Ceann de na seachtainí sin a bhí ann nuair a tháinig ceist na meán cumarsáide chun cinn. Is spéisiúil an léargas a thugann Iarfhlaith Watson ina leabhrán, Broadcasting in Irish: Minority language, radio, television and identity (Four Courts Press), ar an earnáil.
Is spéisiúil fáil amach, mar shampla, go raibh Éamon de Valera, ag smaoineamh ar sheirbhís raidió Gaeltachta a bhunú chomh fada siar leis na 1940í nó go raibh Dónall Ó Móráin agus Gael-Linn ag iarraidh seirbhís teilifíse a bhaint amach sna 1950í agus 1960í. Thuig siad beirt an chumhacht a bhain leis na meáin chraolta cé nár éirigh leo beart a chur i gcrích.
Tá sin ar cheann de na ceachtanna is luachmhaire atá le foghlaim as téacs Watson - gan ceannasaíocht éifeachtach pholaitiúil agus maoiniú fiúntach leanúnach, teipeann ar an iarracht.
Níor luaithe leabhrán Watson curtha i leataobh gur tháinig cóip na seachtaine seo de Foinse agus iad ag tuairisciú go raibh €11 milliún d'airgead poiblí breise de dhíth ar TG4 don bhliain seo chugainn. Gan é, a thuairiscigh an nuachtán, bheadh deireadh le cuid de na comhlachtaí neamhspleácha a sholáthraíonn cláir do mhuintir Bhaile na hAbhann. Chosnódh neamhspleáchas TG4 ó RTÉ €3.2 milliún fosta, ualach breise a chuirfeadh crua ar an stáisiún.
An bhfaigheadh TG4 airgead breise? An mbeadh an toil pholaitiúil ann a riachtanas a aithint? I bhfianaise leabhar Watson, déarfá nach mbeadh agus mholfá do TG4 greim an fhir bháite a choinneáil ar RTÉ go fóill beag.
Baineann, gan amhras, íoróin inteacht leis an cheist. Tá TG4 le bheith neamhspleách amach anseo ach tá Raidió na Gaeltachta ceangailte go dlúth le RTÉ - agus ní i gcónaí gur fearr as iad dá bharr. Ní fada ó bhí siad thíos le ciorruithe buiséid a rinneadh orthu. Cúitíodh an t-airgead dóibh ó shin ach léiríonn scéal an dá chraoltóir chomh frithir agus atá a gcás. Neamhspleách nó spleách, is go snagach stadach a bhunaítear na seirbhísí agus is go snagach stadach a mhaoinítear iad agus dhrochthoradh ar dheiseanna forbartha dá thairbhe.
Agus má tá cúrsaí go holc ag comhlachtaí teilifíse sa Stát seo, tá siad fiche uair níos measa ag comhlachtaí teilifíse i dTuaisceart Éireann. Rinneadh gearán le linn comhdhála ar na meáin chumarsáide ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, an tseachtain seo caite, nach raibh ciste léirithe teilifíse bunaithe ag rialtas na Breataine.
Fiafraíodh an dtiocfadh le duine inteacht a rá cá huair a bhunófaí é? Is é fírinne an scéil, ar ndóigh, nach gcuirfear pingin Steirling ar fáil go dtí go mbíonn comhréiteach iomlán polaitíochta ann agus an Tionóilín deas ar ais ar an fhód.
An bhfuil sé cothrom saol na léiritheoirí - agus samhlaíocht na nGael - a cheangal le cuspóirí polaitiúla na Breataine agus na Sealadach? Níl. Ach sin agaibh é, cibé.
Agus níl na meáin chlóite ag teacht slán as an tráth éigeandála seo. Bhí an colúnaí seo, eagarthóir Lá, Ciarán Ó Pronntaigh, agus Alex Hijmans thar ceann Foinse ar phainéal a phléigh na meáin chlóite le linn na comhdhála céanna.
Labhair Ó Pronntaigh go bródúil faoina raibh bainte amach ag an nuachtán ó seoladh eagrán laethúil de ag deireadh mhí Aibreáin. Dá bhródúla é, bhí teachtaireacht níba ghruama ag a leas-eagarthóir, Concubhar Ó Liatháin, ar chlár plé an iris Idirlín, Beo! Is é Meán Fómhair "uair na cinniúna" ag an fhoilseachán, a scríobh sé. Bhí mórán rudaí maithe bainte amach acu ach bhí airgead breise de dhíth agus ba ghá d'Fhoras na Gaeilge cuidiú leo.
An gá? Tá Lá ag foilsiú nuachtáin nár iarr an Foras riamh. Cuimhnigh gur reáchtáil an Foras comórtas do nuachtán seachtainiúil. Bhain Foinse an conradh sin agus chaill Lá é. Is as a stuaim féin, le hairgead ó úinéirí Lá, an Andersonstown News agus ó dhaoine príobháideacha, a shocraigh siad ar nuachtán laethúil a fhoilsiú.
An dá phríomhsprioc a bhí ann 1,000 síntiúsóir nua a fháil agus 5,000 cóip sa lá a dhíol. Is drochthuar ar éileamh é nach bhfuil ceachtar de na cuspóirí stuama sin bainte amach go fóill agus an oiread sin Gaeilgeoirí sa Tuaisceart.
Agus seo anois ceist sin na ceannasaíochta agus ról an Fhorais. Má chuireann siad maoiniú breise éigeandála ar fáil do Lá, an gcuirfidh siad maoiniú breise ar fáil do Foinse?
Mura gcuireann, cad é an chiall atá le comórtas Forais a bhaint nó a chailleadh? Má tá siad ag iarraidh nuachtán laethúil, nárbh fhearr an cinneadh a dhéanamh, an maoiniú milliún euro a shocrú go ceann 20 bliain agus comórtas poiblí a reáchtáil? Mura bhfuil, nárbh fhearr a rá nach gcreideann siad go bhfuil margadh ann dó?
Ní slán ar fad atá Foinse ach an oiread agus, sea, scríobhann an t-iriseoir seo colún dóibh faoi láthair. Tá dianmhargaíocht leanúnach déanta ag Lá; rud nach bhfuil déanta ag Foinse le fada - agus a thoradh sin le feiceáil ar an díolachán.
Tá 5,600 cóip á dhíol gach seachtain san áit a mbíodh 8,000. Dá ainneoin sin, ó thaobh léitheoirí agus ábhair de, tá fírinne go fóill sa mhaíomh sin gurb é príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge é agus sin ar dheontas measartha beag €300,000.
Ach ba mhaith an rud é dá léireodh an t-úinéir, Pádraig Ó Céidigh, an bród céanna poiblí as a fhoilseachán agus a léiríonn muintir Bhéal Feirste as a gceannsa.