Coiscéim agus clocha ar bhóthar na staire

BEOCHEIST Is breá an spaisteoireacht phríomhchathrach é dul ó bhun Shráid Fhearchair (Harcourt) ar fud Fhaiche Stiabhna…

BEOCHEISTIs breá an spaisteoireacht phríomhchathrach é dul ó bhun Shráid Fhearchair (Harcourt) ar fud Fhaiche Stiabhna.

Rachaidh an spaisteoir thar chloigeann marmair Róisín Dubh le Liam Mac Piarais agus go leor dealbhacha eile, thar an seastán do bhanna ceoil a thóg Póilíní Bhaile Átha Cliath a chomóradh na Banríona Victoria in 1887, taobh le Linn na Lachan agus amach trí Stua na Saighdiúirí, nó mar a fheictear do chuid den phobal, trí Chuing na Caithréime a chuireann le buaine arm Shasana in Éirinn.

I ndiaidh dó sa bhFaiche, gabháil i measc daoine den iomaí chineáil agus iad ag deifriú leo nó ag sínteoireacht ar an bhféar, tiocfaidh sé amach ag barr Shráid Ghrafton mar a bhfuil an éagsúlacht chéanna daoine ann.

Ach cérbh é Grafton? Henry Fitzroy ab ainm dó, mac le Séarlas II Shasana. Maraíodh i gCorcaigh i 1690 é agus é i gceannas ar fhórsaí Liam Oráiste. Agus cérbh iad Harcourt, agus Westmoreland agus na scórtha eile dá sórt? Lords Lieutenant ab ea a lán díobh, fir ionaid an rí. Carlisle agus Sackville, mar shampla, a bhfuil Ó Conaill ina n-áit inniu in ainm an droichid agus in ainm na sráide.

READ MORE

Trí bhuanú ainmneacha rí-shleachta agus na bhfear ionaid seo bhí an rí-phearsa féin le bheith i láthair i gcónaí, ar bhealach níos uile-ghabhálaí ná an chorrdhealbh nó leacht. Tá dealbhacha agus leachtanna ríoga ann, gan dabht, ach freisin tá a leithéidí le freasúra tar éis éirí ar fud na príomhchathrach.

Tá Tone agus Emmet agus Markievicz i bhFaiche Stiabhna. Tá tuilleadh i Sráid Uí Chonaill. Tá dealbh Parnell ann mar a ghabhann Sráid Parnell (Great Britain Street tráth) thar Chearnóg Parnell (Rutland Square tráth), áit a bhfuil ceann de dhá gharraí cuimhneacháin na príomhchathrach.

Tá Colún Nelson (1808-1966) imithe anois ach tig linn dul ón áit a mbíodh sé ar bhus go dtí Páirc an Fhionnuisce. "A Symbol of Colonial Rule," a thugann an tOllamh Dana Arnold, staraí ailtireachta, ar an bpáirc. Fia-pháirc ríoga ba ea é agus tá cúig cinn de pháirceanna ríoga fós ann i Londain.

Idir na blianta 1832 agus 1849 athmhúnlaíodh Phoenix Park faoi chomhairle Decimus Burton, fear a rinne mórán obair athnuachana roimhe sin ar na Páirceanna Ríoga i Londain. Agus bhí a lán déanta cheana féin i mBaile Átha Cliath.

Is i bPáirc an Fhionnuisce a bhí árais agus diméinte fhear ionaid an rí, an rúnaí, agus an fo-rúnaí, fara Beairic Mhoinseo mar a raibh an tSuirbhéireacht Ordanáis, Scoil Ibeirneach an airm, agus, ar ndóigh, Garraí na nAinmhithe a mheabhraíonn an domhan mór leathan, is é sin, an impireacht nach dtéadh an ghrian faoi uirthi.

Ag an am sin bhí leacht ollmhór ollard Wellington á thógáil os cionn an iomláin ina chomhartha ar chumhacht mhíleata impiriúil na Breataine agus mar a deir Arnold: "It is a statement of national pride, but one made within a colonial context."

Faoi chomhairle Burton díríodh an príomhbhóthar agus cuireadh 'ha-ha', is é sin, balla faoi leibhéal an talaimh, timpeall na ndiméintí le béim a leagadh ar fhaid agus ar fhairsinge na timpeallachta gan fál sofheicthe idir an pobal agus na máistrí. Tógadh lóistí sa stíl chlasaiceach ar gheataí, agus glacadh patrún éide na ngeatóirí ó Londain.

Trí stíl pháirceanna Londan, go háirithe stíl Regent's Park, a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath cuidíodh le cothú atmaisféar an údaráis i bpríomhchathair choilíneachtá.

Ó shin tharla roinnt eachtraí i bPáirc an Fhionnuisce nach raibh de réir pholasaí na Ríochta Aontaithe. In 1842 nuair a chuaigh Tomás Dáibhís agus a chairde a shiúl sa Pháirc bhí siad ag leanúint pholasaí na n-údarás - daoine den aicme fhónta ag spaisteoireacht i bPáirc an Fhionnuisce.

Scéal eile a bhí ann nuair a bheartaigh siad, agus iad faoi scáth Leacht Wellington nach raibh ach leath-thógtha, an páipéar náisiúnaíoch The Nationa bhunú.

I 1882 mharaigh na hInvincibles an rúnaí Cavendish agus an fo-rúnaí Burke i raon fuaime Áras an Fhear Ionaid (Áras an Uachtaráin inniu). Ansin i 1929 ceiliúradh ann Acht Fhuascailt na gCaitliceach (1829), acht ar thacaigh Wellington féin leis. Agus i 1932 is ann a tionóladh an Chomhdháil Eocairisteach le fear ionaid an Phápa i láthair.

Inniu tá leacht Wellington fós ann, é ag breathnú anuas go huaibhreach ar Chrois an Phápa, crois a chomórann cuairt an Phápa féin ar an bpáirc i 1979. Agus tá ionad oidhreachta inniu san áit a mbíodh Áras Fhear Ionaid an Phápa sa Pháirc.