CROBHINGNE:DEIRTEAR GO dtugtaí "clog an dinnéir" ar Edmund Burke nuair a d'éiríodh sé ar a dhá chois dheiridh i nDáil na Breataine, mar is amhlaidh go bhféadfadh na teachtaí eile gabháil amach, lón breá fliuch a bheith acu, agus bheadh sé fós ag caint nuair a d'fhilleadh siad.
Ina dhiaidh sin, gan amhras, tá Críost de Búrg ann a chomhairlíonn dúinn gan fear an bháid farantóireachta a íoc, go háirithe dá mbeadh an bhean uasal san éide dhearg ag damhsa leis. D’insíodh Éamonn a’ Búrc – gan aon ghaol aige le “clog an dinnéir” – ceann de na scéalta seanchais is faide sa Ghaeilge, agus is beag duine a bhí ag ceol ina thaobh.
Is dual do na Búrcaigh go mbeadh cáil orthu, agus is iad atá sa nuacht le déanaí. Bhí bean rialta agamsa nuair a bhíos i rang na naíonán mbeaga an tan a mhair mná rialta in Éirinn beo. Cé go raibh ainm cráifeach éigin uirthi, An tSiúr Benilda an Bhata Bheannaithe, nó rud éigin, ní foláir nó gur Búrcach ba ea í ó dhúchas.
Mar b’í an chéad duine í dá bhfaca riamh a raibh an búrca á chaitheamh aici. Éadaí fada dubha uirthi ó rinn go sáil agus a smig féin á ceilt ag stráice bán mar a bheadh scríobadh cailce ar chlár dubh. Eagla ár gcraiceann a bhíodh orainne mar bhí amhras inár scairt an raibh craiceann ar bith uirthi féin. Pé craiceann a bhí uirthi, bhí á cheilt go maith, bíodh gur bheag an baol go dtiocfadh fonn miangais ar bith orainne, fiú dá dtuigfimis cad é.
Eagla a bhí orainn faoi na héadaí fada dubha sin agus faoi cad a bhí i bhfolach fúthu. Nuair a chuireadh sí a lámh isteach ina brollach, ní raibh tuairim againn cad a bhainfeadh sí amach gan choinne. Peann luaidhe dearg, nó maide draighin, nó seancheapaire, nó neachtar acu, meaisínghunna.
Déanaim amach gurb é an t-eagla sin faoi dear an sioscadh ar fad timpeall ar éadaí ban san Fhrainc, agus an reachtaíocht atá á déanamh maidir le cad tá ceadaithe a chaitheamh agus cad tá á chosc. Bhí na fir sin go léir chun scoile a raibh mná rialta le búrca á chaitheamh acu.
Ní féidir go bhfuil aon bhrí eile leis an riail amaideach atá á moladh nach mbeadh cead ag mná feasta a rogha feistis a chaitheamh go poiblí. Is fíor go bhfuil dlíthe leatromacha mar sin i bhfeidhm i gcríocha antoisciúla áirithe ar nós na hAraibe Sádaí atá go maith líofa leis an sádachas, pé sa ghaineamhlach é. Ach tá maíte ag an bhFrainc gur tír í a mhórann an chothromaíocht agus an tsaoirse agus an bráithreachas. Gach seans nach gclúdaíonn an bráithreachas sin an deirfiúrachas, áfach, nó go bhfuil a fhios ag na bráithre conas is ceart na deirfiúracha a chlúdach. Tuigim cén fáth go mbeadh eagla ar bhráithre na Fraince roimh ionsaí anoir nó roimh fhoireann peile na hAfraice Theas, ach ní léir cúis na heagla roimh chúpla róba agus roimh chaillí na gcailleacha agus na gcailíní.
Tá maíte ag an bhFrainc, leis, mar atá maíte ag formhór de thíortha iarthar Eorpa gur mór acu an réasún. Tá sé deacair teacht ar chúis loighiciúil le go gcoscfaí éadaí áirithe seachas a chéile, ach bhí fealsaimh riamh ag na Francaigh a d’fhéadfadh argóint mhór ardaidhmeannach dhomhaindhuibheagánta a dhéanamh as Foucald. Chun a gceart a thabhairt do Shiria, tá cosc á chur acu siúd, leis, ar chaitheamh an niceab in ollscoileanna na críche. Ach ní fiú leo argóintí timpeall na tíre agus ar fud na gcnoc a dhéanamh. Tá cosc á chur leis mar gur comhartha é den chineál Ioslaim nach maith leo. Sin uile.
Níl an Fhrainc ná aon duine eile den eite dheis chiníoch chomh macánta leis sin. Úsáidtear na geisfhocail “slándáil”, agus “dínit na mban” (rud is eol do na fearaibh, gan amhras), agus bladar éigin mar gheall ar go gcaithfear an cuntanós a fheiscint. Slán leat, mar sin, a Bhatman, slán le mascanna, le Macnas, leis an sorcas, le spéaclaí gréine, le húdaíos, le smideadh trom, le capaill geamaireachta, le clogaid ghluaisrothar, le fuinneoga dorcha carranna...
Ní maith liom féin daoine a bheith ag gabháil timpeall le cuirtíní ina n-easa anuas orthu. Ach más áil le daoine eile siúl thart sa séipéal agus hataí arda tálchinn orthu féin, nó le mná cuachóga beach a bheith ar a gcloigeann ag rásaí na Gaillimhe, nó le breithiúna peiriúic phúdaraithe a chur ar a bplaitíní geala, ní haon phioc dem ghnósa é stop a chur leo.
B’fhéidir gurb é oighear an scéil é, gan amhras, go gcuirfeadh an niceab feabhas mór ar dhaoine áirithe nach n-ainmneoimid anseo, idir fhir is mhná, ach níor cheart go mbeadh an chumhacht againn an feabhas sin a chur siar orthu, in ainneoin an chathaithe mhóir.