BA CHÓIR athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí dátheangachais an Stáit maidir le slánú na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht.
Sin an príomh-mholadh atá le fáil sa leabhar taighde agus anailíse nua An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas (Leabhar Breac) atá curtha in eagar ag Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Dúirt Conchúr Ó Giollagáin, Ceannasaí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, go raibh aidhmeanna agus spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge “níos feiliúnaí d’fhoghlaimeoirí na teanga ná do chainteoirí baile”.
Tá Ó Giollagáin ag súil go spreagfaidh An Chonair Chaoch daoine chun féachaint in athuair ar an gcur chuige atá i réim maidir le slánú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
Dúirt sé nárbh é leas na teanga é go mbeadh polasaí dátheangachais á chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Fágann an polasaí sin go bhfuil “dátheangachas aontreoch i dtreo an Bhéarla” in uachtar sa Ghaeltacht “arb é sealbhú neamhiomlán na Gaeilge a thoradh”.
Ba chóir cur chuige nua a cheapadh a chothódh an “dátheangachas moillithe” agus “a chuirfeadh go mór le seansanna an chainteora bhaile sealbhú iomlán na Gaeilge a chur i gcrích sara dtosnaíonn sé ag sealbhú an Bhéarla”.
Chun go dtarlódh sin bheadh gá le “tacaíocht phraiticiúil agus dhinimiciúil” a thabhairt do thuismitheoirí Gaeltachta atá ag iarraidh go mbeadh Gaeilge agus Béarla ag a leanaí.
Bheadh an dearcadh seo ag teacht le cur chuige an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh atá le fógairt ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go luath.
Ach ba mhaith le Ó Giollagáin mionsonraí an chláir sin a fheiscint sula dtabharfadh sé breithiúnas air: “Ní leor mar thacaíocht bróisiúir agus pacáistí eolais, mar shampla.
“Is í an cheist ná cén uair agus cén chaoi a ndéanfar teagmháil le tuismitheoirí agus an mbeidh tacaíocht ann ón gcóras oideachais, ó sheirbhísí pobail agus ó eagraíochtaí pobail.”
Bhí Ó Giollagáin ar dhuine d’údair An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), staidéar a mhaígh nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht ach idir 15 agus 20 bliain.
Agus cúig bliana caite ó foilsíodh an staidéar tá “an próiseas céanna” maidir le creimeadh na teanga “fós ag dul ar aghaidh” a dúirt sé.
Foilsíodh an straitéis 20 bliain i 2010 ach, a deir sé, níl dóthain ann chun freastal ar riachtanais ar leith an phobail chainteoirí dúchais: “Le go dtiocfadh aon mhionteanga slán caithfidh croíphobal dlúth a bheith ag an dteanga sin agus i gcás na Gaeilge tá an croíphobal i ngátar agus i ngéarchéim agus tá a bhfuil de dhlús ann ag imeacht as.
“Ní hionann na tacaíochtaí atá ag teastáil ón gcroíphobal is na tacaíochtaí atá ag teastáil ó fhoghlaimeoirí.”