Chun ómós a thabhairt don fhoilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh, a bhunaigh an comhlacht Coiscéim 25 bliain ó shin a bhailigh údair na Gaeilge le chéile in Áras Fhoras na Gaeilge Dé Sathairn seocaite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Is fada ó chonacthas an oiread sin de scríbhneoirí Gaeilge ar aon láthair. Ó gach cearn den tír a tháinig siad, ó Phort Láirge, Chiarraí, ón Chlár, Ghaillimh, Fhear Manach, Dhoire, ó Bhaile Átha Cliath agus ó Pháras na Fraince. Bhí teachtaireachtaí dea-mhéine ó Dhún na nGall, ó Bhéal Feirste, ó Albain, ó Bharcelona agus ó dheisceart na Fraince.
Ba údair iad a bhformhór a raibh saothar dá gcuid foilsithe ag Coiscéim, ó 1980 i leith agus bhí cúigear ainmnithe chun labhairt thar a gceann.
Thug an tOllamh Cathal Ó hAinle cuntas gairid ar stair fhoilsitheoireacht na Gaeilge ó bunaíodh an Stát agus rinne suntas den éacht a bhí déanta ag Coiscéim as 650 leabhar a chur ar fáil don ghnáthléitheoir in achar 25 bliain i gcomparáid lena ndearnadh roimhe sin.
Labhair na filí, Deirdre Brennan, Derry O'Sullivan agus Louis de Paor maraon leis an úrscéalaí, Séamas Mac Annaidh, faoin spreagadh agus faoin tsaoirse a thug an Snodach dóibh mar scríbhneoirí. Léigh Micheál Ó Ruairc sliocht as úrscéal atá idir lámha ag an scríbhneoir bisiúil Ciarraíoch, Pádraig Ó Cíobháin, nach raibh in ann bheith i láthair.
Bhí focal molta ag Ó Snodaigh féin do na daoine go léir a chuidigh leis thar na blianta, ina measc Risteard Ó Glaisne, nach maireann. Thug Ó Glaisne iasacht airgid £1,000 dó nuair a bhí Coiscéim á bhunú. Mhol sé a bhean, an dealbhóir Clíodhna Cussen, a bhí ina crann taca i gcónaí aige. Is í an file, Biddy Jenkinson, agus an t-eagarthóir Micheál Ó Cearúil, a d'eagraigh an ócáid agus is é Liam Mac Con Iomaire a bhí ina fhear an tí.