CROBHINGNE:NÍ FOLÁIR nó tá Cromail bhocht ag lúbadh agus ag snaidhmearnaigh san uaigh le seachtain anuas. Má tá, gan amhras, ní fios cén chuid de go díreach atá ag casadh mar gearradh ina cheithre chuid é tar éis a bháis mar fholáireamh do dhuine ar bith adéarfadh húm ná ha in aghaidh teaghlaigh ríogúil Shasanaigh (nó Albanaigh, nó Dúitsigh, nó Gearmánaigh) arís.
Baineadh an cloigeann de chomh maith, ach thóg sé ocht mbuille den tua a cheann is a cholainn a chur ó chéile, rud a léirigh go raibh muineál chomh ramhar aige tar éis a bháis, is a bhí nuair ba bheo dó.
Tá de mhíbhuntáiste agamsa go bhfuilim ar dhuine den cheithre bhilliún duine sa chosmas nach bhfaca an rabhdalam raindí timpeall ar Bhilí agus ar Chití an tseachtain seo caite. Bhí radharc i bhfad níos fearr ag Oilibhéar aníos as pé poll ina bhfuil sé agus caithfidh gur chuir an hurlamáboc agus an hula hul agus an silí nilí mearbhall go brách air. Faithne ní raibh le feiscint, ná gruaig sróine san áit mhícheart. D’oir na slipéirí gloine do chách agus comáineadh na puimpcíní trí na sráideanna á dtarraingt ag capaill nár fhág máta ná cara beag donn féin ina ndiaidh.
Ráineodh gur aithin Oilibhéar bocht ceithrechodach Bilí na Gaoithe agus Cití Mhainistir na Corann, ach is róbhaol nár aithin sé Barún agus Banbharún Charraig Fhearghusa ná Iarla agus Baniarla Sraith Éireann, gan trácht ar Dhiúc agus ar Bhandiúc Dhroichead na Caime. Má chuir an méid sin trí chéile é, ba mheasa fós an scéal nuair a nocht Ridirí an Ghairtéir ina nduine is ina nduine, ach sa riocht ina raibh sé ní móide arbh eol dó ar ridirí gairtéir os cionn na glúine nó faoi bhun na glúine iad.
Is dócha gur cheap sé go raibh Éire fós faoina chumandracht aige agus gur shamhlaigh sé teidil leis na maithe agus na móruaisle a bhí ag gluaiseacht faoi bhráid. Nárbh é sin Cniocht Chaisleán Cnuca i dteannta le Caliph Chabra? Níor chuimhin leis gur cheap sé Dáma Dhroichead Átha tar éis a chuid oibre ar son na sibhialtachta ann, ach nárbh shin í í ar ghualainn Chevalier Chluain Meala? Ní raibh maise Mharquess an Mhuillinn Chearr riamh le moladh go deimhin, ach bhí feabhas mór ar Dauphin Dingle ó chonaic sé cheana é, nó b’fhéidir gur Cunta daingean na cúise é le fírinne.
Is léir go raibh sé níos deacra air cuid díobh a aithint, bhí a oiread sin postanna múscailte arís ó chuir sé deireadh leo. Bhí Máistir na gCapall ceart go leor, cé gur carbad glórach éigin a bhí aige, agus cheap sé go raibh deireadh curtha fadó aige leis an bPríomhchupánaí.
D’aithneofaí Giolla Ghearrtha na Curadhmhíre ar a scian go fuiriste, ach amháin nach raibh oiread sin sceana le feiscint. Maidir le Coimeádaí an Phribhí Ríogúil, ní móide go n-aithneofaí anois é mar bhí láimhíní á gcaitheamh ag cách.
Ar ndóigh, níor aithin sé Cití í féin toisc búrca a bheith uirthi chun na haltórach. Ní bheadh sin ceadaithe san Fhrainc. Ach, gan amhras, ní bheadh bainis ríogúil san Fhrainc ar aon nós, mar lean Ropespierre sampla Chromail ar ball.
Caithfidh go bhfuair Sirriam Scairbh na gCaorach cuireadh, agus Seansailéir Chóbh Chorcaí, agus Faró Fota agus Víocunta Bheanntraí? Bhí Pramsaí go tiubh ann, gan amhras, mar b’é sin ba dhual dóibh; cuid acu ag pramsáil go prionsúil agus cuid eile ag ponsaíocht go priciúil. Ní raibh a fhios aige go raibh Maharajah i Magh Chromtha, ach bhí an oiread sin de na neamhtheangmhálaithe tar éis éirí sa tsaol gur deacair boyar a aithint thar bhuachaill sráide, nó Sabhdán thar straipleach.
Bhí siad ag dul thairis os a chionn, ní foláir, Ord Oirmhinneach an Oinniúin, agus Ord Uasal an Fheochadáin Fhraochta, agus Ord Langairí an Leipreacháin, agus Ord Smugach na Seamróige Trídhuillí Tirime. Bhí Soilsí agus Ardshoilsí ann, agus Urramaigh agus Ró-urramaigh, agus mórgachtaí, agus flaithe nach raibh uathu ach fleá, agus bodaigh nár bhodaigh go dtí iad.
Agus ba pheaca domhaite na heaspaig lena róbaí ríogúla, agus chaith sé aníos a raibh de phéisteanna ina bholg nuair a chonaic sé na pápairí poimpiúla go péacach ag princeam.
B’é ba mheasa, áfach, tar éis a chuid oibre go léir, tar éis ar dhein sé ar son an phobail, go raibh na lábánaigh lúitéiseacha fós ann agus a dteanga amuigh acu le hiontas.
Tuigeadh dó nach dtagann ciall leis na haoiseanna. Ina choinne sin, ba chuimhin leis ó Éirinn gur féidir síoda a chur ar ghabhair, ach gur gabhair i gcónaí iad.