Tá leabhrán luachmhar scríofa ag John Walsh, An teanga, an cultúr agus an fhorbairt: cás na Gaeilge agus cás na hÉireann, saothar ina dtugann sé léirmheas ar dhíospóireachtaí polaitiúla stairiúla a bhaineann leis an Ghaeilge agus le forbairt na socheacnamaíochta, is é sin, na fórsaí airgeadais agus sóisialta a mhúnlaíonn an tsochaí ina maireann an pobal.
Éiríonn le Walsh, léachtóir ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ábhar casta a dhéanamh intuigthe. Tugann sé cur síos gairid ar roinnt de na daoine agus eagraíochtaí is mó a raibh lámh acu i gcur chun cinn na Gaeilge mar chuid d'fhéiniúlacht na tíre. Scrúdaíonn Walsh a raibh le rá ag macasamhail Thomáis Dháibhis, Dhúbhghlais de hÍde, D.P Moran, gan ach triúr a lua, ar cheist na teanga agus na forbartha. Tá sé le moladh as achoimre chomh heolach sin a thabhairt ar a gcuid smaointe sa dóigh is go dtuigeann an léitheoir comhthéacs stairiúil na ceiste.
Is é croí théis Walsh gur gá an teanga agus forbairt shocheacnamaíoch a nascadh le chéile ar bhealach nach ndearnadh riamh roimhe: "In Éirinn, is fada polasaithe pleanála teanga agus polasaithe forbartha á gcur i gcrích beag beann ar a chéile. Léiriú gléineach air sin é a laghad tagairtí don Ghaeilge atá sa Phlean Forbartha Náisiúnta ... nó sa Straitéis Spásúil Náisiúnta, dhá cháipéis ar cnámh droma pholasaí forbartha an Stáit faoi láthair iad."
Ní gan chúis mhaith a tharlaíonn a leithéid. Creideann Walsh gur féidir linn an fhaillí sin a aimsiú sna struchtúir intleachtúla a fágadh le huacht againn: "De dheasca fhorlámhas an Bhéarla in Éirinn, i measc tosca stairiúla eile, táimid le fada faoi thionchar peirspictíochtaí ó thíortha eile ina labhraítear Béarla. Go stairiúil, tháinig cuid mhór d'fhoirne socheolaíochta agus eacnamaíochta na n-ollscoileanna agus na hInstitiúide Eacnamaíoch agus Sóisialta ón mBreatain agus ó na Stáit Aontaithe."
Ní ghéilleann sé don lagmhisneach, ámh. Molann sé straitéisí ar leith don teanga agus tuigse nua ar cad is forbairt ann. Ba cheart go n-aithneodh an Plean Náisiúnta Forbartha go bhfuil "ról ar leith ag an nGaeilge i bhforbairt socheacnamaíochta na hÉireann".
Dá réir sin, ba ghá aitheantas a thabhairt d'eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta sa phlean, go háitiúil agus go náisiúnta, agus maoiniú a chur ar fáil "chun comhstruchtúr nua comhordaithe náisiúnta a bhunú don fhorbairt socheacnamaíochta agus don Ghaeilge..."
Bheadh eagrais ar nós Údarás na Gaeltachta, Fhoras na Gaeilge, Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gceist sa struchtúr nua agus fúthu a bheadh sé tograí a chomhordú, taighde a dhéanamh agus pleanáil teanga a chur i gcrích.
Creideann Walsh nach "cuí a thuilleadh straitéis na déantúsaíochta" atá ag Údarás na Gaeltachta agus gur ghá ról an Údaráis a athscrúdú le go mbeadh páirt lárnach acu sa Phlean Náisiúnta Forbartha. D'fhéadfaí "cumhachtaí suntasacha pleanála" a thabhairt dóibh i ndúil is go dtreiseofaí "go mór an nasc idir an Ghaeilge agus an fhorbairt socheacnamaíochta sa Ghaeltacht."
Molann Walsh ceann a chur ar dhíospóireacht nua náisiúnta faoi cad is forbairt ann agus eolas a chur ar fail - ón bhunscoil go dtí an ollscoil - ar chúrsaí teanga agus cultúir. Ar an dóigh sin amháin a dhéanfar athmhachnamh ó bhonn ar spriocanna comhaimseartha.
"Ní cúram simplí ná éadrom a bheadh i gceist leis sin go léir thuas. Is cinnte go dteastódh machnamh, dua agus cur le chéile idir iliomad eagras agus geallsealbhóirí ó cheann ceann na tíre chun é a bhaint amach. Ach b'fhiú go mór tabhairt faoi bheartas radacach mar sin; dá n-éireodh leis an iarracht, nascfaí an Ghaeilge ar bhealach sofheicthe, praiticiúil, inláimhsithe leis an bpróiseas forbartha sóisialta agus eacnamaíochta, próiseas a bhfuil tionchar aige ar gach duine, agus a bhfuil gach duine páirteach ann," a scríobhann sé. Is maith go bhfuil Walsh againn leis sin a chur in iúl dúinn.