Is é an locht is mó ar an mBille Teanga, go bhfuil mórán gach ní ag brath ar 'scéim' bheith socraithe idir Aire na Gaeltachta agus na céadta eagraíochtaí Stáit.
Deir Ó Laighin go bhfuil an próiseas sa mBille le dréachtscéim a shocrú "casta, amscaí agus éidreorach".
Tá naoi staid éagsúla sa phróiseas ón uair a eisíonn an tAire Gaeltachta a chuid treoirlínte go dtí go mbíonn scéim socraithe le heagras. Caithfear dul tríd an bpróiseas fadálach céanna le breis is dhá chéad go leith comhlacht poiblí, ceann ar cheann.
Is ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus a Roinn a thitfidh an t-ualach ar fad. Fiú amháin dá mbeadh muid lánmhuiníneach as an Aire Éamon Ó Cuív le tabhairt faoin obair seo le fuinneamh, le misneach agus le díograis an mbeidh sé sa phost sách fada leis na scéimeanna go léir a shocrú?
An mó duine a bheadh chomh muiníneach céanna as an chéad duine eile a bheas ina áit nuair a bheas an próiseas casta fadálach ag tosnú arís tar éis tréimhse trí bliana?
Mar bharr ar an donas ar fad, cuireann Alt 32 (1) de Bhille Uí Chuív, cosc iomlán ar dhaoine nó ar eagraíochtaí dul chun na cúirte má dhiúltaíonn Roinn Stáit nó eagraíocht Stáit a n-oibleagáidí faoi scéim a chomhlíonadh.
Tá daoine den tuairim go bhfuil an tAire sásta géilleadh faoin bpointe sin. Tar éis an tsaoil, caithfidh sé aird a thabhairt ar éileamh aontaithe na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, gur cheart Alt 32 (1) a fhágaint ar lár.
Mura ngéilleann, is beag maith a bheas sna scéimeanna faoina mbeidh eagrais Stáit ag cur seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil, mar dhea.
Is ó Acht na Breatnaise (1993) a tógadh "córas na scéimeanna", a scríobhann Ó Laighin. Tá cead ag Rúnaí Stáit na Breataine Bige ordú dlí a lorg ó chúirt nuair a theipeann ar chomhlachtaí a ndualgais faoi na scéimeanna a chomhlíonadh.
I gCeanada tá ceart ag an duine aonair nó ag an gCoimisinéir Teanga thar ceann an duine aonair dul chun cúirte chun leigheas a lorg.
"Tríd is tríd, tá rian láidir an Achta Cheanadaigh ar an mBille Éireannach, le haithris focal ar fhocal sa téacs Béarla go minic; agus tá scéimeanna an Bhille abhus bunaithe ar scéimeanna an Achta faoin mBreatnais.
"Ach maidir le cearta an duine aonair atá ag iarraidh leighis os comhair cúirte, atá ar fáil go neamhdhíreach agus go teoranta faoin Acht Breatnaise, agus go fial flúirseach faoin Acht Ceanadach, níl sa Bhille Éireannach ach ciúnas, ach amháin lena rá nach bhfuil ceart caingne ann."
Tógann Ó Laighin an té a théann isteach in Oifig Dhíolta Foilseacháin an Rialtais ag cuartú seirbhíse trí Ghaeilge, mar shampla: fágtar ar leataobh é agus déileáiltear le daoine eile go dtí go dtagann duine atá in ann rudaí simplí a phlé trí Ghaeilge.
"Sin é an chaoi a gcuirtear deireadh le cumarsáid phoiblí i dteanga atá le himeallú," a deir sé.
Is deacair a fheiceáil go n-éireoidh le Bille Uí Chuív deireadh a chur leis an leatrom seo. Is faoin státseirbhís a bheas sé na rialacháin a chumadh. Níl aon bhealach le hiachall a chur orthu na rialacháin a chur i bhfeidhm, seachas a gcuid faillí a thuairisciú don Oireachtas.
"Ní foláir nó go mbeidh siad ag croitheadh ina mbuataisí," a scríobhann Ó Laighin.