THUGAS CUAIRT le déanaí ar ionad dumpála. Bhí a áit féin ann ag gach aon ní a bhí á dhumpáil ag daoine, ábhar orgánach ón ngairdín, ina measc féar, fiailí, leathphéisteanna, seilidí; earraí leictreacha nach raibh leictreachas ar bith fágtha iontu, éadaí, bróga, leabhair (ní raibh aon leabhar Gaeilge ina measc) agus mar sin de.
Bhí áit ar leith ann do mhonalóga. Cad sa diabhal é seo, arsa mise liom féin. Bhí oibrí ina sheasamh ansin agus é ag éisteacht leis na faoileáin agus leis na préacháin. Is iad a bhí glórach. D’fhiafraíos de cad a bhí ann. “Ó,” ar seisean, “tá áit ar leith anois againn le haghaidh na monalóg. Tá a fhios agat. Daoine a bhíonn ag caint leo féin, nó le Dia. Fágann siad a gcuid monalóg anseo.” D’fhéachas isteach sa scipe mór buí. Lán de mhonalóga a bhí sé.
Rugas ar chuid de na monalóga ach go háirithe agus thosnaíos á léamh. Níos truamhéalaí ná a chéile a bhíodar. Seo ceann acu. Níor athraigh mé focal ann. Mheasas go raibh sé an-ait. Déarfainn go n-aontófá liom:
“A Thiarna, níor bhris mé aon aithne de na deich n-aithne a thug tú dúinn fadó fadó, ach mura mbrisfidh mé an deichiú haithne go luath tá an baol ann go mbrisfidh mé na haitheanta go léir – agus aitheanta eile nach iad. Tuigeann tú cén fáth, a Thiarna.
An deichiú haithne: ná santaigh cuid do chomharsan. Níor shantaíos cuid mo chomharsan riamh. Riamh! Shantóinn, b’fhéidir, dá mbeadh a fhios agam cad a bhí aige arbh fhiú a shantú má thuigeann Tú leat mé, ach níor lig sé riamh thar tairseach mé. Riamh. Is duine rúnda é, mar is eol Duit. Chun na fírinne a rá, nílim cinnte an aithneoinn é féin ná a bhean dá mbuailfinn leo ar an tsráid. Ach cloisim é. Cloisim an lomaire faiche aige. Ar an tSabóid. An tSabóid, a Thiarna! Agus cloiseann Tusa leis é.
Ní hé go santaím an diabhal lomaire faiche sin aige dáiríre. Ní shantaím … mar sin féin…Nílim ag iarraidh é a ghoid uaidh ná aon ní mar sin. Aithne eile a bheadh ansin, ní foláir. Ná déan goid. Nach ea? Ní dhéanfaidh, a Thiarna, ní dhéanfaidh.
Ag iarraidh é a fháil ar iasacht uaidh atáim – mar is eol Duit, a Thiarna – mar is eol Duitse gach aon ní... ar iasacht, más é sin an focal atá uaim. Ní thabharfaidh sé dom é, ar ndóigh. Rómhaith is eol dúinn beirt an méid sin. Cén fáth a dtabharfadh? Nach bhfuil mo lomaire faiche féin agam. Tá. Is níl locht air. Locht ar bith. Deinim amach go bhfuil sé níos fearr ná lomaire mo chomharsan. I bhfad níos fearr. Ach scéal eile é sin.
Tá sé níos ciúine mar lomaire, is féidir an méid sin a rá. Agus ní chuirim ag obair ar an tSabóid é! Huth! Beag an baol! Cén fáth a bhfuil lomaire mo chomharsan uaim mar sin? An fhírinne lom? Mar go dtosaíonn sé ag lomadh ar a hocht a chlog ar maidin, maidin Dé Domhnaigh. An Domhnach, a Thiarna, Do lá-sa. Nuair a ghlac Tú Do scíth. An é go roghnaíonn sé an lá sin chun Tú a mhaslú? Santaím an lomaire sin aige, a Thiarna, santaím, ach ní ar mhaithe liom féin. Ar mhaithe Leatsa!
Dúisíonn na héin mé lena gcantaireacht chráite agus bíonn deacracht agam dul ar ais a chodladh. Ansin – i gcead Duit – buaileann cloig an tséipéil. Bím ag únfairt sa leaba. Ansin, díreach nuair a bhraithim go bhfuilim chun néal a chodladh, siúd mo dhuine i mbun lomtha. Agus tosaíonn a ghadhar ag tafann! Bhuf-bhuf!
