TUARASCÁIL: CÉARD IS fiú i ndeireadh na dála bá chorparáideach na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bhainistíocht Sóchmhainní a ghnóthachtáil i leith na Gaeilge, mar shampla, agus neamhaird ar chúinsí níos práinní nach dtéitear i ngleic leo mar is cuí – an creimeadh atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla.
Bíonn láthair nó locus standi ag teastáil le cearta a éileamh sa deireadh thiar.
Cé go n-aithnítear go mbronnann stádas bunreachtúil agus oifigiúil na Gaeilge bundualgas ar an Stát cáipéisíocht agus seirbhísí i nGaeilge a sholáthar, ní mór fiafraí san am céanna an bhfuil an uaillmhian go ndéanfadh an Stát freastal ar an nGaeilge mar a dhéanfaí ar theanga lánfheidhmiúla stáit ag cothú na héidreorach faoi na riachtanais is práinní atá againn – an phríomhghné shainiúil á cailleadh san aird thánaisteach ghinearálta.
Ní mór cainteoirí a bheith ann le cearta teanga a bhronnadh orthu sa chéad dul síos.
Ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí ag titim amach faoi láthair, is gearr go mbeidh cearta teanga na Gaeilge á n-iarraidh d’fhonn éilimh idé-eolaíochta a shásamh seachas iad a bheith á n-iarraidh i ngeall go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais shoiléire shóisialta na gcainteoirí atá rannpháirteach i bpobal teanga.
Nach as riachtanais shainiúla pobal teanga atá faoi léigear ag tromlach teanga a d’eascair dioscúrsa na gceart teanga an chéad lá ariamh?