‘COLM CILLE sa Ghleann” an téama a bhí ag an fhéile a reáchtáil an t-eagras Colmcille agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall, ag an deireadh seachtaine.
Ba é cuspóir na hócáide na nascanna cultúir idir Éirinn agus Albain a cheiliúradh agus a neartú. Chuige sin, bhí caint, ceol agus ranganna Gaidhlig agus damhsa ar siúl.
(Is fada an ceantar luaite leis an naomh cáiliúil Conallach agus siúlfaidh daoine Turas Cholm Cille anocht, oilithreacht áitiúil, cuid acu costarnocht.)
Is cuí mar sin gurbh é an tOllamh Seosamh Watson a thug príomhchaint na hócáide oíche Aoine ar “Colm Cille: Dúchas an Naoimh in Éirinn agus in Albain.” Dúirt sé go raibh ceangal ag Colm Cille le háiteanna eile in Éirinn diomaite de Dhún na nGall: Sord; Darú agus Ceannas Mór.
“Mar atá tugtha faoi deara ag scoláirí, is le leath thuaidh na hÉireann a bhaineann traidisiúin an naoimh bunús is mó uilig agus tá siad thar a bheith láidir i gCo Dhún na nGall féin, go háirithe ag ceiliúradh thuaisceart an chontae agus Dhoire. Cuimhnímis mar a mhair mainistir ar Oileán Thoraí ón uair a bhunaigh manaigh an naoimh í go dtí deireadh an 16ú haois,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur “Colm Cille nam feart is nan tuam” (Colm Cille na n-uaigheanna agus na leac) a thugann pobal na hAlban air agus go raibh “ceangal soiléir le feiceáil aige le leaca i rith a shaoil, ó leaca míorúilteacha a bhreithe agus a bháis go dtí na clocha a rinne sé dá naimhde agus de lucht a dhísbeagtha”.