BEOCHEIST: LE LINN na Seachtaine Móire i mbliana, dheineas mo mhachnamh ar an gCáisc. Cé gurb é bunchreideamh na Críostaíochta é gur aiséirigh Íosa Críost ó mhairbh (1 Corantaigh 15: 1-4), léirigh pobalbhreith chuimsitheach sa Bhreatain le déanaí nach raibh eolas dá laghad ag os cionn a leath de na daoine óga a ceistíodh ar thábhacht na Cásca. Ná ní raibh a fhios acu ach an oiread cérbh É Íosa fiú amháin, ná Iúdás, ná na pearsana eile a raibh dlúthbhaint acu le scéal na Críostaíochta.
Conas a bheadh na torthaí dá reáchtálfaí in Éirinn é? Fós féin bíonn “saineolaithe” ar chúrsaí creidimh ag spalpadh a gcuid tuarimí ar chúrsaí eaglasta sa tír seo seacht lá na seachtaine.
Ní hamháin sin ach bíonn oideachasóirí áirithe ag maíomh fós gurb í seo an ghlúin Eorpach a chuirfidh dlús faoin nGeilleagar Cliste. Má tá aineolas i leith na Críostaíochta go forleathan, caithfidh go bhfuil cúrsaí níos measa fós maidir leo siúd a deir go bhfuil cur amach áirithe acu ar Ioslam, ar an mBúdachas, ar an nGiúdachas agus eile – agus cónaí orainn i ré nua seo na hilghnéitheachta agus na hilchultúrthachta mar a mhaítear!
Cúig cheist bhunúsacha ar bhrí na Cásca a d’eisigh an nuachtán Sasanach The Sunday Telegraph, agus cuimhnigh gur nuachtán do lucht intleachta an nuachtán céanna.
Creid é nó ná creid, níor chuala 55 faoin gcéad díobh siúd a d’fhreagair an ceistneoir ar bhonn deonach ainm an té a d’fheall ar Chríost. Fear óg amháin, dúirt sé gurbh é “Judas Priest” – ainm ar bhanna ceoil trom-mhiotail aitheanta – a rinne feall ar Chríost. Dúirt duine eile go mba é deartháir Chríost a bhí ciontach. Peadar, Maois, Nazarus (pé hé féin) agus boc darbh ainm “Judas Escargot” a bhí i measc na bhfreagraí eile ar an gceist sin.
Tá stair agus cultúr na hEorpa trí chéile fite fuaite le stair na Críostaíochta mar atá fógraithe le deireanas ag fealsúna agus intleachtóirí móra ár linne – Jürgen Habermas na Gearmáine ina measc. Mar an gcéanna ó thaobh cúrsaí staire agus cúrsaí cultúrtha de – forbairt na litríochta, an cheoil agus na péintéireachta de. Ní rófhada ó shin ó goideadh taise luachmhar as Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath, scéal a bhí sna meáin ach ní hin an chéad uair a tharla a leithéid d’eachtra gadaíochta sa Breatain ná in Éirinn le blianta beaga anuas.
Bhíos thall i sean-Sasana ar na mallaibh agus chonaic mé go bhfuil an séipéal ar a dtugtar Notre Dame de France i gceartlár Londan ag iarraidh €30,000 a bhailiú ionas gur féidir leo cosaint de shaghas éigin a thabhairt do chúpla múrmhaisiú a rinne an Francach cáiliúil Jean Cocteau.
Cérbh é Jean Cocteau? Duine de na healaíontóirí b’iomráití agus b’ildánaí a rugadh san Eoraip sa chéad seo caite. Fear ilchumasach, fear nár cheil a homaighnéasacht ag am i bhfad sula raibh sé sin inghlactha ná faiseanta fiú.
File, úrscéalaí, drámadóir, dearthóir, drámadóir, ealaíontóir agus scannánóir ab ea é, é mór le leithéidí Pablo Picasso, Jean Hugo, Jean Marais, Henri Bernstein, Marlene Dietrich, Coco Chanel, Erik Satie, María Félix, Edith Piaf agus Raymond Radiguet.
Cé go mba le fir a bhí na caidrimh phearsanta ba bhuaine a bhí ag Cocteau i rith a shaoil is cosúil go raibh caidreamh amháin aige le bean uasaicmeach darbh ainm an Banphrionsa Natalie Paley, iníon le diúc mór le rá.
Shocraigh Paley ar ghinmhilleadh a fháil nuair a fuair sí amach go raibh sí ag iompar clainne, cinneadh a ghoill go mór ar Cocteau agus ar Paley, go mór mór nuair a chuaigh sise in aois.
Bhain Cocteau clú agus cáil amach mar léiritheoir amharclainne agus mar stiúrthóir agus d’oibrigh sé i Sasana sna 1950í ar dhrámaí a raibh ráchairt mhór orthu Beauty and the Beast agus Orpheus.
An tsraith mhúrmhaisithe a rinne Cocteau i Londain, baineann an saothar le cúig shraith dhifriúla a phéinteáil sé i séipéil dhifriúla ar fud na hEorpa. Scriosadh séipéal Notre Dame de France i rith an Dara Cogadh Domhanda ach rinneadh atógáil arís air. Is ansin a d’iarr ambasadóir na Fraince (chun na Breataine) ar Cocteau na múrmhaisithe a dhéanamh. Fuair Cocteau bás sa bhliain 1963.
Má bhíonn tú i Londain uair éigin, b’fhiú duit cúpla nóiméad a chaitheamh i séipéal Notre Dame de France in Leicester Place, cúpla paidir a rá agus coinneal a lasadh os comhair na múrmhaisithe áille seo – mar a rinne Cocteau de réir dealraimh gach maidin sular thosaigh sé lena phéintéireacht. B’fhiú é seo a dhéanamh mar b’ealaíontóir Eorpach clúiteach é Jean Cocteau: cuid dár n-oidhreacht chomhchoiteann é.