Cill Éinde na gcuimhní

Beocheist: Teampall ársa ealaíonta álainn: sin a thug an Moinsineoir Breandán Ó Ceallaigh, iarshagart paróiste an Spidéil agus…

Beocheist:Teampall ársa ealaíonta álainn: sin a thug an Moinsineoir Breandán Ó Ceallaigh, iarshagart paróiste an Spidéil agus Easpag Achadh Chonaire, ar Chill Éinde, an Spidéal, le linn a sheanmóra ag Aifreann chomóradh céid an tséipéil sin i mí Lúnasa anuraidh.

Bhí go leor imeachtaí éagsúla - idir léachtaí, misean agus cóisir - ar bun sa Spidéal mar chuid den chomóradh ar cuireadh clabhsúr leis le ceolchoirm sa séipéal é féin. Le linn na ceolchoirme - ina raibh Aisteoirí an Spidéil agus Cór Chois Cladaigh páirteach - chas an fidhléir Charlie Lennon píosa ceoil a chum sé go speisialta in onóir na hócáide.

Sheol an Dochtúir Gearóid Ó Tuathaigh as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, leabhar dar teideal, Cill Éinde - Céad Bliain, leabhar atá curtha in eagar ag Eoin Ó Droighneáin. Leabhar slachtmhar é ina bhfuil altanna fíor-spéisiúla, ní amháin faoin séipéal, ach faoi mhuintir an pharóiste agus faoi stair an cheantair agus tá sé maisithe le neart grianghrafanna.

Ina alt - "An Pobal a Thóg Cill Éinde" - déanann Timín Ó Curraidhín cur síos ar shaol mhuintir na háite i rith an 19ú haois agus in aimsir an Ghorta. Tá abairt amháin, thar aon cheann eile, san alt foirfe seo a thugann léargas soiléir dúinn ar an saol a bhí ann ag an am: "Ar 25ú Márta 1862, sa gCúirt Talún i mBaile Átha Cliath, cheannaigh Máirtín Muiréis baile an Spidéil ar chostas £25,000..."

READ MORE

De réir tuairisce a rinne Major Gaskell do Bhord na gCeantar Cúng i Samhradh na bliana 1892, ba £15 agus 6 scilling an teacht isteach bliantúil a bhí ag gnáth-theach sa Spidéal ag an am agus ba é £20 an caiteachas. Bhí Arthur Balfour - a bhí ina phríomhrúnaí ar Éirinn - ar dhuine de bhunaitheoirí Bhord na gCeantar Cúng, agus d'fhan sé go minic le Máirtín Muiréis sa Spidéal. Caitliceach a bhí sa Muiréiseach agus bhí baint mhór aige féin agus ag a chlann le tógáil Chill Éinde.

Ach ba é an tAthair Marcus D. Ó Conaire - a tháinig mar shagart pobail go dtí an Spidéal i 1897 - a chuir roimhe séipéal nua a thógáil in áit an tseanséipéil a bhí ann le tuairim is 50 bliain ag an am. De réir tuairisce, ní raibh mórán compoird sa séipéal seo a bhí suite díreach ó dheas de shuíomh Chill Éinde. Urlár dóibe a bhí san áit, agus seachas na Muiréisigh a raibh cathaoireacha acu, dar ndóigh, bhí ar an bpobal suí nó dul ar a nglúine ar an urlár seo. Déanann Máire Ní Neachtain cur síos ar thógáil agus ar ailtireacht Chill Éinde.

Is mar gheall ar an ailtireacht chéanna atá clú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an tséipéal. Ba é an t-ailtire William Scott as Baile Átha Cliath a rinne an dearadh, ar an stíl Ghaelach-Rómhánúil, agus ba iad ceardaithe agus ealaíontóirí as stuideó an Túr Gloine i mBaile Átha Cliath a rinne formhór na bhfuinneog.

An t-ealaíontóir Ethel Rhind, ón Túr Gloine freisin, a rinne stáisiúin na croise. Is ar na stáisiúin seo is minice a tharraingítear aird an duine a shiúlann isteach i gCill Éinde den chéad uair. Tugann siad uathu a n-áilleacht i solas na gcoinnle a bhíonn á lasadh ó mhaidin go hoíche ag paidreoirí agus ag cuairteoirí. Tá grianghrafanna daite de gach uile cheann acu le feiceáil sa leabhar.

Insíonn Máire Ní Neachtain scéal suimiúil faoi chlog Chill Éinde. Rinneadh é i Norfolk, Sasana, i 1817 agus bhíodh sé in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath go dtí gur aistríodh é go hOllscoil Ríoga na hÉireann ar Ardán Phort an Iarla i 1884. Cheannaigh sagart paróiste an Spidéil, an tAthair Tomás Mac Giolla Sheanaigh, é ar £40 i 1915 agus crochadh é i dtúr Chill Éinde i 1916. "Prosperity for Ireland" an mana atá scríofa air.

Sa túr céanna, tá fuinneog dhaite de Naomh Éinde agus déanann Feargal Ó Béarra cioradh ar an tseanchas agus ar an fhinscéalaíocht a bhaineann leis an naomh ina alt léannta "Cérbh é Naomh Éinde?" De réir an tseanchais, tháinig Éinde i dtír ag Carraig an Teampaill sa Spidéal, áit ar bhunaigh sé ospidéal do lobhair; an t-ospidéal óna bhfaigheann an Spidéal a ainm. Tá go leor cuntas suimiúil eile sa leabhar: faoi bhunoideachas sa gceantar agus faoi na sagairt is na mná rialta de bhunadh na háite.

Chun an céad a cheiliúradh, scríobh (mar a chuirtear é) Mihai Cucu, ón Rómáin, íocón de Naomh Éinde agus Cill Éinde ina lámh aige. Tá an saothar ar crochadh taobh leis an altóir;siombail den seansaol agus den saol nua in Éirinn sa 21ú haois.

Is múinteoir meánscoile é Ciarán Ó Cualáin