CROBHINGNE:DÁ mBA rud é . . . go raibh an saol ar a mhalairt de chuma, dá mba rud é gur thit imeachtaí na staire amach ar shlí eile ar fad, conas a bheadh againn?
Ceist í seo a shuathann aigne staraithe go minic nuair nach mbíonn pioc eile le déanamh acu, ach is ceist í a bhfuil bonn creathánach dóchúlachta laistiar di mar sin féin. Srón Chleopatra, dá mbeadh sí orlach níos giorra, mar a mhaígh Pascal, d’athrófaí scéal na cruinne. Nuair a dhúisimid le fuarallas i lár na hoíche dorcha is an uile ní ina shuan is maith mar a thuigtear dúinn go bhfuilimid ag gluaiseacht ar charbad draíochta na seansúlachta.
Dá mba gur éirigh le concas na Múrach ar an Spáinn agus le himpireacht na nOttomanach ag Lepanto an mbeadh an búrca á chaitheamh ag mná na hÉireann anois, nó an mbeimis ag buamáil na Libia (arís)? Dá mba gur bhain stáit dheisceart Mheiriceá a gcogadh cathartha an mbeadh seirbhísigh ghorma níos saoire fós le fáil againn seachas seirbhísigh Pholannacha?
Gabhann an tuairimíocht seo siar chomh fada leis an modh coinníollach. Ní cheaptar é nuair a bhítear á dhingeadh siar sa bhráid ach is é an modh coinníollach inneall na samhlaíochta. Más fada é orlach na staire, is féidir le “má” agus “dá” gairm a chur ar shaol eile ar fad.
Tá genre iomlán scéalaíochta ann, gan na staraithe a bhac in aon chor, ina gcuirtear an stair eile seo nár tharla ina luí lom orainn. Samhlaíonn Philip K.Dick domhan ina raibh an bua ag na Naitsithe Gearmánacha in The Man in the High Castle, agus is é a dhála céanna ag Robert Harris in Fatherland é. Imríonn staraithe áirithe abhus an cluiche céanna, de ghnáth timpeall ar Éirí Amach 1916, agus an tuiscint neamhráite inghinte ann go mbeimis chomh saor leis an bhfuiseog aerach lastuas anois dá mba rud é nár bhacamar leis an ngunna a bhaint as an mbothán agus an píce as an tuí.
In acadamh mheán oíche an tí tábhairne ba mhinic daoine ar an taobh eile den scoilt ag samhlú gur tháinig na Francaigh i dtír (san áit cheart) le harm faobhair go leor (agus ag an am ceart) in 1798 agus gur tháinig ár lá; nó gur dhein Dónall Ó Conaill dánaíocht agus bagairt foréigin ar rialtas Shasana nuair a bhí na milliúin laistiar de. Ráineodh gur díospóireacht bhaoth ar fad í seo fág gur mór an spórt é, ach cuireann sé cóta eile air féin nuair a thagtar aniar in airde ar an aimsir fháistineach a athscríobh ar an gcuma chéanna.
De dheasca an phraisigh atá déanta ag na baincéirí den tír, agus ag Fianna Fáil, agus ag na daoine a chaith vóta dóibh, agus ag na heacnamaithe a líon a seolta le gaoith agus a gcuid pócaí le hairgead, agus ag na baincéirí arís, agus ag na hidé-eolaithe a shíl nach raibh (agus nach bhfuil) a mhalairt de bhóthar ann, agus ag na páirtithe polaitiúla eile a bhí breá sásta seachas is nárbh iad a gcuid crág a bhí sa scipéad meala, agus ag na baincéirí arís, tá ag teacht amach as na pluaiseanna dorcha, agus aníos as na poill in adhmad an íoslaigh, agus ag gliúcaíocht trí chaille mhodartha a seanmhianta, an bhaicle sin nár ghlac riamh le barántúlacht an Stáit. Na daoine adeir gur bhotún ba ea an ceangal lenár máthair cheart a bhriseadh, agus gur cheart dúinn filleadh isteach faoina naprún teolaí arís. Bí ag faire! Bímis cruinn air go bhfuil an dalbacht ag éirí agus an féinfhuath ag snámh ar an ngaoith.
Ach tá freagra eile ar an “dá mba...” sin, leis. Dá mba go rabhamar riamh anall san Ríocht Aontaithe gan roinn, is fíor nach mbeadh An Comórtas Eorpach Eurofíse buaite againn níos minicí ná tír ar bith eile, ach fairis sin, bheimis sa tír is deireanaí a thug vóta do chách a gcuid saoránach in Iarthar Eorpa (i leataoibh ón Eilbhéis), i stát diafhlathasach de dhá stát de chuid an domhain a bhfuil teachtaíocht ó cheart ag an eaglais bhunaithe sa phairlimint inti (An Iaráin an ceann eile), inarb ionann ceann na heaglaise agus ceann an stáit (fara an Vatacáin), agus bheadh fir óga na hÉireann faoin bhfód sínte i seirbhís rí nó banríona (gan trácht ar na céadta mílte gan áireamh de dhaoine áille deasa a bheadh curtha ar rinn chlaímh nó ar smidiríní gunna againn) sa Chóiré, sa Chéinia, sa Chipir, san Áidin, san Afganastáin, san Argaintín, sa Mháláisia, san Iaráic, agus in pé áit eile ar leag Ríocht agus Banríocht na Breataine Bullaí a gcosa troma ar bhoilg dhaoine eile. Pé rud eile ar dheineamar cac de, d’éalaíomar ó chrúcaí na himpireachta.
Mo thuairim as gurbh fhiú gach coiscéim bhacach ag damhsa an chrosbhóthair an méid sin féin.