Bhíos thall in Caernarfon na Breataine Bige ní fada ó shin agus casadh mo chomhfhilí orm, Ifor ap Glyn, M. MacIntyre Huws, Twm Morys agus filí eile nach iad, dochtmheadarachtaí á gcleachtadh ag a lán acu, a scríobhann Gabriel Rosenstock.
Daoine is ea iad ar tábhachtaí leo an fhuaim agus an friotal ná an teachtaireacht, ba dhóigh leat nó a úsáideann fuaim thar aon ní eile chun a n-aigne agus a gcuid mothúchán a chur in iúl. Iad chun tosaigh ar lucht an Bhéarla sa tslí sin.
Thaispeáin Twm grianghraf dom den chathaoir a bronnadh air ag an Eisteddfod. Cathaoir ghreanta ghleoite. Dó féin amháin agus dá mhuintir atá Twm ag scríobh, bíodh is gur don domhan mór a scríobhann a mháthair, Jan Morris (nó James mar a bhí uirthi faoi chló fireann).
Tá an chuid is mó againn dall ar chúrsaí na Breataine Bige. Tharlódh go bhfuil cór ón mBreatain Bheag cloiste againn nó cluiche rugbaí feicthe againn ach tríd is tríd táimid aineolach ar stair agus ar litríocht na Breataine Bige.
Bhíos an-tógtha leis an tírdhreach ann agus rud a thaitin liom faoin áit ná a réchúisí is atá na daoine ann - agus na ba féin, mar is léir ón haiku seo: Féachann bó/thar Bhá Chaernarfon amach/gan fhios aici cén fáth.
Ba bhréag a rá go raibh an tsíocháin i réim gach áit, áfach. Cosantóirí na teanga iad na filí, dar leo féin, agus ó bheith ag caint le cuid acu, ní fada uathu Armagadan, an seasamh deireanach in aghaidh an Bhéarla. Níor éirigh liom freastal ar chóisir a bhí eagraithe acu chun ócáid speisialta a cheiliúradh, comóradh 25 bliain ar thithe samhraidh na Sasanach a dhó.
Caithfidh mé a rá go bhfacthas domsa go raibh dea-bhail ar an teanga. Breatnais is mó a chuala mé in Caernarfon, fiú sa bhialann Shíneach. (Bhí an Bhreatnais níos blasta ná an bia ach ná bac san).
Chuala gach duine trácht ar Dylan Thomas. Conas nach bhfuil trácht cloiste ag mórán lasmuigh den Bhreatain Bheag ar leithéidí Bobbi Jones? An é go bhféachtar ar an mBreatnais mar theanga réigiúnach agus nach bhféadfadh litríocht dhomhanda a theacht as áit atá chomh hiargúlta sin? Bhuel, níl brí ar bith le 'hiargúil' ach trí shúile an dreama a shíleann a bheith i lár an aicsin.
D'fhéadfaí a áiteamh nach mbeadh an Yeatsach ina Yeatsach murach Dánta Grádha an Chraoibhín Aoibhinn. D'fhéadfaí a áiteamh chomh maith céanna nach mbeadh Hopkins ina Hopkins murach an mháistreacht a bhí aige ar cynghanedd, foirm véarsaíochta a théann siar go dtí an séú haois sa Bhreatain Bhig. Ach, i ndeireadh na dála, is saibhriú ar an mBéarla a dheineadar araon agus is beag a dhein ceachtar acu don Ghaeilge ná don Bhreatnais.
Ainneoin go mbainimid leis an ngrúpa céanna Ind-Eorpach agus go bhfuil go leor i gcoitinne eadrainn ó thaobh na miotaseolaíochta de, bhí naimhdeas idir na Breatnaigh agus na Gaeil - de dhroim ár gcóngarachta dá chéile, ab ea? Is iad Gaeil na hÉireann agus na hAlban is mó faoi ndeara gur brúdh na Breatnaigh siar agus gur chailleadar a gcuid limistéar ó thuaidh.
Ní rócheanúil orainn a bhí Pádraig Naofa féin, an chéad Bhreatnach a rithfeadh lena lán againn. Agus ní fhaca Giraldus Cambrensis (Gearóid de Barra) aon ní in Éirinn arbh fhiú a mholadh ach Leabhar Cheanannais. An focal 'Gael' féin is focal Breatnaise é a chiallaíonn 'duine fiáin'.
Ar ndóigh, dheineamar ionradh eile ar Cymru aimsir an Ghorta (agus ina dhiaidh) agus cé a thógfadh orainn é jabanna a lorg agus sinn ar an dé deiridh - nó stailceanna a bhriseadh dá mba ghá sin?
Ar tháinig cúrsaí creidimh eadrainn? Nach fear ón mBreatain Bheag, Lewis Owen, a bhí ag déanamh spiaireachta ar Aodh Ó Néill thall sa Róimh! An é go bhfuil cuimhne róghéar ag cuid againn?
