Cá bhfuil an teaspach?

Beocheist: Tháinig an fear seo chun an dorais chugainn oíche le déanaí agus é ag stocaireacht ar mhaithe le cara leis a bhí …

Beocheist: Tháinig an fear seo chun an dorais chugainn oíche le déanaí agus é ag stocaireacht ar mhaithe le cara leis a bhí ina iarrthóir sa toghchán. Agus, a deir tú?

Trí mheán na Gaeilge a thosaigh an fear macánta ar a chuid oibre a dhéanamh. Is dócha go bhfaca sé an fógra atá ar an doras againn á rá go bhfáiltímid roimh an nGaeilge is gur cheap sé gur mhó an seans a bheadh aige vóta nó dhó a mhealladh uainn dá mbainfeadh sé úsáid as focal nó dhó sa teanga sin.

Ach nuair a chuireamar ceist air faoin bpolasaí a bhí ag a pháirtí i leith na Gaeilge chas sé ar an mBéarla agus dhearbhaigh go raibh an páirtí lán i bhfábhar gach aon iarrachta leis an teanga a chur chun cinn. Níor chuaigh sé thairis sin, ach lean ar aghaidh ag míniú dúinn faoina ndéanfadh an páirtí maidir leis na nithe go léir a bhí ina gcúis bhuairimh do phobal ár gceantair-ne. Ní raibh an Ghaeilge ina measc san, ba chosúil, mar in ainneoin ár ndíchill chuaigh dínn é a chasadh ar ais ar an gceist sin.

Agus mé ag smaoineamh siar ar an gcuairteoir san, tá mé tagtha ar an tuairim gurb í fírinne an scéil ná nach bhfuil vótaí sa Ghaeilge a thuilleadh. Dá mbeadh, beag an baol nach mbeadh "dearcadh" ag gach iarrthóir agus polasaí ag gach aon pháirtí maidir le slánú na teanga. Agus bheadh san á fhógairt acu go hard is go leanúnach, faoi mar ba ghnás leis na páirtithe go léir ó bunaíodh an Stát.

READ MORE

Níor ghá, b'fhéidir, go mbeidís i ndáiríre faoin bpolasaí, ach níorbh fholáir dóibh an "polasaí" bheith acu mura rabhadar leis an mbuntáiste a scaoileadh leis na páirtithe eile sa toghchán.

Is í mo thuairim féin ná go mbíodh saghas eagla ar na polaiteoirí roimh lucht na Gaeilge agus iad á cheapadh go raibh fíormhuintir na Gaeilge i bhfad ní ba líonmhaire agus i bhfad ní ba chumhachtaí ná mar a bhí siad i ndáiríre.

Seans gur tuairim an-chiniciúil í sin agus go raibh mianach agus idéalachas sna polaiteoirí an uair úd nach léir iontu anois ach ní mór dúinn a chuimhneamh go mbímis lucht na Gaeilge an-ghlórach is an-challánach sna laethanta san agus nach scaoilimis deis tharainn riamh leis an agóid a dhéanamh agus le clisiam a chothú.

Táim ag caint ar an uair go mbíodh Craobh na hAiséirí i mbarr a réime, mar shampla, agus Glúin na Buaidhe ina diaidh - agus Comhchoiste na bPréimhín ar ball - agus iad ag máirseáil agus ag léirsiú agus ag eagrú cruinnithe-cois-cúinne d'fhonn ceist na teanga a choimeád os comhair aigne na ndaoine agus a thabhairt ar an súile dóibh an tubaiste a bheadh ann dá bhfaighfeadh an teanga bás.

Ní léir, domsa ar aon chuma, go bhfuil an cineál san díograise ionainne Gaeilgeoirí anois, sa mhéid is nach bhfuilimid chomh tugtha céanna dár ndearcadh a bhrú go fuinniúil fuaimneach leanúnach os comhair an tsaoil.

Ceart, táimid sásta an fód a sheasamh nuair a fheicimid an chéim síos á tabhairt don teanga, ach nuair atá an baol thart (nó an cluiche caillte againn) síothlaímid athuair agus fágaimid an scéal amhlaidh.

Bhíos as an tír an uair go raibh an mháirseáil sa phríomhchathair faoin stádas a bheadh ag an nGaeilge san Aontas Eorpach ach dúirt cara liom gur mháirseáil suairc dea-araíonach a bhí inti agus gur bhain gach duine an-sult as an ócáid. Ar ndóigh, ní ar mhaithe leis an spraoi a eagraíodh an mháirseáil ach d'fhonn éileamh a dhéanamh go ndáilfí a ceart don teanga agus dóibh sin atá ag iarraidh í a thabhairt slán mar theanga labhartha sa tír seo.

Nílim á rá gur ceadmhach d'aon duine dul thar fóir riamh ach nuair a bhíonn éileamh á dhéanamh ní foláir go dtuigfeadh na húdaráis go bhfuil lucht a dhéanta lán i ndáiríre faoi.

Bhínn sa Bhruiséil sna 1970í agus sna 1980í nuair a bhíodh na feirmeoirí ag léirsiú go rialta agus ní fhágaidís san ceist ar aon duine ach nach staonfaidís go dtí go ngéillfí dóibh an méid a bhí á lorg acu. Ar ndóigh, ní hionann cás dúinne Gaeilgeoirí, mar níl aon chumhacht gheilleagrach againne; táimid ag brath ar thréith atá cuid mhaith as an bhfaisean i measc ár gcinnirí an lá atá inniu ann - an tuiscint don oidhreacht a fuaireamar ónár sinsir atá i gceist agam.

Agus is é a chiallaíonn sin domsa ná gur mhó dá réir é an iarracht is gá dúinn a dhéanamh lenár gcás a chur os comhair an phobail mhóir agus leanúint leis an iarracht sin go dtí go mbíonn toradh air.

Nílimse chomh dóchasach le daoine eile, faraor, go mairfidh an Ghaeilge mar theanga labhartha thar ghlúin nó dhó eile ach ar ghrá Dé agus sin é an fáth go bhfeicim an gá leis an mbeart láidir gan staonadh.