BEOCHEIST:CEIST CHASTA í ceist na ceannasachta Éireannaí. Ceist í a bhí go mór i mbéal an phobail tráth ar thug an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta cuairt orainn ag druidim le deireadh na bliana seo caite. Bhí daoine áirithe thar a bheith imníoch de bharr, dar leo, go rabhamar ag géilleadh ár gceannasachta d'Aontas na hEorpa agus go mbeadh ceannasacht an Stáit seo i seilbh na n-Eurolathach thall sa Bhruiséil feasta.
Bhí roinnt mhaith díospóireachta ar siúl sna meáin faoi choinneáil ceannasachta agus géilleadh ceannasachta ach mhothaigh mise nach raibh ann ach cur i gcéill, don chuid ba mhó.
Cad a chiallaíonn “ceannasacht” nó “flaithiúnas” ar an gcéad dul síos? Tá sé thar a bheith deacair teacht ar shainmhíniú cruinn ar an gcoincheap áirithe seo. Téann sé i bhfad siar sa stair. Tá na focail “ceannaire” agus “flaith” lárnach do bhrí an choincheapa. Tráth dá raibh ghlac ríthe, prionsaí, taoisigh tíre, ceannairí eaglaise agus stáit seilbh ar limistéir thalún nó ar thíortha iomlána agus d’éiligh siad ceannasacht iomlán ar na tailte seo a bhí faoina gcúram. Mar is léir ó stair an domhain chruthaigh an feiniméan cogadh, cath agus coimhlint a mhaireann go dtí an lá inniu.
Rinne Conradh Westphalia (1648) iarracht ar ord nua Eorpach de stáit neamhspleácha, cheannasacha, chomhionanna a chruthú ach is beag fianaise atá ann gur éirigh riamh lena aidhmeanna arda. Chuir Rousseau béim ar chearta na ceannasachta agus mar ba chóir di a bheith ar son leasa an phobail i gcónaí.
Maidir le hÉirinn, is ionann a ceannasacht agus lámhainn a bhfuil méar nó dhó ar iarraidh uaithi. I dtús an chéid seo caite bhí an tír faoi riail Shasana. I 1922 bunaíodh Saorstát Éireann ach ní fhéadfá a rá go mba thír neamhspleách í sna blianta tosaigh. Sa bhliain 1937 bhunaigh de Valera Éire mar phoblacht neamhspleách lena cearta cumhdaithe i mBunreacht na hÉireann.
Doiciméad idéalach gan aon agó: “Deimhníonn náisiún na hÉireann leis seo a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun cibé cineál Rialtais is rogha leo féin a bhunú, chun a gcaidreamh le náisiúin eile a chinneadh agus chun saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear.”
Gan amhras, comhlíonadh na coinníollacha de jure (ie. dleathach) ach n’fheadar mé faoin dtaobh de facto (ie. gníomhach) den cheannasacht? An tuiscint atá agamsa ar cheannasacht ná tír ina dtugtar túsáite do na nithe seo a leanas inti: an teanga náisiúnta, tírghrá, mórtas cine, cultúr dúchasach agus féiniúlacht éagsúil, shainiúil. Is iad na nithe seo thar aon rud eile a dheimhníonn stádas tíre mar náisiún neamhspleách, ceannasach a scarann amach ó náisiúin eile é.
Is iad sin na coinníollacha a bhíonn le comhlíonadh ag náisiún ar bith a shantaíonn stádas na ceannasachta. Agus an bhfuil siad comhlíonta ag Éirinn agus ag muintir na hÉireann ó bunaíodh an Stát seo 90 bliain ó shin geall leis? Is baolach nach bhfuil. An bhfuil a féiniúlacht shainiúil aimsithe aici? Ní dóigh liom é. Ar an drochuair, tá faillí déanta ag rialtas i ndiaidh rialtais ar stádas na teanga Gaeilge sa tsochaí agus is in olcas atá cúrsaí ag dul.
Nuair a chuamar isteach i gComhphobal na hEorpa i 1972, bhí dóchas mór ann go dtiocfadh claochlú ar Éirinn ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de agus go mbeimis aitheanta mar thír a raibh féiniúlacht agus cultúr dá cuid féin aici chomh maith. I bhfocail shimplí, go ndéanfaimis ár meon coilíneach agus ár gcoimpléasc íochtaránachta a adhlacadh go deo. Tháinig rath ar chúrsaí eacnamaíochta agus d’fhás agus d’fhorbair Éire mar chuid den Eoraip aontaithe. Ach d’fhan an teanga mar a raibh aici. In ionad bláthú agus neartú ba ar gcúl a chuaigh sí. D’fhás agus d’fhorbair an cultúr bréag-Mheiriceánach (ná bímis ag cur an mhilleáin ar Shasana de shíor!) agus chúlaigh an cultúr Gaelach.
Ceapaim go raibh sé thar a bheith íorónta go raibh rí-rá sna meáin ag tráchtairí, iriseoirí, polaiteoirí agus daoine mór-le-rá i saol na tíre seo faoi “ghéilleadh ceannasachta” de bharr gur rug an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta greim sceadamáin orainn agus chuir deireadh go deo, dar leo, lenár gceannasacht Éireannach.
Daoine iad seo, cuid mhaith, nach bhfuil suim dá laghad acu i gcearta teanga ná i gcur chun cinn an chultúir Ghaelaigh. Ba chóir do dhuine éigin a rá leo gur chailleamar ár gceannasacht nuair a chailleamar ár mórtas cine mar náisiún fíor-Ghaelach agus ní inniu ná inné a tharla sé sin.