TUARASCÁIL:Dúirt Ó Cuív go raibh sé "fíorshásta" leis an chinneadh agus gurbh "aitheantas é dár dteanga náisiúnta". Mhol sé príomhfheidhmeannach an FAI, John Delaney, as an cheist a ardú leis an eagras i ndiaidh gur chuir Ó Cuív an moladh faoina bhráid.
"Is céim eile chun tosaigh í seo ar an ardán idirnáisiúnta ó thaobh na teanga de i ndiaidh don Aontas Eorpach glacadh leis an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre. Guím ach rath ar fhoireann na hÉireann agus ar a mbainisteoir nua san fheachtas atá rompu agus tá súil agam go gcuire na geansaithe nua spóirt an t-ádh orthu," a dúirt Ó Cuív.
Aitheantas an-bheag don teanga atá ann gan amhras. Ní hé an cúpla focal féin atá i gceist, ámh, ach an t-aon fhocal amháin. Bíodh sin mar atá, an leanfaidh Ó Cuív den obair cheannródaíoch agus foclóir nua sacair a fhorbairt do lucht na Gaeilge?
An dtig le Cuívo, gaffer na Gaeilge, ranganna teanga a chur ar fáil do pheileadóirí an FAI le go mbeidh siad ábalta agallamh a dhéanamh le TG4 agus insint don saol Fódlach cé acu atá siad "thar an ghealach" nó "chomh tinn le pearóid" ag brath ar bhua nó díomua na foirne?
Agus ó tharla go bhfuil Iodálach, Giovanni Trappatoni, anois i mbun na foirne náisiúnta, b'fhéidir gur cheart do lucht na Gaeilge cúpla focal Iodáilise a chaitheamh isteach ina gcuid cainte: "Ciao" in áit "Dia duit"; "caro mio" in áit "a chara", "molto maith" in áit "iontach maith" "bella donna" in áit "Gael babe" agus dá réir sin.
D'fhéadfaí fosta na seanchomharthaí bóthair sin - Slán abhaile - a bhaint anuas agus cinn nua a chrochadh: Arrivederci abhaile.
Is minic a deir lucht an Bhéarla gur teanga cheolmhar í an Ghaeilge. Ba cheolmhaire arís í ach pósadh nuálach a dhéanamh leis an Iodáilis. Cá bhfios cén tionchar a bheadh ag an tsacarchaint ar mheon an aosa óig sa Ghaeltacht agus lasmuigh di?
Andiamo, Éamo.
Fíricí Gaelacha
AN EOL duit cé mhéad páiste ar an oileán seo a fhreastlaíonn ar scoil lán-Ghaeilge, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Cé mhéad dalta ar theip orthu i scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta i 2007?
Cé mhéad duine a chaith vóta ar son ainm An Daingean a athrú go Dingle/Daingean Uí Chúis? Cé mhéad eagras Gaeilge atá ann agus cé mhéad airgead stáit a fhaigheann gach ceann acu?
Tá freagra ar na ceisteanna seo agus a lán eile faoi staid na Gaeilge le fáil i mBéarla i leabhar dar teideal More Facts About Irish le Helen Ó Murchú a d'fhoilsigh An Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana le déanaí.
Tá ocht roinn sa leabhar, gach ceann acu ag plé le staid na teanga i réimse ar leith, ag tosú le gearrchuntas ar stair agus ar litríocht na Gaeilge le Máirtín Ó Murchú agus an roinn deiridh ag plé le staid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
I réamhrá an leabhair deir an t-údar go bhfuil an t-eolas atá ann, i ndiaidh roinn a haon, ar fáil don phobal i dtuarascálacha, suímh ghréasáin oifigiúla, sna meáin chumarsáide agus áiteanna eile.
Bíodh sin mar atá, is éachtach an obair atá déanta aici na foinsí seo a scagadh chun léargas a thabhairt ar an staid a bhfuil an Ghaeilge faoi láthair sa dá stát ar an oileán seo.
Sa réamhrá freisin gabhann sí leithscéal as géilleadh don chathú anois agus arís a tuairimí féin a thabhairt ach cén duine níos fearr chun sin a dhéanamh? Tá na blianta caite aici ag saothrú ar son na Gaeilge i gcúrsaí oideachais agus seal caite aici ina cathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus ina huachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
B'fhiú d'aon duine ar cás leis nó léi dán na Gaeilge an chaibidil deiridh sa leabhar i nGaeilge, Conclúid agus Moltaí, a léamh.
Is fiú go mór fosta aird a thabhairt ar na tuairimí a nochtann an t-údar i roinn a dó faoi na ceisteanna a cuireadh i ndaonáireamh 2006 faoi chumas Gaeilge mhuintir an Stáit seo, nó i roinn a trí faoin ghá atá le pleananna comhtháite idir na ranna rialtais, nó an fhainic a chuireann sí orainn i roinn a ceathair gan ligean don Roinn Oideachais a ndualgaisí i leith múineadh na Gaeilge sna scoileanna a aistriú go hinstitiúidí eile.
Tá an leabhar tiomnaithe do "chainteoirí uile teangacha faoi bhagairt" agus glacaim leis go mbeidh cóip ar sheilf leabharlainne sa Bhruiséil agus i ngach tír ina bhfuil oifig ag an Bhiuró um Theangacha Neamhfhorleathana.
Rith an smaoineamh liom áfach, agus an cuntas á léamh agam ar bhunú Fhoras na Gaeilge, nár mhór an meas a bheadh ag Catalónach nó Briotánach ar Rialtas an Stáit seo a d'fhág cur chun cinn na teanga náisiúnta faoi fhoras trasteorann a chaithfidh bheith faoi réir polaiteoirí i stát eile a fhógraíonn go poiblí a ndoicheall roimh an teanga.
Tá cuntas ar na deacrachtaí a bhí agus atá fós ag Foras na Gaeilge feidhmiú faoi dhá dhlínse i roinn a trí den leabhar agus a thuilleadh mionsonraí ar an CD, a ghabhann leis, faoin ábhar seo, agus faoi ábhair eile.
Tá cion cúigir déanta ag Ó Murchú an t-eolas atá sa leabhar seo a chur le chéile agus é a leagan amach go soiléir soléite.
Agus bíodh go léiríonn na fíricí neamhaird an státchórais ar chearta lucht labhartha na Gaeilge agus neamhrialtachtaí (anomalies) i bhfeidhmiú an dlí, dearcadh dóchasach don chuid is mó faoi dhán na Gaeilge sna blianta atá romhainn. Ar na comharthaí dóchais tá: Acht na dTeangacha Oifigiúla; bunú oifig an Choimisinéir Teanga agus an plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge a d'fhógair an Rialtas ag deireadh na bliana 2006.
Tá an leabhar agus an CD ar fáil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.
Clárú scoile
BEIDH DEIS ag tuismitheoirí a bpáistí a chlárú le Gaelscoil Oisín san oíche amárach ag 7.30pm i gClub Chumann Lúthchleas Gael Chroimghlinne, Baile Átha Cliath 12. Eolas: 087-6483205 nó d12gaelscoil@gmail.com
ceannródaíochpioneering - gníomhaíactivist - iomaireridge - leadránachboring - nuálachinnovative