Beocheist: Bhí mé ar saoire i dtuaisceart Thír Chonaill nuair a bhí an athimirt ar siúl idir Dún na nGall agus Gaillimh i mbabhta ceathrú ceannais an Chraobh Pheile.
Ar Aifreann tráthnóna Dé Sathairn d'iarr an sagart ar an phobal paidir a dhéanamh ar son thosaithe an chontae, nach mbeadh barraíocht ciceanna iomrallacha acu an lá dár gcionn.
Ar ais ar an láthair carabhan casadh beirt ón Tuaisceart orm a bhí díreach tar éis an turas a dhéanamh ó Phort an Dúnáin chun seachtain a chaitheamh cois farraige.
Dála a lán eile ar an láthair sin is de bhunadh Protastúnach iad atá ag teacht ansin ar saoire le breis agus 50 bliain.
Agus iad ag teacht tríd Bhaile na nGallóglach chonaic siad na bratacha glasa agus buí agus theastaigh uathu a fháil amach cad a bhí ar siúl.
Mhínigh mé dóibh nach ceiliúradh poblachtach a bhí ann ach go raibh cluiche mór le bheith ar siúl i gCaisleán an Bharraigh an lá dár gcionn agus dá mbeadh an bua ag Dún na nGall go mbeadh siad sa bhabhta leathcheannais.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, d'fhiafraigh siad díom cé a bhuaigh. D'inis mé dóibh agus arsa mise go magúil: "Má bhíonn sibh anseo ar an Satharn deiridh den mhí beidh oraibh tacaíocht a thabhairt do bhur gcontae féin agus bratach oráiste a chrochadh ón charbhán."
Thóg sé tamall sul ar thuig siag siad gur ag tagairt do dhathanna fhoireann peile Ard Mhacha a bhí mé agus ní don Ord Oráiste.
Tá breis agus 30 bliain imithe ó bhí cónaí orm sa Tuaisceart ach gach bliain agus mé ar saoire i dTír Chonaill tagann sé abhaile chugam an deighilt mhór atá ann go fóill idir an pobal náisiúnach agus an pobal aontachtach ainneoin na n-iarrachtaí ar fad atá ar siúl chun athmhuintearas a chothú.
Thabharfadh na haontachtaithe sin a thagann ar saoire liobrálaigh leathanaigeanta orthu féin. Bíonn saoire acu ó am go céile i nGaillimh, i gCiarraí nó i gCorcaigh agus bíonn caidreamh gnó acu le comhlachtaí ó dheas. Is minic i mBaile Átha Cliath iad le haghaidh cluiche rugbaí ar Bhóthar Lansdúin nó cluiche hacaí ar pháirc imeartha Bhelfield ach níor casadh duine acu go fóill orm a chuir cos i bPáirc an Chrócaigh.
Agus ainneoin an chlúdaigh a thugann BBC agus UTV anois do na cluichí Gaelacha ní léir suim ar bith acu i ndul chun cinn a gcontae féin i gcomórtais Chumann Lúthchleas Gael.
Cé nach ndéarfaidís os ard é, ina gcroí istigh, is dóigh liom, go mbeidís ar aon tuairim le rúnaí oinigh an UUP, Arlene Foster, a dúirt ar na mallaibh gur eagraíocht leathpholaitiúil CLG atá naimhdeach don stát ó thuaidh agus gur cheart í bheith ar an liosta eagraíochta a chaithfidh oifigigh an tSeirbhís Póilíneachta thuaidh, an PSNI, a fhógairt iad bheith ina mbaill iontu.
Bhí CLG, dar léi, chomh polaitiúil agus chomh seicteach céanna agus a bhí an tOrd Oráiste nó Ridirí Cholumbanus, Printísigh Dhoire nó Ord Ársa na nÉireannach.
Ní haon mhaith a rá leis na daoine seo go bhfuil Protastúnaigh ina mbaill de CLG agus go raibh Protastúnaigh ina n-uachtaráin air, nó fiú go bhfuil peil Ghaelach á imirt ag baill an PSNI. Feiceann siad bratach na hÉireann ar pháirceanna imeartha CLG, cluineann siad Amhrán na bhFiann á chanadh agus chomh fada agus a bhaineann sé lena lán acu ionaid earcaíochta don IRA atá i gcuid mhór de na clubanna.
Taitníonn liom go mór comhluadar na dTuaisceartach sin a mbuailim leo i dTír Chonaill. Bím níos compordaí go minic ina gcuideachta ná mar a bhím i gcomhluadar i mBaile Átha Cliath.
Taitníonn liom an chaint díreach agus an greann tirim atá acu. Tá na nathanna céanna lenar tógadh mé féin sa chaint acu. Taitníonn liom fosta an meas atá acu ar an timpeallacht. Ní fhágann siad cannaí agus malaí plaistice ar an trá agus is féidir a lán a fhoghlaim uathu faoi na héin agus na plandaí a bhíonn le feiceáil ar an chósta.
Cuireann siad suim i stair an cheantair agus is minic ceisteanna á gcur acu faoi chiall na logainmneacha. Ba mhaith liom bheith i lár scaifte acu i dteach tábhairne nó in óstán ar an tríú Domhnach de mhí Mheán Fómhair agus iad ag béicíl ar son Ard Mhacha nó Thír Eoghain.
Is eagal liom nach i mbliana a tharlóidh sé sin.