TABHARFAIDH FORAS na Gaeilge €3.54 milliún do 19 grúpa teanga idir Eanáir 2011 agus deireadh 2013 faoin tionscnamh “Scéim Phobail Ghaeilge,” a d’fhógair an t-eagras thuaidh/theas an tseachtain seo caite.
Fuair 12 grúpa deontas cheana féin faoin scéim chéanna agus tabharfaidh an maoiniú leanúnach deis dóibh cur leis na seirbhísí atá á chur ar fáil acu, de réir an Fhorais.
Is é dóchas an eagrais go dtabharfaidh an maoiniú seans do na heagraíochtaí nua “bonn straitéiseach” a chur faoi fhorbairt na teanga ina gceantar féin. Bhí siad sásta go raibh grúpaí as gach cearn den tír ag fáil airgid agus go mbeadh rath ar an teanga sna ceantair éagsúla dá bharr sin.
Dúirt príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, go gcuirfeadh na deontais “bonn daingean” faoi úsáid na teanga “treiseofar léi agus déanfar í a thabhairt chun cinn. Is díol suntais ciste mar seo … i gcomhthéacs Phlean 20 Bliain don Ghaeilge atá ag an Rialtas ina luaitear an spriocphobal dátheangach a chothú ar fud na hÉireann”.
€3.54 milliún le tabhairt do 19 grúpa ar son na teanga. Dea-scéala ón Fhoras? Bhuel, sea agus ní hea. As na 19 grúpa, tá 11 acu lonnaithe i dTuaisceart Éireann agus ocht gcinn sa Stát.
D’fhéadfá a rá gurbh ionann sin agus an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda ach rithfeadh sé leat gurbh fhearr go fóill – gurbh fhearr i bhfad – lucht na Gaeilge sna sé chontae ag fáil deontas ón Fhoras ná lucht na Gaeilge sna 26 contae.
Lena chur ar bhealach eile, gheobhaidh grúpaí Gaeilge sa Tuaisceart rud beag sa bhreis ar £1,797,000 agus gheobhaidh grúpaí an Deiscirt beagán le cois €1,373,000 le linn na tréimhse céanna.
Bhraithfeá gur mhór idir an dá shuim sin – fiú gan an difear idir steirling agus euro a chur san áireamh – agus chuirfeá ceist ort féin cén fáth nach bhfuil lucht na Gaeilge sa Stát chomh hoilte ar iarratais a líonadh isteach agus a leathbhádóirí Ultacha?
Liosta le lua na bailte nach bhfuil le hairgead a fháil ón Fhoras sa Phoblacht, mar shampla. An amhlaidh nach bhfuil grúpaí i Sligeach, Luimneach, Áth Luain, Port Láirge, Cill Chainnigh ná i gCorcaigh féin ábalta go leor le deontais a fháil faoin scéim?
Cuimhnítear fosta go mbeidh an Foras ag cur beagnach £700,000 go Béal Feirste agus gur €377,269 a bheas ar fáil faoin scéim i mBaile Átha Cliath. Is cosúil gur fearr fios feasa na Feirstigh ar dheontais ná na Dubs. Leoga, tá lucht na Gaeilge i dTír Eoghain féin le £322,802 a fháil, suim a chuireann deontais Dhuibhlinne i gcomhthéacs eile ar fad agus, diomaite d’Fhear Manach, níl contae ar bith sna sé chontae nach bhfuair beannacht an Fhorais an iarraidh seo.
Dhá ghrúpa i mBaile Átha Cliath agus ceann amháin i gCeatharlach atá mar ionadaithe buacha Chúige Laighean sa chomórtas; tig le lucht na teanga i gCúige Chonnacht gáir áthais faoi dhó a thógáil i nGaillimh agus bua aonair Mhaigh Eo a chomóradh agus bhain an Clár agus Tiobraid Árann an chraobh do Chúige Mumhan.
Dhéanfá amach nach bhfuil an scéal sin chomh sona d’fhorbairt na teanga ar bhonn uile-Éireann agus a cheapfadh lucht an Fhorais.
Gan amhras, thiocfadh le muintir an Fhorais a rá nach bhfuil i gceist ach tionscnamh amháin ach ó tharla go dtugann an Foras féin “mórscéim cistíochta” agus “ciste straitéiseach” air, nár cheart do lucht na teanga bheith rud beag imníoch gur cosúil nach bhfuil ag éirí leis an straitéis i measc an phobail i lear mór contaetha i gCúige Laighean, Chonnacht agus Mumhan?