BHÍ CLÁR faisnéise ag an fhear grinn, aisteoir agus láithreoir, Rob Brydon, ar BBC4 oíche Dhomhnaigh – Rob Brydon's Identity Crisis.
Is de bhunadh na Breataine Bige é Brydon agus clú air faoin am seo as a pháirt sa tsraith ghrinn, Gavin and Stacey, atá lonnaithe sa tír.
Tá cónaí air féin anois i Londain agus ba é a rún scrúdú a dhéanamh ar nósanna agus ar fhéiniúlacht na Breataine Bige, ábhar grinn a aimsiú agus cúpla seó grinn a reáchtáil sa tír faoina raibh faighte amach aige.
Bhí mórán cosúlachtaí idir meon an phobail sin agus pobal na hÉireann gan amhras – neart scéalta grinn faoin fhearthainn, faoin bhás agus faoin lionn dubh.
Agus, go díreach cosúil leis an tír seo, níorbh fhada gur tharraing Brydon aird ar cheist “the language”. Níor ghá dó míniú ar bith eile a thabhairt – tuigeadh láithreach gurbh ionann “the language” agus an Bhreatnais.
Ní den chéad uair agus tú ag breathnú ábhair a bhain le teangacha Ceilteacha nó teangacha neamhfhorleathana, mhothaigh tú go raibh an chaint chéanna ar siúl thall agus a bhíonn ar siúl abhus anseo.
Ní raibh Breatnais ag Brydon ach dúirt sé gur mhaith leis an teanga a fhoghlaim. Meon diúltach a bhí aige ina leith agus é óg nó bhain sé le glúin nach raibh S4C acu ach a bhí i muinín cláir Bhreatnaise ar an BBC. (Tá sé 45 bliain d’aois.)
Bhí de thoradh air sin nach raibh deis ag Brydon amharc ar Star Trekagus Captain Kirk mar go raibh an nuacht i mBreatnais le feiceáil in áit comhluadar Klingons agus Vulcans agus chuir an chaill sin isteach air.
Ghoill a éagumas sa teanga air fosta. Chraol sé mír amháin agus é ag iarraidh logainm Breatnaise a rá ar chlár teilifíse agus é ina láithreoir óg. Ní thiocfadh leis an t-ainm a rá agus ghoill iarrachtaí bhainisteoir urláir, cainteoir líofa Breatnaise, ghoill a chuid iarrachtaí air an fuaimniú ceart a theagasc dó ag an am.
Chonacthas dó ó shin, ámh, go raibh an ceart ag a chomhghleacaí; gur cheart dó an logainm a rá mar ba cheart.
Is ionann nach mór an méid a bhí le rá ag aos eagna agus aos ceoil ar chlár Brydon agus an méid a chluineann tú ag a macasamhail abhus. Bhí cuid acu aineolach ar an teanga; cuid acu ar a son agus a labhair í agus cuid acu a bhí ar a son ach nach raibh fonn dá laghad orthu í a fhoghlaim. D’aithin siad tábhacht na Breatnaise ach is faoi dhaoine eile a bhí sé an teanga a fhoghlaim.
Bhí cara mór amháin ag Brydon a raibh Breatnais aige ach ní raibh sé sásta go ndéanfadh Brydon magadh ar bith fúithi. Bhí sé le feiceáil ag seó amháin agus Brydon ag spochadh as an teanga. Níor chorraigh oiread agus miongháire ar a aghaidh le linn an ama.
D’aithneodh duine ar bith in Éirinn na ceisteanna a chuir agus an comhrá agus an chosaint a rinne lucht na Breatnaise ar a dteanga féin. Ach, ar dhóigh aisteach, ba thógáil croí é fáil amach go raibh na dúshláin chéanna acu agus a bhíonn againn.
Rud eile a bhí suntasach faoi go raibh an BBC ag sodar i ndiaidh na hÉireann leis an chur chuige seo. Ní fada ó thug an fear grinn Gael-Mheiriceánach, Des Bishop, faoi cheisteanna teanga agus féiniúlachta ina shraith RTÉ, In the Name of the Fada.
Mar sin féin, is spéisiúil go bhfuil an BBC anois ag cur spéis in ábhar den sórt seo agus bheifeá dóchasach go gcuirfeadh sé le tuigse ar an ábhar – i ngach réigiún faoi scáth an BBC.
Agus ceist eile a ritheann leat – cé a sheasfaidh ceart na Gaidhlig? An bhfuil Billy Connolly ar fáil?