TÁ SCOIL an Dlí agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, agus Conradh na Gaeilge le siompóisiam lae poiblí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a reáchtáil ar Choláiste na Tríonóide, Dé Sathairn, 21ú Eanáir.
"Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: leasú chun feabhais" is ainm don ócáid. Labhróidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Dáithí Mac Cárthaigh, BL, agus Éamonn Mac Niallais ón ghrúpa, Guth na Gaeltachta, le linn an lae.
Eolas: gaeloifig@tcd.ie