FÓGRÓIDH AIRE Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, an Clár Tacaíochta Teaghlaigh go luath, scéim tacaíochta teanga úr a thiocfaidh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi anuraidh.
In agallamh leis an gcolún seo agus a chéad bhliain caite aige mar Aire Stáit na Gaeltachta, thug Dinny McGinley (FG) le fios go raibh €500,000 curtha ar leataobh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don scéim nua.
Faoin scéim, beidh deis ag tuismitheoirí síniú le clár náisiúnta de thuisimitheoirí a bhfuil fonn orthu a leanaí a thógaint trí Ghaeilge. Murab ionann agus Scéim Labhairt na Gaeilge ní íocfar aon deontas díreach le teaghlaigh a chláraíonn leis an scéim ach cuirfear seirbhísí tacaíochta éagsúla ar fáil dóibh chun cabhrú leo a leanaí a thógáil trí Ghaeilge.
Is ar leanaí Gaeltachta in aois scoile a bhí Scéim Labhairt na Gaeilge dírithe, ach díreoidh an clár tacaíochta ar chabhair a thabhairt do thuismitheoirí sula dtéann a leanaí ar scoil agus fiú sula dtagann a leanaí ar an saol.
Déanfar é seo, mar shampla, trí phacáistí eolais a chur ar fáil faoi na seirbhísí tacaíochta oideachais agus sláinte atá ar fáil do thuismitheoirí a roghnaíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh.
Scaipfear eolas chomh maith faoi na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a roghnú mar theanga teaghlaigh agus faoi na modhanna is fearr le clann a thógáil le Gaeilge.
Is ar theaghlaigh Ghaeltachta is mó a dhíreoidh an scéim ach beidh cead ag tuismitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht clárú chomh maith.
Feidhmeoidh an clár nua mar ghréasán náisiúnta tacaíochta do thuismitheoirí a bhfuil cinneadh tógtha acu a leanaí a thógáil trí Ghaeilge, a dúirt McGinley.
Dúirt sé go raibh ré Scéim Labhairt na Gaeilge caite agus gur theastaigh scéim nua a bheadh in oiriúint do chur chuige na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge: “Scéim Labhairt na Gaeilge – sin an stair. An cruthú nach raibh sé ag obair ná na tuairiscí ar fad a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge faoi níos mó brú ná riamh sa Ghaeltacht.
“Is cúis mhór imní dom go bhfuil an oiread sin brú ar an nGaeilge sa Ghaeltacht ach cabhróidh an cur chuige nua le cinntiú nach mbrisfear an slabhra teanga agus go mbeidh sruth láidir de chainteoirí dúchais againn amach anseo.”
Dúirt sé gur léiriú praiticiúil amháin é an Clár Tacaíochta Teaghlaigh ar an obair a bhí ar bun ag an Rialtas maidir le slánú na Gaeilge agus go dtugann sé an bhréag dóibh siúd atá den tuairim gur beag atá déanta le bliain anuas le feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain:
“Maidir leis an straitéis tá an machnamh agus an chaint beagnach déanta agus na tuairimí ar fad beagnach faighte. Bhí orainn an bhunchloch agus an dúshraith a leagan síos agus tá sin déanta ag mo Roinn.
“Is fearr go mór na rudaí seo a dhéanamh i gceart an chéad lá agus gan bheith ag léim isteach agus ansin ag fáil amach faoi cheann cúpla bliain nach bhfuil rudaí ag obair mar ba chóir.”
Cé go ndeir sé go bhfuil obair thábhachtach ar bun ag na coistí trasrannacha atá bunaithe chun feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain, admhaíonn sé gur beag dóchas a thugann bunú coistí don ghnáthdhuine ar cás leis a bhfuil i ndán don teanga.
“Tuigim go bhfuil daoine ag fanacht le beartais fheiceálacha, go bhfuil siad ag iarraidh rudaí a fheiceáil ag tarlú i lár an aonaigh, ach feicfidh siad tuilleadh de na rudaí sin ag tarlú as seo amach.
“Sampla amháin is ea an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, sampla eile is ea an Bille Gaeltachta – an chéad phíosa reachtaíochta mar seo ó na 1970í – atá ag an dréachtóir parlaiminte faoi láthair.”
Tabharfaidh an Bille Gaeltachta sainmhíniú nua ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar chritéir thíreolaíochta agus leagfaidh sé amach cúraimí agus struchtúr nua d’Údarás na Gaeltachta.
Tabharfaidh an reachtaíocht nua deis chomh maith do cheantair lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta stádas mar “ghréasáin Ghaeltachta” a bhaint amach.
Is iad cuid de na beartais atá curtha i gcrích ag an Rialtas cheana is mó atá ag cothú conspóide i láthair na huaire, áfach.
