Cás an údair agus Léacht Uí Chadhain

BEOCHEIST : IS AISTEACH do scríbhneoir ar bith cás an údair

BEOCHEIST: IS AISTEACH do scríbhneoir ar bith cás an údair. Ní hionann aon bheirt acu, agus bíonn gaol siombóiseach ag údar agus léitheoir, bíodh agus nach bhfuil aon smacht ag an údar ar an tuiscint a bhainfidh aon bheirt léitheoirí as an méid atá scríofa acu.

Fógraíodh le déanaí gurbh é Colm Breathnach a thabharfadh Léacht Uí Chadhain na bliana sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an ábhar “Idir Dhá Fhocal: Cás an Údair”.

Oíche an-taitneamhach agus an-tábhachtach í Léacht Uí Chadhain do lucht na Nua-Ghaeilge in UCD agus do phobal na Gaeilge trí chéile, ó bunaíodh í i 1980.

Thug Breandán Ó hEithir, scríbhneoir, an chéad léacht i bhfómhar na bliana sin ar “Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge”, agus tá léacht tugtha i mBelfield ag scoláire nó scríbhneoir aitheanta gach bliain ó shin, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ar ghné éigin de shaothar an Chadhnaigh nó de litríocht nó de theanga na Gaeilge.

READ MORE

Chuir Eoghan Ó hAnluain naoi gcinn de na léachtaí in eagar i 1989 mar Léachtaí Uí Chadhain 1, 1980-1988, agus tá scéim idir lámha leis an gcuid eile a fhoilsiú. Is é an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith a bhíonn freagrach as an léacht a eagrú anois.

Duine de na filí is aitheanta i ré chomhaimseartha na Gaeilge é Breathnach, atá ag obair go gairmiúil mar aistritheoir i dTithe an Oireachtais, agus a bhí tráth dá raibh ina théarmeolaí leis an Roinn Oideachais agus ina thaighdeoir le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Rugadh é i gCorcaigh sa bhliain 1961 agus d’fhreastail sé ar Choláiste an Phiarsaigh.

Níos déanaí, rinne sé staidéar ar an bhfealsúnacht agus ar an nGaeilge faoi Sheán Ó Tuama sa Choláiste Ollscoile, Corcaigh, agus an iliomad duaiseanna Oireachtais bainte amach ag a chuid filíochta ó shin agus sa bhliain 1999, bhronn Institiúid Chultúrtha Éire-Mheiriceá Duais Litríochta Butler ar a chuid filíochta.

Thosaigh a chuid saothar san fhilíocht le Cantaic an Bhalbháin, cnuasach dánta sa bhliain 1991 agus foilsíodh cúig chnuasach eile ó shin móide bailiúchán amháin dá rogha dánta.

Mar fhile, is minic a luaitear gur thosaigh Breathnach a chúis scríbhneoireachta i mBéarla, ach nár shíl go raibh sé sin in oiriúint dó, go háirithe chun an daonnacht a bhraith sé thar timpeall air a chur i bhfocail.

Is é an sórt saothair a shamhlaím le Breathnach ná saothar a bhfilleann tú air arís agus arís eile – faigheann tú léamh sa bhreis gach uair. Is taithí dhaonna í sa tslí is ealaíonta, agus sa chiall is leithne.

Aithníonn Breathnach an deoraí atá ionainn go léir, an chuid sin dínn atá as áit. Bíonn an chinniúint á plé aige freisin agus tionchar na cinniúna ar staid intinne an duine in Éirinn.

Imreoir agus cleasaí ar ndóigh atá i mBreathnach freisin. Is é an sampla is déanaí den imeartas agus den chleasaíocht sin, ná an saothar próis a tháinig óna pheann an bhliain seo caite Con Trick an Bhalla Bháin, atá ann féin ag imirt le teideal a chéad chnuasaigh filíochta. Cumhacht an údair agus cumhacht an léitheora atá faoi chaibidil anseo.

Freagra méid áirithe a bhí sa leabhar sin is dóigh ar “bhás an údair” de chuid Roland Barthes, sa mhéid agus a shíleann gur féidir leis an údar smacht a bheith acu ar mhianta an léitheora. Bailiúchán gearrscéalta a bhí ann áit ina bhfuil an ficsean féin á scrúdú, ficsean an leabhair, agus ficsean an phríomhcharachtair, Aodh de Ráth.

Sa tslí chéanna agus nach leanann an leabhar sin na gnáthchoinbhinsiúin a bhaineann le sraith scéalta, ní leanfaidh an léacht a leithéid ach an oiread i mo thuairim, agus beidh cuid mhaith ar bís le féachaint conas mar a thabharfaidh Breathnach faoi dhiananailís ar aigneolaíocht an scríbhneora chruthaithigh.

Tagann an léacht seo leis an athnuachan a bhaineann leis an ócáid ag cuimhneamh ar léachtaí breátha agus tinrimh mhéadaithe nuair a thug an Dr Regina Uí Chollatáin an léacht “In Ard a Ghutha, Finnéithe Litríochta an 20ú hAois: Critic Iriseoireachta” sa bhliain 2007 agus An tOllamh Nicholas Williams, an bhliain seo caite leis an óráid “An Chornais agus an Ghaeilge – Ceacht nó Rabhadh?”

Beidh an chré i gcill an Chadhnaigh ag tnúth leis an léacht sa Choláiste Ollscoile i gceann cúpla seachtain.

  • Beidh Léacht Uí Chadhain i Léachtlann N, Áras Newman, UCD, Déardaoin 28ú Deireadh Fómhair ar 7.30pm. Eolas: irish.gaeilge@ucd.ie nó 01-7168385