Níl fearg Íosa in éadan na sainte le feiceáil san Eaglais
Tagann crith chos agus lámh orainn, an chuid againn a bhfuil dúil againn sa tsaol poiblí, agus laige sna cosa agus seordán i mbarra na méireanta, nuair a bhíonn toghchán i ngar dúinn. Tá rud éigin níos diamhaire, áfach, ag baint le togha Phápa seachas le togha thaoisigh nó rialtais. Ní bheimid in ann suí cois teilifíse le buidéal de chateauneuf du pape ag faire na vótaí mar a fhairimid toghcháin na Dála de réir na hionadaíochta cionmhaire.
Ní bheidh a fhios againn conas mar atá ag Ambrosiano Risotto suas is anuas le Dermodo Martini ar an gcéad nó ar an dara comhaireamh, mar is faoi rún daingean a dhéantar an uile ní.
Don chuid againn a tógadh le pápaireacht agus gur pápairí i gcónaí sinn in ainneoin an tsaoil seo agus an tsaoil thall, níorbh ionann riamh toghadh Il Papa agus togha ár n-amadán saolta. Is ea, bhíomar saonta riamh anall, agus tá fós.
Cheapamar tráth gurbh é a tharlaíodh go dtagadh piocairí an Phápa le chéile faoi ghlas in aon bhall amháin agus go nguíodh siad go fíochmhar is go fiata chun Dé, go dtuirlingíodh an Spiorad Naomh orthu lena ghrásta neamhtheoranta, agus go gcogarnaíodh ina gcluasa cé a bhí uaidh. Nár chreid tusa an méid sin, leis? Abair liom nach rabhas im aonar.
Is é is measa anois ná go gcreidim gur cosúla an Comhthionól Cairdinéal le rogha iarrthóra d’Fhianna Geall i dtoghroinn na hEaglaise Uachtaraí i dTiobraid Árann ná aon imeacht a bhfuil baint ag an Spiorad Naomh leis. B’fhéidir go nochtfar sna seachtainí beaga seo romhainn cad é go díreach a tharlaíonn.
Tá’s againn go mbítear ag paidreoireacht. Tá’s againn go gcuirtear na páipéir vótála i gcrúiscín éigin agus go ndéantar iad a chomhaireamh. Ach idir an phaidreoiracht is an vótáil, cad a tharlaíonn?
Ní móide gur ar a dhá nglúin a bhíonn siad an t-am ar fad. An dtugtar óráidí nó an sleamhnaítear geallúintí timpeall? An bhfuil a fhios ag Dan Brown féin?
An cogar mogar, sunc san uileann, faiteadh súl, tá’s agat, dúirt fear liom, mise á rá leat, b’fhéidir é, ní bheadh a fhios agat, an fear seo againne, an chéad uair eile, mo chorsa an t-am seo, agus eile atá i gceist?
Is é sin, an polaitíocht leamh na huaire a shocraíonn an scéal seo ar fad?
Tá scéal éigin i gciste mo chuimhne gur toghadh sagart neamhurchóideach éigin ina Phápa sna blianta dorcha fadó toisc gur ráinig dó caolú isteach sa Róimh nuair a bhí piocairí an Phápa i mbun a bplé.
Shuigh sé síos ina measc, agus tharla gur thuirling colúr de chuid cholúir an bhaile ar a ghualainn. Comhartha gurbh é an Spiorad Naomh a roghnaigh, agus rinne sé an bheart chomh maith le duine ar bith eile, de dhealramh.
Seans gurb é atá ag teastáil duine go dtuirlingeodh ní hea amháin colúir na cruinne, ach spideoga na spéire, agus mantáin an mhachaire, agus liabóga leathair na leithinse, agus gurb iad a roghnódh an chéad Phápa eile mar mhalairt ar na Pápa Billys eile.
Maítear gurb é an locht is mó ar an bPápacht ná nach bhfuil sí bord ar aon, agus rámh ar rámh leis an saol comhaimseartha.
Is ionann sin agus nach bhfuil sí ag géilleadh gan cheist don tomhaltóireacht mar aon bhrí na beatha amháin. Cé déarfadh, seachas mé féin agus cúpla ainrialaí eile, gur rud fónta é sin?
Ach tá géillte fadó don saol comhaimseartha ag an bPápacht agus ag an Eaglais ar mhaith le cuid mhór againn ár ndílseacht a thabhairt di.
Tá an Eaglais Chaitliceach le blianta á céasadh féin ar chrois a bhaineann le gnéas is le craiceann is le leathar is le peacaí, mar dhea, na feola.
Tá a dúchas féin tréigthe ar fad aici sa ghnó is tromchúisí agus is mó a chaitheann seile ar theagasc Íosa.
Tá tuairim bhuile éigin agam go raibh fearg ar Íosa maidir le lucht malairt airgid. B’fhéidir breall a bheith arís orm, ach is dóigh liom gurbh í an t-aon uair amháin í gur chaill sé an bop.
Tá tuairim bhuile aisteach eile agam, tar éis dom soiscéal ann is as léamh, gur mhó fearg Íosa, abraimis fearg Dé, in aghaidh saint na mbaincéirí ná in aghaidh cailíní nó buachaillí beaga a dhéanfadh gníomh i leataoibh na slí.
Ní fheicim fearg sin Íosa in Eaglais Dé. Ná ní fheicim fuip Íosa ar thairseach na mbanc. Ná, ní chloisim liúireach is béiceach in aghaidh na gcumhachtaí impiriúla a chéas é.
Bhí tráth ann nuair gurbh í an úsaireacht an peaca ba mhó ar bith. Aon tseans go ndéanfaí an úsaireacht a athbheochan mar pheaca? Aon tseans go gcoinnealbháfaí úsairí? Go gcuirfí ar an raca iad, fiú?
Mé ag faire go géar ar phiocairí an Phápa agus ar na Pápa Billies araon.