Beocheist/Éadhmonn Mac Suibhne:N'fheadar cén cur síos a dhéanfainn ar mhuintir na hÉireann dá gcuirfeadh duine ó phláinéad eile, nár airigh tásc ná tuairisc fúinn riamh, ceist orm fúthu?
Ní bheadh leisce orm a rá gur cine cainteach carthanach cairdiúil iad - nach é sin a cheapaimid fúinn féin ar aon chuma agus cé mise le mo chur i mbaol mo mhillte trí dhul ag snámh in aghaidh an easa?
An bhféadfainn a dhearbhú gur dream smaointeach fadcheannach fadbhreathnaitheach sinn? Bhí na naoimh againn go flúirseach, más fíor a deir na staraithe, ach ní bheinn cinnte gur fhágadar mórán ina ndiaidh a ghnóthódh Duais Nobel as feabhas a n-intleachta dóibh dá mairfidís lenár linn féin. Chuir Pádraig an ruaig ar na nathracha nimhe cé nach gníomh é sin a chorraigh lucht na hEaglaise, an uair úd ná ó shin, is cosúil, ní ba mhó ná mar a chorraigh an scéal gur sháigh sé bior a bhachaille i gcos an ard-rí. Thug sé an creideamh anall chugainn ach, i ndeireadh na dála, nárbh é sin a ghnó mar mhisinéir agus nár dhein na mílte eile dá shaghas an éacht chéanna ina dhiaidh.
Ach ní chuig Pádraig ná Bríd ná Colm Cille go sonrach atá mé ach chuig an íomhá díobh is rogha le hÉireannaigh na haoise seo de réir dealraimh, rud a mhíníonn go soiléir tréithe atá ionainn i ngan a fhios dúinn.
Is chuige atáim, go bunúsach, ná gur mó atáimid tugtha don iontas is dá n-eascrann as ná mar atá spéis againn sa mhéid is gá le sinn féin a fhorbairt mar dhaoine agus an saol sa tír seo a chur in oiriúint dóibh sin atá le teacht inár ndiaidh.
Nuair a thángathas ar lasta mór drugaí le déanaí bhí an scéal ar theanga gach aon duine, ar an gcúis amháin, feictear dom, gurbh fhiú breis is céad milliún euro an t-iomlán.
Bhí lastaí a ghabhadh nárbh fhiú gar don méid sin airgid iad, ach níor airigh mé daoine ag caint fúthu ach ar éigean - faoina éasca is a bhí sé na drugaí a thabhairt i dtír agus faoi cad ba ghá a dhéanamh le smacht a chur ar an gcineál san trádála as seo amach. I bhfocail eile, ba spéisiúla linn an t-iontas ná an baol.
Nuair a bhíonn tionóisc mhór ar cheann dár mbóithre is go maraítear leathdhosaen ainniseoir, bímid uile buailte leis an ngráin.
Ach sara dtarlaíonn an tionóisc in aon chor ní fheictear dúinn gur gnó dúinn uile mar aonaráin é an fhadhb a scrúdú agus iarracht a dhéanamh ar theacht ar shocrú a chinnteoidh nach dtarlóidh tubaistí dá leithéid riamh.
Agus fiú is go ndéantar a leithéid d'iarracht is ar an tubaiste is ar an ár a leagtar an bhéim de ghnáth (sna pictiúirí ar an teilifís, mar shampla) in áit an fhadhb go huile a phlé d'fhonn an scéal a leigheas.
Tá deacrachtaí againn leis an gcóras sláinte agus na páirtithe polaitiúla ag sárú a chéile leis an réiteach a bheadh acu féin a chur os comhair an phobail. Ach níor thit na deacrachtaí atá le láimhseáil ón spéir anuas thar aon oíche.
Ní foláir nó bhí siad ag fás le tamall de bhlianta agus is í an cheist a chuirfinn féin ná cad ina thaobh nár aithníodh san agus nár deineadh cibé ní ba ghá lena chinntiú nach dtarlódh siad?
Agus an bhfuilimid ar an mbóthar ceart lena dheimhniú nach mbeidh orainn déileáil lena leithéid sin de thubaiste sa todhchaí?
Ní leor tobfhreagairt (knee-jerk reaction), ie, a thuilleadh spásanna a chur ar fáil sna hospidéil, gan féachaint ar an scéal ar bhonn níos leithne. Is é sin, a dheimhniú nach dtarlóidh an tubaiste, agus gan fanacht go bhfuil sí ann cheana féin.
Tá taithí leathan againn um an dtaca seo ar an-chuid drochfhadhbanna atá le réiteach againn mar phobal - iadsan thuas mar shampla , na "meithleacha catha", an mhímhacántacht sa saol poiblí, a éasca is atá sé teacht ar ghunnaí is ar armlón, cultúr an fhéinmharaithe, gan ach cuid bheag díobh a lua.
Ní foláir dúinn a admháil gurb orainn féin atá an locht sa mhéid is nár thugamar aird mar ba chóir ar a raibh ag tarlú is nár ghlacamar na céimeanna cuí.
Tá seasamh againn i measc na náisiún anois nár shamhlaigh ár sinsear riamh. Tá sé in am dúinn a chruthú gur fiú sinn an seasamh san trína léiriú nach ag frithghníomhú a bheimid a thuilleadh ach go mbeimid ag obair go ciallmhar leis an leas a chur i ngníomh agus an t-aimhleas a sheachaint.
Ba shuaimhní an saol a bheadh againn sa Stát seo anois an lá inniu dá mba é sin an meon a bhí againn i bhfad roimhe seo.