Glacfaidh Conradh na Gaeilge céim eile chun tosaigh ina bhfeachtas, Stádas, le teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Aontas Eorpach amárach, tráth a chuirfidh toscaireacht aighneacht os comhair an Fhóraim Náisiúnta um an Eoraip i mBaile Átha Cliath.
Aithníonn an tAontas an Ghaeilge mar theagna chonartha, stádas níos ísle ná ceann oifigiúil. Tá an Conradh ag iarraidh stádas oifigiúil a bhaint amach faoi mhí na Bealtaine. Ag an tráth sin, cláróidh 10 stát nua mar bhaill leis an Aontas agus beidh stádas oifigiúil ag a gcuid teangacha.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Gníomhach an Chonartha, Aoife Ní Scolaí, gur "an-deis" a bhí san ócáid dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí sinsearacha agus bhaill an Choimisiúin (státseirbhísigh an Aontais) agus éisteacht a fháil dá gcás.
Chuirfeadh an aighneacht borradh arís eile faoin fheachtas, feachtas a bhí ag dul i neart cheana féin, a dúirt sí, nó bhí 64,000 duine i ndiaidh tacú le héileamh an Chonartha ar a suíomh Idirlín. B'ábhar sásaimh di an méid sin daoine a bhí ag scríobh litreacha chuig polaiteoirí áitiúla agus go dtí na nuachtáin. "D'fhás sé sin i ndáiríre. Is ábhar spéise é. Amantaí, sílim nach dtuigeann an Rialtas an tsuim atá ag go leor saoránaigh sa nGaeilge agus cearta. Ní maith le haon duine go ndéanfaí beag dár gcearta."
Ba iad an guth a bhí ag fáil freagra, a dúirt sí, nó bhí Comhairle Contae an Chabháin i ndiaidh rún a rith ag tacú leis an éileamh.
Bhí dóchas aici go leanfaí den phatrún sin: "Táimid ag súil go mbeidh comhairleoirí contae timpeall na tíre ag déanamh an rud céanna. Táimid ag fáil glaochanna eile ó chomhairleoirí eile a bheas ag cur na ceiste ar an chlár.
"Tá sé le feiceáil sna páipéir; níl na polaiteoirí dall; tá siad dá léamh; tá siad ag fáil na litreacha. Tá a fhios acu go bhfuil an brú ann agus an toil ann. Agus tá a fhios acu nach bhfuil sé casta é seo a athrú."
Bhí an feachtas ag dul i bhfeidhm ar dhaoine nár chuid den earnáil traidisiúnta teanga iad: "Cuireann sé iontas ar Bhéarlóirí nach bhfuil stádas oifigiúil ag an nGaeilge," a dúirt sí, iontas agus "sórt náire".
Ag cur ábhair ar fáil go dátheangach a bhí an Conradh agus toradh fiúntach ar a gcuid bileog: "Tá siad soléite gonta. Ní gá bheith i do Einstein leis seo uilig a thuiscint."
Bhí siad ag troid an cháis ar dhá phríomhchúis, a dúirt sí, cúrsaí fostaíochta agus cearta. Ó thaobh fostaíochta de, is é barúil an Chonartha go gcruthóidh stádas oifigiúil tuilleadh oibre do chainteoirí Gaeilge. Measann siad go bhfostóidh an tAontas 110 aistritheoir agus 40 teangaire sa bhreis do gach teanga oifigiúil nua.
Bhí ciall - agus ní costas - leis an Ghaeilge bheith ina teanga oifigiúil nó bhí an Rialtas ag cur airgid ar fáil do chiste an aistriúcháin cibé ar bith.
Cad chuige, mar sin, a fhiafraíonn an Conradh nár cheart buntáiste a bhaint as do lucht na Gaeilge? Ní bheadh de chostas leis an infheistíocht seo in acmhainní daonna agus cultúrtha na hÉireann ach "praghas cupán caifé".
Léirigh an tacaíocht a bhí faighte acu don fheachtas, feachtas a bhí ar siúl ar bhuiséad an-bheag, léirigh sí go raibh daoine "ag iarraidh é seo a chur i gceart. Níl aon leithscéal ann gan é a dhéanamh."
Beidh sé spéisiúil fáil amach cad é mar a chaitheann an Rialtas leis an éileamh. Is minic iad ag caint ar fhostaíocht do phobal na Gaeltachta agus ar dhílárú. Shílfeá gur deis a bhí anseo obair a chur ar fáil d'aistritheoirí agus an teanga a dhílárú chun na Bruiséile.
Baineann íoróin eile leis an scéal, ar ndóigh. Ó tharla nach bhfuil deifir ar an Rialtas géilleadh d'éileamh an Chonartha faoi láthair, ciallaíonn sé sin nach mbeidh cead ag Seán Ó Neachtain, feisire parlaiminte Eorpach de chuid Fhianna Fáil i gConnachta agus cainteoir dúchais as Conamara, nach mbeidh cead aige teanga a phobail a úsáid mar theanga oifigiúil.
Bíonn air an dara teanga oifigiúil, Béarla, a úsáid agus é ag gníomhú ar son na hÉireann. Sa chás sin de, cad é is fiú "an chéad teanga oifigiúil" a thabhairt ar an Ghaeilge sa Bhunreacht agus cén chiall a bhainfidh pobal na Gaeltachta as an ísliú (leanúnach) céime?
Tá achainí an Chonartha le fáil ag www.cnag.ie