Thaitin sé le George Borrow, údar Wild Wales (1862) spailpíní na hÉireann a mhaslú agus pápaireacht a chaitheamh leo.
Ina dhiaidh sin is uile, duine de mhórscríbhneoirí na Breatnaise, Saunders Lewis, file, drámadóir agus criticeoir, d'iompaigh sé ar an gCaitliceachas sa bhliain 1932 agus d'áitigh ar a chomhthírigh a n-oidhreacht réamh-Reifirméisin a athshealbhú. Níor tugadh aon aird air, áfach, a deir Twm Morys liom.
D'fhiafraíos d'iníon liom, Saffron, nach raibh riamh sa Bhreatain Bhig, cén íomhá a bhí aici dár mbráithre Ceilteacha. "Tá an Breatnach deargmhuineálach ... agus ramhar," ar sí. "Itheann sé caoireoil. Sánn sé a gheansaí síos a threabhsar agus -." Stopas ansin í, i lár abairte. Is léir go bhfuil jab an-mhór le déanamh ag an mBreatnach chun feabhas a chur ar an íomhá atá aige. Cá bhfios, b'fhéidir gur cuma leis faoina íomhá! Más fíor, go breá!
Mheabhraigh Twm Morys dom gur focal maslach é an focal "Éireannach" ní hamháin i bhfilíocht na meánaoise ach i ngnáthchaint na ndaoine. Thugtaí "Éireannach" ar Mrs Thatcher - an masla is mó amuigh!
Bhuel, sin mar a bhíonn agus níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint ag an mBreatain Bheag leis an bhfocal 'welsh' ach ciallaíonn sé teitheadh ón ráschúrsa gan íoc as an ngeall!
Is é Ifor ap Glyn údar an dráma Frongoch, i gcomhar le Micheál Ó Conghaile seo againne, dráma ilmheán atá i mbéal an phobail thall is abhus tamall ó shin.
Dráma trítheangach é, Breatnais, Béarla agus Gaeilge, a bhaineann leis an dá mhíle cime Éireannach a bhí faoi ghlas ag Gallaibh i ndiaidh 1916; thall i dtuaisceart na Breataine Bige a bhíodar, an chéad champa géibhinn a cuireadh ar bun sa Bhreatain.
Caithfidh gurb é Frongoch an chéad mhóriarracht cheart lenár linn chun caidreamh ealaíne idir an dá thír Cheilteacha seo a thionscnamh.Tá súil agam nach bhfuil ann ach a thús. Is iomaí fiontar cultúrtha idir Ghaeil Alban agus Gaeil Éireann, an Leabhar Mór, cuir i gcás, ach deir Twm Morys liom go bhfuil an Bhreatnais chomh héagsúil sin leis an nGaeilge gur nádúrtha dóibh lé a bheith acu leis na Briotánaigh ná linne.
Ní aontaíonn Ifor liom go bhfuil teannas eadrainn ó thaobh an chreidimh de. Níl an eaglais Neamhaontach (Nonconformism) chomh haontaithe ná chomh láidir is a bhíodh. Go deimhin, d'fhéadfadh gurb í an eaglais Chaitliceach an eaglais is mó sa Bhreatain Bhig faoi láthair.
Ní bhraitheann Ifor go bhfuil sean-naimhdeas idir an dá chine ach an oiread. Ina cheantar féin i dtuaisceart na tíre tá teaghlaigh Éireannacha den sloinne Casey, Gaffey, O'Mara, O'Shaughnessey, Downey, agus scata eile nach iad, ar Breatnaiseoirí ón gcliabhán iad.
Creideann Twm Morys gur cóngaraí don Fhrainc agus don Bhriotáin iad Breatnaiseoirí an lae inniu agus gur trí shúile na Breataine Móire a fhéachtar ar stair na hÉireann.
Tá aithne aige ar scata Breatnaiseoirí atá líofa sa Ghaeilge, leithéidí an Dr. Harri Prichard Jones, údar agus síciatraí, Alwyn Gruffudd a bhfuil leabhar scríofa aige ar Dhó na dTithe Samhraidh, Robin Llywelyn, úrscéalaí agus buaiteoir Eisteddfod. Dá mbeadh a thuilleadh acu ann d'fhéadfaí tosú ar litríocht na Gaeilge a aistriú go Breatnais, a deir sé.
Níl de litríocht na Gaeilge léite ag Ifor sa Bhreatnais ach gearrscéalta Uí Chonaire (1949) agus an Phiarsaigh (1980). Sin uile. "Ní heol dom aon rud eile a bheith ann," ar sé. "Bhí caint éigin ar dhánta Davitt a aistriú ach sin uile. Nach uafásach ar fad mar scéal é!"
Uafásach! Ní fhéadfadh foilsitheoirí nó scríbhneoirí na Gaeilge a bheith sásta leis mar scéal. An bhfuil John O'Donoghue, T.D., sásta leis mar scéal, nó Culture Ireland, nó ILÉ nó an Chomhairle Ealaíon?