Beocheist: Ar an lá is faide solas gréine i mbliana, ar Meitheamh a fiche a haon, nocht ár dTaoiseach pictiúr. Is in Kolkata (Calcutta) na hIndia a rugadh an t-ealaíontóir, J.P. Beadle, in 1863 agus tá an pictiúr ar crochadh i nDánlann na Cathrach i mBéal Feiriste.
Foilsíodh tuairisc ar an nochtadh nua seo an lá dar gcionn in The Irish Times mar aon le macasúil an phictiúir ar leithead cheithre cholúin i lár bharr an leathanaigh.
Do mo thuairimse is staraí cumasach a leag amach an barr leathanaigh seo. Beidh a lán cóipeanna den phictiúr nua-nochtaithe á gcur ar fáil don phobal. Is dócha go bhfuair an Taoiseach slám díobh saor in aisce ach beidh ar an gcuid eile againn airgead a íoc orthu.
Go deimhin, ceannóidh daoine iad agus gan iad á n-iarraidh acu. Díolfar seachtó agus a cúig cent ar gach cóip. Ina dhiaidh sin is uile, ní fheicfidh an pobal mórán den phictiúr seo. Is amhlaidh a cheannófar é agus a fhágfar mar a gceannófar é.
Ar ndóigh, is é an míniú atá air seo gur stampa poist an pictiúr, agus is é an fáth nach bhfeicfidh pobal na hÉireann go minic é gur stampa é le cur ar litreacha atá ag dul thar lear, go dtí gach áit ar domhan lasmuigh d'Éirinn. Ní bheidh sé ar litreacha intíre.
Tá seanaithne agam féin ar an bpictiúr seo. Tá Modern Masterpieces of British Art sa teach againn le mo chuimhne. Is é The Battle of the Somme: Attack of the Ulster Division Uimhir 59/200 ann. Agus mé i mo gharsún, thaispeáin mé an pictiúr seo do mo mháthair lá, agus d'fhiafraigh di arbh é an dara saighdiúir ón taobh dheis leis an ngránáid ina láimh m'uncail, an deartháir aici nár fhill ón gcogadh.
Ar ndóigh, is beag tuiscint a bhí agam don ghruaim a tháinig ar aghaidh mo mháthar de bharr na ceiste, ná an iarracht a rinne sí chun an ghruaim a cheilt agus chun mé a chur ar ábhar níos éadroime.
Le fada anois, mar sin, tá mé ag tuiscint siombalachas an Somme agus teachtaireacht an ainm do mhuintir na hÉireann agus do mhórán mór eile de mhuintir na hEorpa.
An Somme féin, is abhainn é i dtuaisceart na Fraince. 'Chaill' an Bhreatain mórán dá hógfhir sa chogaíocht timpeall ar an abhainn sin (agus ina measc na hÉireannaigh a 'chaill' sí) agus 'chaill' tíortha eile Eorpacha líon i bhfad níos mó.
Dá mharfaí é cathaíocht an Somme ní mheastar gur iarracht ar fhéinmharú náisiún a bhí ann. Tháinig na náisiúin slán, ar ndóigh, mar aon lena mbuaninstitiúidí cogaíochta; is iad na daoine nár tháinig slán, na saighdiúirí, breis agus milliún acu. Agus na gléasanna grianghrafadóireachta, is cinnte go raibh mórán díobh as feidhm go hoifigiúil ar bhruacha an Somme.
Scéal ó chéad lá Iúil go dtí mí na Samhna a bhí i gcathaíocht an Somme, soir siar thar an líne catha. Scéal eile cogaidh é Cath na Bóinne (1690): "On July the First on a morning fair in 16 and 90 famous/King William did his troops prepare to fight the false King Sheamus."
Ar ndóigh, bhí ainm níos láidre ná "false" ag na Gaeil ar Shéamas. Ghabh an Pápa buíochas le Dia as bua Uilliam Oráiste agus is faoi fhéilire an Phápa a rinneadh an 'Twelfth' de 'July the First'.
Cad é go díreach atá á mhaíomh ag an stampa seo The Somme/An Somme 1916? An é cúrsaí cogaíochta na Breataine atá á chomóradh, nó caorúlacht mhuintir na hÉireann, nó aontacht Acht an Aontaithe? An é slándáil na Beilge boichte bídí é, nó bithbhuaine na cogaíochta sa cheantar - Waterloo agus Wellington (1815), Fontenoy agus Clare's Dragoons (1745), Arras agus Eoghan Rua Ó Néill (1642)?
Pé scéal é b'fhéidir gurb é Samhradh an Somme an babhta deireanach cogaíochta sibhialta - saighdiúirí ag marú saighdiúirí. Inniu is dócha gur minicí a bhrúnn saighdiúirí cnaipí agus a dhíothaítear sibhialaigh, agus a gcuid ainmhithe agus a gcuid gairdíní.