Go deimhin, tá cuid mhaith ama caite ag an Aire Stáit ar na meáin le déanaí ag cosaint cinntí rialtais éagsúla, ina measc an cinneadh oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus an cinneadh an deontas a íoctar le hábhar oidí a chaitheann seal sa Ghaeltacht a tharraingt siar.
Tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair ag Roinn na Gaeltachta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mar chuid den phróiseas sin tá aiseolas faighte ón bpobal i bhfoirm suirbhéanna agus aighneachtaí.
Deir McGinley go mbeidh na haighneachtaí seo ar fáil go poiblí sula ndéanfar aon chinneadh maidir le hathruithe. Ach cad a tharlóidh má thagann sé chun solais go bhfuil tuairimí láidre ag an bpobal maidir leis an gcinneadh conspóideach faoi Oifig an Choimisinéara?
“Tá an cinneadh sin tógtha ag an Rialtas agus seasann sé mar chinneadh rialtais. Mar atá ráite agam go minic ní shílim go dtiocfaidh aon laghdú ar éifeacht ar obair an choimisinéara.”
Ach dá léireodh an pobal a mhalairt de thuairim?
“Níl an t-údarás agamsa dul ag caint faoi chinneadh rialtais a athrú. Tá an cinneadh tógtha agus sin mar atá sé san am i láthair.”
Go deimhin, tá ráite ag an bhfreasúra go mbeadh i bhfad níos mó údaráis agus tionchair ag McGinley dá mbeadh áit aige ag Bord an Rialtais.
Ní ghlacann sé leis an argóint gur míbhuntáiste don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nár ceapadh ina aire sinsearach é.
Deir sé go bhfuil “seasamh an-láidir ag an nGaeilge” ag Bord an Rialtais agus go bhfuil an Taoiseach, an Tánaiste agus na hairí eile “báúil” le agus “dílis” don Ghaeilge.
“Chomh maith leis sin tá Jimmy Deenihan (an t-aire sinsearach sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta) mar chrann taca iontach agamsa. Ní bhíonn aon fhadhb agamsa na pointí láidre a bhíonn agam a chur in iúl don chomhaireacht.”
Bíonn plé rialta chomh maith aige lena chomhghleacaí ó thuaidh – Carál Ní Chuilín (SF) – faoi cheist na teanga agus faoi cheist achrannach na samhaile nua maoinithe atá leagtha amach ag Foras na Gaeilge d’earnáil bhunmhaoinithe na Gaeilge.
Tá próiseas comhairliúcháin poiblí á reachtáil ag an bhforas faoi láthair maidir leis an gcóras nua.
Ach thug leas-phríomhfheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, le tuiscint ag cruinniú comhchoiste Oireachtais an tseachtain seo caite nach rachfaí chun cinn leis an tsamhail nua sa chás go mbeadh na heagraíochtaí ar fad ina coinne.
Ní raibh McGinley sásta tuairim a thabhairt ar ráiteas Uí Choinn ach dúirt sé nár mhaith leis go gcaillfí aon chuid den “stór eolais” a bhí ag na heagraíochtaí.
Ag an gcruinniú céanna comhchoiste Oireachtais, ghlac Ó Coinn leis go raibh “fadhb chumarsáide” ag an eagraíocht trasteorann.
An mbeadh McGinley ag teacht leis an léamh sin ar an bhforas?
“Déarfaidh mé an méid seo, níl eagraíocht ar bith sa tír nach mbeadh ag iarraidh go mbeadh córas cumarsáide níos fearr acu agus aon eagraíocht nach bhfuil ag iarraidh sin tá fadhb mhór acu. Ní haon eisceacht é Foras na Gaeilge.”
I ndiaidh blianta fada a thabhairt ar bhinsí an fhreasúra tá bliain tugtha anois ag Dinny McGinley ar an dtaobh eile den Teach.
Cuimhníonn sé uaireanta, a deir sé, ar a laethanta sa fhreasúra nuair a bhíodh “seiceanna agus deontais á gcaitheamh thart ag airí mar a bheadh snaois ag tórramh ann”.
Ach dúshlán nua ar fad atá roimhe, a deir an Conallach.
“Caithfimid a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ag an chéad ghlúin eile agus é sin a dhéanamh taobh istigh d’acmhainní teoranta. Tuigeann an pobal é sin, sílim.
“Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh le cinntiú go mbainfimid an cuspóir sin amach ag am cinniúnach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá go leor ag tarlú a thugann ábhar dóchais agus uchtaigh dom.”
achrannach contentious – aois age – bréag lie – cinneadh decision – clár programme – cúis cause – deontas grant – dóchas hope – dúshraith foundation – eisceacht exception – eolas information – míbhuntáiste disadvantage – neamhspleách independent – obair work – próiseas process – rogha choice – roinn department – scéim scheme – slabhra chain – straitéis strategy – tacaíocht support – tuairim opinion – tuismitheoirí parents