TUARASCÁIL:IS LIOSTA le háireamh líon na gcúrsaí iriseoireachta Gaeilge atá ar siúl i gcoláistí tríú leibhéil faoi láthair.
Cuid riachtanach d'aon chúrsa tríú leibhéil is ea téacsleabhair agus diomaite roinnt cnuasach aistí le hiriseoirí aitheanta is beag a bhí ar fáil i nGaeilge do lucht na gcúrsaí seo.
Agus an leabhar seo le Regina Uí Chollatáin, Iriseoirí Pinn na Gaeilge, ag teacht sna sála ar leabhar Bhreandáin Delap, ar an taifead: fís; fuaim; focal, is léir go bhfaca na foilsitheoirí, Cois Life, an bhearna sa mhargadh agus go bhfuil siad ag iarraidh freastal air.
Dála leabhar Delap tá cuma shnasta shlachtmhar ar Iriseoirí Pinn na Gaeilge ach is mór idir stíl scríofa an dá leabhar. Treoirleabhar atá i leabhar Delap a thugann eolas bunúsach i nGaeilge shoiléir sholéite ar earnáil na meán Gaeilge agus pé acu a n-aontaíonn tú nó nach n-aontaíonn tú lena thuairimí, nochtann sé go gonta deisbhéalach iad.
Tá tromlach Iriseoirí Pinn na Gaeilge tógtha suas le sleachta atá roghnaithe ag an údar ó thús na haoise seo caite de "cholúnaíocht litríochta" mar a thugann sí féin air, agus ina measc tá roinnt seoda iriseoireachta arbh fhiú d'aon duine atá ag déanamh staidéir ar an iriseoireacht, nó ar an litríocht iad a léamh.
Sliocht as alt a foilsíodh in An Gaodhal i 1901 an chéad sampla a thugtar, agus alt le Alan Titley, a foilsíodh sa nuachtán seo mí Iúil 2004 ag moladh an cholúnaí, Liam Ó Muirthile, an ceann deiridh.
Is í an litríocht is ábhar do na sleachta ar fad nach mór agus saothar cholúnaithe de chuid an Irish Times atá i gcuid mhór acu: Alan Titley; Liam Ó Muirthile; Breandán Ó hEithir; Seán Ó Ríordáin; Máirtín Ó Cadhain; Myles na gCopaleen.
In irisí éagsúla a foilsíodh na haistí eile. Bheadh leisce orm colúnaíocht a thabhairt ar chuid de na haistí seo mar, dar liom, baineann dhá ní ar leith le colún iriseoireachta, teora focal agus é bheith i gcló go rialta sa nuachtán nó sa tréimhseachán céanna.
Ní fheicim gur féidir colún a thabhairt ar alt ocht leathanach le Pádraigín Riggs dar teideal "Ón bhfoirmiúlachas go dtí an structúrachas" dá fheabhas é.
Agus cad í colúnaíocht litríochta nó "colúnaíocht liteartha" mar atá i dteideal an leabhair? Ar roghnaíodh na haistí mar gheall ar an léargas a thugann siad ar an litríocht nó toisc gur saothair litríochta iontu féin iad?
Deir Uí Chollatáin sa réamhrá gur bhraith an rogha "ar threoir iomlán an taighde seo de réir tábhacht an ailt sa téis iomlán atá á cur i láthair".
Níor léir dom cad í an téis sin ach b'ionadh liom gan tagairt ar bith sa leabhar do cholúin Phroinsias Mhic Aonghusa sna nuachtáin Anois agus Foinse. Cén colúnaí Gaeilge eile a spreag alt a scríobh sé faoi leabhar ceist sa Dáil?
Agus is mór an t-easnamh é fosta, dar liom, gan tagairt ar bith d'aon duine de cholúnaithe an pháipéir Inniu.
Tá Gaeilge nua-aimseartha curtha ag Uí Chollatáin ar chuid de na hailt a roghnaigh sí chun iad a dhéanamh inléite do léitheoirí an lae inniu agus ag deireadh na n-alt "liosta focal agus leaganacha cainte nach mbeadh ina gcuid lárnach de ghnáthchaint an ghnáthphobail chomhaimseartha".
Feictear dom, áfach, gur mó an gá a bheadh ag an ghnáthphobal le míniú ar go leor de na focail a úsáideann an t-údar féin san aiste fhada chritice 80 leathanach ina gcuireann sé síos ar a bhfuil le foghlaim as staidéar a dhéanamh ar an "cholúnaíocht litríochta".
Cá mhéad gnáthléitheoir a thuigeann na focail "iltoiseach", "maighdeogach", "eipistimeolaíoch", "ointeolaíoch", "diacrónach", "constráid", "foirceadal"?
Go bhfios dom is í Uí Chollatáin an chéad duine chun tabhairt faoi chritic ar iriseoireacht na Gaeilge ar an leibhéal seo agus ní móide duine ar bith eile beo ag a bhfuil an oiread sin cur amach ar iriseoireacht Ghaeilge ag tús na haoise seo caite agus atá aici agus, a chruthú air sin, an leabhar breá atá scríofa aici ar An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae (Cois Life, 2004).
Ach ní mór an cheist a chur cé dó Iriseoirí Pinn na Gaeilge?
Is léir go bhfuil na sleachta atá roghnaithe aici dírithe ar an ghnáthléitheoir nó ar mhic léinn ollscoile agus is maith ann iad, ach ní don ghnáthléitheoir an aiste chritice ag tús an leabhair.
Idir cur chuige agus tagairtí léannta tá an iomarca den acadúlacht agus den tráchtas ollscoile ag baint léi. Is fearr a d'oirfeadh sí d'iris léannta do chéimithe ollscoile ná do leabhar don ghnáthphobal.
"Gontacht, cruinneas agus deisbhéalaíocht nuair is ceart dhá cheann de phríomhthréithe na hiriseoireachta reatha," a scríobh an colúnaí Liam Ó Muirthile i gceann de na sleachta atá sa leabhar seo.
Is tréithe iad, dar liom, ba cheart bheith ag gach cineál scríbhneoireachta agus b'fhearr go mór an leabhar seo an aiste chritice bheith scríofa i dteanga níos simplí, níos soléite.
Agus ní cabhair ar bith chun duine a mhealladh chun an leabhar a léamh an blurba atá ar an chlúdach cúil. Duais don té atá in ann ciall a dhéanamh as an abairt seo: "Cuirtear an cholúnaíocht i gcomhthéacs, i dteoiric agus i scríbhinní an tsaothair."
Iriseoirí Pinn na Gaeilge - an cholúnaíocht liteartha: critic iriseoireachta (Cois Life, €20.00) le Regina Uí Chollatáin
bearna gap - duais prize - fís vision - fuaim sound - iriseoireacht journalism - léargas insight - taighde research - téis thesis