige i gcur chun cinn na Gaeilge in Eaglais na hÉireann. Ceiliúrann sé an Eocairist i nGaeilge in Ardteampall Chríost do Chumann Gaelach na hEaglaise go tráthrialta, agus bíonn mar phríomhcheiliúraí gach bliain ag an tSeirbhís Idirchreidmheach Ghaeilge do Sheachtain na hAontachta Críostaí, a eagraíonn Cumann Gaelach na hEaglaise agus Pobal an Aifrinn.

Sna 1970idí, agus é ina easpag i Luimneach bhíodh seirbhísí Gaeilge á reáchtáil aige sa samhradh i Séipéal Chill Maoilchéadair, agus bhíodh Seán Ó Riada agus Cór Chúil Aodha rannpháirteach go minic. Is é an 30ú duine chun Gradam an Phiarsaigh a fháil agus an chéad easpag.