ACH tá ceart an duine an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt daingnithe sa dlí in alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cuid thábhachtach den reachtaíocht is ea é seo atá láidir agus soiléir.
Baineann an ceart seo le gach cúirt, mar shampla an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt, an Chúirt Uachtarach, agus le binsí fiosraithe.
Tá sé de cheart ag daoine an Ghaeilge a úsáid sa chúirt is cuma cén fáth go bhfuil siad ann. Faoin reachtaíocht ní féidir leis an gcúirt aon stró nó caiteachas breise a chur ar dhuine de bharr gur roghnaigh sé nó sí an Ghaeilge seachas an Béarla. Ní cheadaítear ach an oiread go mbeadh duine faoi aon mhíbhuntáiste de bharr na rogha teanga sin.
Ar an gcúirt féin a thiteann sé cibé socrú is cuí a dhéanamh d’ateangaireacht ó theanga oifigiúil amháin (Gaeilge/Béarla) go dtí an ceann eile. Ar ndóigh, ní chuireann an reachtaíocht cosc ar theangacha iasachta sa chúirt agus níor chóir go gcuirfí iallach ar dhuine fianaise a thabhairt in aon teanga oifigiúil ach an ceann is rogha leis nó léi féin.
Ó tharla é a bheith mar dhualgas reachtúil ar m’Oifigse comhairle a sholáthar don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá feachtas eolais seolta againn le haird a dhíriú ar chearta teanga sna cúirteanna. Tá póstaeir agus bróisiúir eolais ar leith á scaipeadh ag m’Oifig faoin ábhar agus tá eolas breise foilsithe ar shuíomh gréasáin na hOifige (www.coimisineir.ie). Beidh eolas ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna (www.courts.ie) agus is mór agam an tacaíocht sin uaithi.
Cé gurb iomaí duine a chreideann sa seanfhocal gur “i ngan fhios don dlí is fearr a bheith ann”, ní fios cén uair a bheadh ar dhuine dul chun cúirte ar chúis amháin nó ar chúis eile.
Ní gá go mbeadh cion curtha i leith duine, d’fhéadfaí go mbeifí ag tabhairt fianaise, mar bhall de ghiúiré, ag lorg ceadúnas áirithe ón gcúirt nó ar thóir cúitimh as dochar nó damáiste a rinneadh do dhuine nó do shealúchas duine.
Suirbhé
LÉIRIGH suirbhé a rinne Ipsos Mori d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa bhliain 2007 go ndúirt 75 faoin gcéad den phobal sna ceantair Ghaeltachta is láidre gur fearr a bhí siad ábalta iad féin a chur in iúl trí Ghaeilge ná trí Bhéarla agus iad ag déileáil le lucht gairmiúil leighis. Luíonn sé le réasún go mbeadh an scéal amhlaidh agus iad ag déileáil le lucht dlí sna cúirteanna.
Nuair a dhéanann ball de phobal na Gaeilge nó na Gaeltachta teagmháil le heagraíocht ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Údarás na Gaeltachta nó, go deimhin le m’Oifig féin, féadfaidh tú a bheith lánchinnte gur trí Ghaeilge a bheidh an chumarsáid sin.
Ní fhágfadh na daoine céanna sin a gcearta agus a mianta ar leataobh nuair a rachaidís ag déileáil le gníomhaireachtaí eile de chuid an státchórais, ar nós na gcúirteanna, mura mbraithfidís ar chúis amháin nó ar chúis eile nach chun a leasa a bheadh sé.
Ach san áit a bhfuil cearta reachtúla, atá soiléir agus láidir, feictear dom gur fiú na cearta sin a éileamh agus a úsáid, go háirithe nuair atá reachtaíocht ann a deir nach féidir daoine a fhágáil faoi mhíbhuntáiste ar bith nó caiteachas breise a chur orthu de bharr na rogha teanga sin.
Aithnítear go hidirnáisiúnta gur féidir teangacha atá faoi bhrú a chur i mbaol a gcaillte má chuirtear srianta nó teorainn leis na háiteanna inar féidir iad a úsáid. Má fhágtar an Ghaeilge ar leataobh nó ar lár ó imeachtaí cúirte an Stáit seo, ní chun leas na teanga é. Má chruthaítear áit níos lárnaí di sa réimse seo, beidh a thoradh dearfach sin le feiceáil sna blianta amach romhainn.
- Is Coimisinéir Teanga é Seán Ó Cuirreáin
ateangairíinterpreters – beag beannirrespective of – coimhthíochforeign – dearfachpositive – gníomhaireachtaíagencies – idirnáisiúntainternational – íospartachvictim – reachtaíochtlegislation – teanga réamhshocraithedefault language – treascairt ar chearta an duinehuman rights abuse