CROBHINGNE:DÚIRT PASCAL gurbh é ciúnas na spásanna ollmhóra lastuas de a chuir uamhan air.
Bíodh go bhfuil an ciúnas sin sceimhliúil go leor, b’fhéidir gur beag é suas is anuas le ciúnas na dtráchtairí a deireann mórán ach nach bhfuil faic le rá acu timpeall ar an nguais ina bhfuilimid.
Mar is í cabaireacht na dtráchtairí an ciúnas is mó ar fad. Ní heol dúinn conas is féidir leo fanacht ina ndúiseacht i rith an lae, gan trácht ar chodladh ar bith a dhéanamh san oíche.
Is fíor go ngineann an tuiscint go bhfuil a fhios ag daoine cad tá ar siúl ísliú ar an mbrú fola, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil a fhios ag daoine cad tá ar siúl.
An t-eacnamaí a dtiteann a aghaidh le háthas nuair a fhaigheann sé drochscéala, is dócha ar a laghad ar bith gurb eacnamaí macánta é.
Bhí na heacnamaithe trí chéile níos mórálaí as imeacht an tíogair cheiltigh ná mar a bhí siad as a theacht. Is í fírinne an scéil nach bhfuil a fhios ag aon duine cad tá ar siúl.
Níl a fhios ag aon duine cad tá ar siúl mar tá siad i dtaobh le teoiricí is le frámaí modheolaíochta nach mbaineann le saint an duine.
Má ligeann tú do na buachaillí ramhra dul i gceannas an tsiopa mhilseán, ná bíodh ort aon ionadh má bhíonn na milseáin ar fad sciobtha nuair a shroicheann tú an búth.
Tá an ciúnas in uachtar mar nach mian le daoine an rud atá go follasach nochtbhán os comhair a dhá súil a aithint.
Is í an fhírinne í sin ná go bhfuil an córas eacnamaíochta ar fad eagraithe ar shlí gurbh iad na daoine go bhfuil airgead cheana acu a dhéanfaidh a thuilleadh airgid, agus na daoine a bhfuil níos lú airgid acu a dhéanfaidh níos lú airgid fós.
Ar feadh tamaill bhig bhí an baol ann nach bhféadfaí an duine saibhir agus an duine bocht a aithint ó chéile, ach cuireadh deireadh leis sin go grod.
Bucaeid d’allas an tsaoil a chaitear anois ag iarraidh a chruthú gurb ionann baincéirí agus an chuid eile againn maidir le daonnacht de, ach ní léir gur fíor é.
Is cuimhin lena lán an eachtra ghrinn in Fawlty Towers maidir le “Don’t mention the war”, agus na Gearmánaigh bhochta iar-Naitsíocha nach raibh aon bhaint ag a sinsir leis na huafáis éagsúla a tharla an Eoraip.
I gcás lár céanna sin na hEorpa ba cheart gan mention ar bith a dhéanamh ar Chonradh Liospóin. Úps, tá sorry arís orm. An cuimhin libh é?
Dá vótáilfimis ar a shon bheadh an saol ina cheart agus Dia ar neamh agus lánfhostaíocht agus poist ag titim ón spéir agus mil ina slaoda agus cách go deas le chéile agus airgead síos i bpóca na mbochtán agus an huncaí ina dheoraí. Ní dúirt mé “We told you so!”, ach tá á bhrú síos im chliabh ó shin.
Tá an Eoraip ag dul síos na tiúib ceal sclábhaíochta agus ceal cothromaíochta araon.
Na tíortha is fearr cothromaíocht is iad is fearr a n-éiríonn leo aontas báirí sóisialta a chur i gcrích.
Na tíortha nach mian leo cothrom sóisialta a bhaint amach ní foláir dóibh sclábhaíocht de shaghas éigin a bheith i réim.
Ar leith amháin tá na tíortha Lochlannacha, agus ar an leith eile tá na puisíní móra san oirthear. Is féidir leis na tíortha Lochlannacha aontú sóisialta éigin a bheith acu mar is í an aidhm atá acu go bhfuil siad go léir san long fhada chéanna agus ar aon rámh.
Is féidir leis na puisíní móra san oirthear dul chun cinn ar an gconair chéanna a dhéanamh mar tá sclábhaithe a ndóthain acu a cheapann go mbeidh siad lá aoibhinn éigin saor ó shlabhraí amach anseo, nó a muintir ina ndiaidh, nó sliocht a sleachta, nó sliochta sleachta a sleachta sliochta.
Dá ndúiseofá i lár na hoíche agus tú ag marana go héadrom air seo, ní raghfá a chodladh arís.
Níl tuairim dá laghad ag aon duine amuigh ansin, ná níl fasc ná freagra ná tuiscint. Nuair a dhéanann tú an tost a scagadh faigheann tú ciúnas mór.
Agus nuair a bhaineann tú an screamh anuas den chiúnas cabaireacht gan chuibheas a toradh. Is í an chabaireacht sin ná an “excess of volubility” a luaigh Sean O’Faolain agus é ag trácht ar bhladar Chiarraí. Táthar ar fad ag caint, ach is beag atáthar á rá.
Is é oighear diachrach an scéil é ná gurbh iad dhá uirlis an chumannachais an dá uirlis is éifeachtaí ag eireaball an chaipitleachais abhus.
An casúr chun smaointe gan dealramh a bhualadh isteach in intinn an phobail; agus an corrán chun gach a bhfuil buaite ag an daonnacht choiteann a theascadh anuas le taitneamh.
Ná creidtear focal den chiúnas.