Ní hé go bhfuil an lomaire á shantú agam dom féin, a Thiarna. Tuigeann Tú é sin. Níl aon ghá agamsa leis. Chuirfinn i bhfolach áit éigin é. Ar feadh an tsamhraidh.
In áit éigin sábháilte. Agus Tusa ag faire air, a Thiarna.
Bhíos chun é a ghearán leis na Gardaí ach táim cinnte go mbeadh sé sin in aghaidh aithne éigin d’aitheanta Dé, nach mbeadh?
An t-aonú haithne dhéag, tabhair aire dhuit féin. An gcualaís riamh é sin? Tá orm aire a thabhairt dom féin anois, a Thiarna. Tuigeann Tú nach inniu ná inné a thosnaigh an céapar seo. Tá sé seo ag dul ar aghaidh le cúpla bliain anuas. Tá deireadh na foighne sroiste agam, a Thiarna. Táim i ndeireadh na preibe. Bím mar a bhí Iób fadó, Iób a chuir mallacht ar lá a bhreithe.
An cuimhin Leat eisean? Iób? Scrios ar an lá a rugadh mé, a dúirt sé, agus ar an oíche a dúirt “Gineadh mac.” Gura dorchadas an lá sin! Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann! Nár lonraí solas air, a dúirt sé.
Is eol Duitse nár bhriseas aon aithne de na Deich nAithne, a Thiarna, ach is cinnte go mbrisfidh mé iad go léir mura bhfaighim faoiseamh éigin go luath. Brisfidh cinnte.
Conas a chomáinfeadh lomaire mé chun marú a dhéanamh, nó drúis, a deir Tú? Ó dhéanfadh, a Thiarna, dhéanfadh, mar táim leath as mo mheabhair ag an lomaire céanna agus má bhuaileann babhta den lánghealtachas mé nach cinnte nach é lomaire mo chomharsan amháin a bheadh uaim ach a bhean chomh maith, go sábhála Dia sinn!
Seol chugainn Do ghrásta, a Thiarna, mar is mé atá ina ghátar. Seol chugainn do ghrásta maidin Dé Domhnaigh, timpeall a hocht a chlog más féidir. Seol chugainn Do ghrásta ina bhlosc troimpéad ainglí a mhúchfaidh glór an lomaire sin. Lomaire as íochtar Ifrinn. Seol chugainn Do ghrásta mar bhalsam ar mo chroí i dtreo is nach smaoineoinn níos mó ar an lomaire béal dorais, gan trácht ar an mbean bhéal dorais. Santaím Do ghrásta, a Thiarna.
Hmmm. N’fheadar cén saghas í? A Thiarna, an bhfeiceann Tú? An bhfeiceann Tú, a Thiarna? Is ag smaoineamh ar an mbean bhéal dorais atáim anois. Nach ndúirt mé, nach ndúirt mé Leat mura réiteofar fadhb an lomaire go bhfuil an baol mór ann go mbrisfinn na haitheanta go léir, ina gceann is ina gceann.
An í Ízeibil í? Hmm… Cad dúirt an fáidh? “Íosfaidh na madraí feoil Ízeibil i gcríocha Izréil!” An bhfuilim ag iompú im mhadra? Bhuf-bhuf!
An amhlaidh nach é lomaire faiche mo chomharsan atá á shantú agam in aon chor ach a mhadra? An é sin é? A Mhaighdean! An ag cur dallamullóg orm féin a bhíos an t-am ar fad? Dallamullóg! Cad eile. Is í Suzi a shantaím. Bhuf-bhuf! Suzi atá uaim. An púdal! Ise atá ag teacht idir mé is codladh na hoíche. Bhuf! Bhuf-bhuf!
Tar i gcabhair orm, a Thiarna. Tar i gcabhair orm go luath. Suzi, táim im Iób agat. Iób. Iób. Iób. Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, a dúirt sé. Sin é a dúirt sé. Iób.”
Bhuel, níl ansin ach sampla amháin de na monalóga atá ag carnadh ar a chéile san ionad dumpála ar thugas cuairt air le déanaí.
** I measc na leabhar is déanaí ón údar tá a chéad chnuasach filíochta i mBéarla Uttering Her Name (Salmon Poetry), an dara himleabhar den díolaim Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim) agus na leaganacha Gaeilge a dhein sé de rogha dánta Nikola Madzirov, file óg ón Macadóin, Rúnimirice an Anama (Coiscéim).
aithnecommandment – baoldanger – drúislust – faoiseamhrelief – foighnepatience – gáneed – lomaire faichelawnmower – lochtfault – marúkilling – monalógmonologue – orgánachorganic – rúndasecret – an tSabóidthe Sabbath – solaslight – truamhéalachpiteous