TUARASCAIL:"A UACHTARÁIN agus a chairde," a dúirt banríon na Breataine, Éilís II, agus í ag cur ceann ar óráid phoiblí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. "Wow!" a dúirt Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, agus í ina suí in aice na banríona.
Ní raibh bean Bhéal Feirste – ná mórán eile – ag súil go mbeadh “an cúpla focal” féin ag ceann stáit na Breataine agus ní dóigh liom go bhfuil alt rúnda ar bith in Acht na dTeangacha Oifigiúla a thug uirthi an chéad teanga oifigiúil a labhairt go poiblí.
Más “wow!” a bhí ag an Uachtarán, nach cinnte gur “whoopee!” a rith leis na heagrais Ghaeilge. Bí ag caint ar dheis nua margaíochta. Is beag Gaeilge ar chor ar bith a bhí ag an Uachtarán féin go dtí gur thosaigh sí a fhreastal ar chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall.
Anois ó tá Gaeilge mhaith ag an Uachtarán, tig linn bheith ag súil leis go dtapóidh lucht Oideas Gael an seans cúrsa san Uas-Ghaeilge a reáchtáil. Ná bac na canúintí eile – cuirimis fáilte roimh an Chanúint Ríoga agus aistritheoirí na teanga ar a ndícheall ag aistriú “Och, och, mo mhadadh bocht” go “Och, och, mo corgi bocht.”
Agus tá súil agam go mbeidh Conradh na Gaeilge i dteagmháil le hÉilís II le fáinne airgid a thabhairt di as an teanga a úsáid. Caithfidh na heagrais foghlaimeoirí a mholadh i gcónaí, nach gcaithfidh?
Cá bhfios nach mbuailfeá féin léi am éigin sa Ghaeltacht amach anseo agus nach n-aithneofá go raibh fonn uirthi an teanga a úsáid arís? Agus an bhfuil aon seans go dtiocfadh leis an Chonradh craobh Phálás Windsor a bhunú?
Ach bíodh is go bhfuil mórán daoine sásta gur bhain Éilís II úsáid as Gaeilge, tá mórán eile ann nach bhfuil. Smaoinigh, mar shampla, ar na West Brits bochta – “They haven’t gone away, you know!” – a bhfuil a saol caite acu ag caitheamh anuas ar an Ghaeilge.
Caithfidh sé gur tromluí uafásach atá ann dóibh fáil amach nach bhfuil gráin ag Éilís ar an teanga mar atá acu féin. Conas litir a chur chun na nuachtán feasta faoi mhí-éifeacht agus chostas na teanga agus gach Gaeilgeoir glic in Éirinn réidh le scríobh: “Má tá an Ghaeilge ceart go leor ag banríon Shasana, ba cheart go mbeadh sí ceart go leor agatsa!”
Agus ná déanaimis dearmad de Shinn Féin bocht as bheith fuar sa chuairt. Níl sé rómhall ag a n-aire nua cultúir i mBéal Feirste comórtas filíochta a reáchtáil do pháistí gaelscoileanna sna 32 contae ar an téama “An bhanríon Éilís in Éirinn” agus an dán buach a léamh le linn Fhéile an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste.
É sin déanta, mholfainn dóibh fosta gan bacadh le hacht teanga i Stormont feasta ach Acht Ríoga Teanga a chur faoi bhráid na bpáirtithe aontachtúla agus a rá leo go bhfuil siad ag iarraidh tacaíocht a léiriú don díograiseoir teanga sin a bhfuil cónaí uirthi i bpálás i Londain.
I ndeireadh thiar thall, bíodh trua againn do lucht tacaíochta an Ulster-Scots sa DUP. Mon dear, tá siad fair scunnered inniu, déarfainn.