Beocheist: Is díol suime gurbh é an Déardaoin roimh fhéile Chríostaí na Nollag a roghnaigh uachtarán na Fraince, Jacques Chirac, chun a fhógairt go raibh sé chun féachaint le reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh cosc ar chaitheamh na scairfe Ioslamaí (le foulard) i scoileanna na Fraince ag tús na scoilbhliana 2004.
Tá an cheist seo ina hábhar conspóide san Fhrainc le breis agus 20 bliain ach ghéaraigh ar an chonspóid ó shléacht an 11ú Meán an Fhómhair sna Stáit Aontaithe. I mbliana cuireadh coimisiún Stasi ar bun chun ceist na scairfe agus comharthaí creidimh eile in áiteanna poiblí a scrúdú.
Mhaígh Chirac go raibh a chinneadh bunaithe ar na moltaí i dtuarascáil an choimisiúin seo, ar cuireadh bailchríoch uirthi sé lá roimhe sin.
Fiú sular fhógair sé an cinneadh bhí ceannairí an phobail Mhoslamaigh tar éis na moltaí i dtuarascáil Stasi a cháineadh agus d'eisigh trí cheardchumann múinteoirí ráiteas ina ndúradh gur ag aithisiú agus ag imeallú an phobail Mhoslamaigh a bheifí as reachtaíocht in éadan na scairfe a thabhairt isteach.
Ach is cosúil gur léirigh pobalbhreitheanna éagsúla go raibh tromlach mhuintir na Fraince, os cionn 60 faoin gcéad, ar son dlí a thabhairt isteach chun cosc a chur ar chaitheamh scairfeanna ar scoil agus gurbh iad a thug ar Chirac an cinneadh a dhéanamh.
San óráid fhada a rinne Chirac, an lá a d'fhógair sé an cinneadh, chuir sé béim mhór ar phrionsabal an tuathaithe, nó laicité mar a thug sé air, atá in ainm agus a bheith i réim sa tír ó rinneadh deighilt iomlán idir an stát agus an eaglais i 1905.
Is ag an am sin a díbríodh cuid de na hoird rialta agus a cuireadh cosc ar na sagairt agus ar na mná rialta, a raibh cead acu fanacht, aibideacha nó suaitheantais chreidimh a chaitheamh go poiblí.
Le himeacht ama, mhaolaigh ar chuid de na rialacha a tugadh isteach ag an am ach, go teoirciúil, tá prionsabal an tuathaithe i bhfeidhm i scoileanna poiblí sa mhéid agus nach gceadaítear comharthaí creidimh bheith le feiceáil iontu.
Agus, de réir an uachtaráin, is údar mórtais ag na Francaigh an scéal bheith amhlaidh.
Ach i 1905 ní rabhthas ag súil go dtiocfadh an lá nuair a bheadh suas le 10 faoin gcéad de phobal na Fraince ina nIoslamaigh agus é mar riail acu go gcaithfidh bean óg a ceann a chlúdach in áit phoiblí.
De réir mar a d'fhás an pobal Moslamach d'fhás an chonspóid faoi cheist na scairfe Ioslamaí agus is beag ábhar eile a mbíonn meáin chumarsáide na Fraince chomh tógtha sin leis.
Léirigh pobalbhreith amháin a rinneadh le déanaí ar mhná Ioslamacha go raibh 53 faoin gcéad acu i gcoinne an scairf a chaitheamh. Dúirt cuid acu gur in aghaidh a dtola a chaitheann siad an scairf ach go gcuirtear ina luí orthu gur ag tabhairt cúil le traidisiúin a muintire a bheidís mura gcaithfidís í.
Ar an taobh eile, tá na daoine sin a deir dá mbeadh dlí ann ag cur coisc ar chaitheamh na scairfe ar scoil go gcoinneodh go leor tuismitheoirí Moslamacha a n-iníonacha sa bhaile.
Nuair a dúirt Arabach mná le Chirac go mbeadh an reachtaíocht nua ag gearradh na gcailíní seo amach as an chóras oideachais, freagra giorraisc a fuair sí uaidh: "I gcás mar sin ní mór don scoil idirghabháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí...ach mura n-oibríonn sé sin tá cianoideachas nó scoil phríobháideach ann."
Cé go bhfuil sé i gceist go gcuirfidh an reachtaíocht nua cosc sna scoileanna ar chomharthaí creidimh eile ar nós an chaipín Iúdaigh, an Kippa, nó crois mhór, níl dabht ag duine ar bith ná go bhfuil sé dírithe go príomha ar an scairf Ioslamach. Tá an baol ann, dar le ceannairí na Moslamach, go spreagfaidh an dlí an pobal chun masla a thabhairt do mhná a bheidh ag caitheamh feisteas Arabach ar an tsráid.
Agus ainneoin caint Chirac faoi chothrom na Féinne a thabhairt do chách ní raibh sé toilteanach glacadh le dhá mholadh eile a bhí i dtuarascáil Stasi, is é sin go mbeadh lá saoire ag na scoileanna ar an fhéile Iúdach, Yom Kippur agus ar an fhéile Mhoslamach, Aid al-Kebir.
Agus scoileanna na tíre ar fad ar tí dúnadh le haghaidh comóradh bhreith Chríost agus comharthaí sóirt na Críostaíochta mórthimpeall orthu ní tógtha ar Mhoslamaigh a cheapadh gur beag fáilte atá rompu i bpoblacht na Fraince.