Ceanada chun cinn ar chursai reachtaiochta agus teanga

Bean bheag ghrástúil, ghealgháireach í

Bean bheag ghrástúil, ghealgháireach í. Ag amharc uirthi ba dheacair a shamhlú go raibh sí i gceannas ar oifig mhór in Ottawa agus ar sheacht n-oifig réigiúnda ar fud Cheanada agus 150 duine ag obair fúithi, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ach nuair a thosaigh sí ag cur síos ar an ról a bhí aici mar Choimisinéir Teangacha Cheanada ba léir go raibh an mianach sa Dochtúir Dyane Adam troid ar son cearta Frainciseoirí Cheanada.

Ach, mar a mhínigh sí sa chaint a thug sí in Óstán Buswell an tseachtain seo caite, is annamh anois a bhíonn uirthi troid a dhéanamh. Léirigh suirbhé a rinneadh anuraidh go dtacaíonn 82 faoin gcéad de phobal Cheanada le polasaí an rialtais fheidearálaigh comhionannas bheith ag an Fhraincis agus ag an Bhéarla mar theangacha oifigiúla Cheanada.

"Tá glactha leis anois gur chóir dúinn ár dteangacha dúchais a chaomhnú: is í an cheist atá le freagairt inniu conas?" a dúirt sí.

READ MORE

Don cheathrar coimisinéirí teanga a chuaigh roimpi a thug sí cuid mhór den chreidiúint as an scéal bheith amhlaidh. D'oibrigh siad go dícheallach chun cur ina luí ar an phobal gur buntáiste dóibh seachas a mhalairt dhá theanga nó níos mó bheith acu. "Is fíorannamh anois," a dúirt sí "a chluineann tú Béarlóirí ag rá go bhfuiltear ag brú Fraincise siar a scornach."

Cruthaíodh post an Choimisinéara Teangacha i gCeanada faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 1969. I gcuid a ceathair de Bhille na dTeangacha Oifigiúla a bhfuil lucht labhartha na Gaeilge ag fanacht go foighdeach leis abhus, tá forálacha ann chun Coimsinéir Teangacha a cheapadh ar mhúnla Cheanada. Sin an fáth ar thug Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cuireadh don Dr Adam caint a thabhairt anseo faoin obair a bhí ar siúl aici.

Is í Parlaimint Cheanada a cheapann an Coimisinéir Teangacha thall agus níl sí freagrach d'aon aire rialtais. Cuireann sí a tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na pairliminte. Cé go n-éisteann sí le gearáin ó bhaill an phobail, idir Bhéarlóirí agus Fhrainciseoirí, faoi shárú cearta teanga ní ról ombudsman amháin atá aici.

Tá an ceart aici fiosrúchán a thionscnamh i réimse ar bith a cheapann sí gá bheith leis. Déanann sí monatóireacht ar bhillí, rialacha agus polasaithe agus iad á ndréachtadh chun a chinntiú nach mbeidh sárú ar chearta teanga iontu agus féachann sí le tuiscint níos fearr ar an dátheangachas a thabhairt don phobal.

Is é Quebec an t-aon stát a bhfuil an Fhraincis ina teanga dhúchais ag tromlach an phobail. Is teanga mhionlaigh í i ngach stát eile í. Glacadh leis in 1969 gur mhithid céimeanna ar leith a ghlacadh chun a chinntiú go mbeadh fostaithe an stáit in ann freastal ar an phobal i bhFraincis.

Spreagadh múinteoirí agus státseirbhísigh chun freastal ar thumchúrsaí Fraincise. Meastar anois go bhfuil an ráta dátheangachais ag déagóirí 15-19 bliain d'aois, lasmuigh de Quebec, chomh hard le 15 faoin gcéad. Tá freastal dátheangach ar fáil in oifigí stáit agus i gcuid mhór de na hinstitiúidí móra ar nós bancanna agus comhlachtaí a fhreastlaíonn ar an phobal.

NUAIR a rinneadh príobháidiú ar Air Canada d'fhéach an Coimisinéir chuige go mbeadh aitheantas don Fhraincis sa chonradh. Tá sé éigeantach an dá theanga bheith ar phacáistí agus ar fhógraí poiblí ar fud na tíre.

Tá Ceanada ag brath cuid mhór ar an inimirce agus labhraítear breis agus 100 teanga ann, teangacha na mbundúchasach san áireamh. Cé nach bhfuil cearta bunreachtúla ach ag an dá theanga oifigiúla dúirt an Coimisinéir gur chuir an rialtas feidearálach airgead ar fáil le haghaidh cur chun cinn na dteangacha eile agus go n-aithnítear i mbeagnach gach stát cearta páistí oideachas a fháil ina dteanga dhúchais féin.

Thug sí le fios, ámh, gurbh é cur chun cinn na Fraincise an chloch is mó ar a paidrín féin. Agus cé gur díol suime an dul chun cinn iontach ó thaobh an dátheangachais atá déanta i gCeanada de bharr polasaí dearfach stáit is mór idir dálaí na Fraincise ansin, mar a bhfuil labhairt na Francise ag 9 milliún duine, agus dálaí na Gaeilge abhus. Ní hionann sin agus a rá nach féidir linn foghlaim uathu.

Tá cruthaithe ag muintir Cheanada gur féidir meon diúltach i leith teanga a athrú ach reachtaíocht cheart bheith ann chun úsáid na teanga sin a chur chun cinn agus maoiniú agus áiseanna eile bheith ar fáil chun féachaint chuige go gcuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm.

Is trua nach raibh na polaiteoirí agus státseirbhísigh, a mbeidh an cúram orthu Bille na dTeangacha Oifigiúla a chur tríd an Dáil, i láthair ag léacht an Dr Adam. Is é Trevor Sergeant ón Chomhaontas Glas an t-aon Teachta Dála a bhí ann.

  • Beidh séasúr nua sa Chlub Amhránaíochta an Bhéil Bhinn ar siúl i gClubtheach na nIascairí, Bóthar na Trá, Bré, Co Chill Mhantáin, oíche Aoine ag 9 p.m.