Deireadh re an leabhair?

Beocheist: Beagnach cúig bliana ó shin thug Leascheannasaí TG4, Pádraig Ó Ciardha, léacht in Ollscoil Mhaigh Nuad dar teideal…

Beocheist: Beagnach cúig bliana ó shin thug Leascheannasaí TG4, Pádraig Ó Ciardha, léacht in Ollscoil Mhaigh Nuad dar teideal: "Dar an leabhar: ré iarliteartha na Gaeilge."

Is díol suime a raibh le rá aige faoi na cúiseanna "gur theip ar an leabhar mar mheán liteartha greim a fháil ar aon phobal suntasach léitheoireachta do litríocht chruthaitheach Ghaeilge".

Thug sé liosta de na cúiseanna sin agus cé go ndúirt sé go raibh míniú teoranta le fáil i ngach ceann acu. Is é an téis a bhí aige gur bhain an leabhar le cultúr eile, le teangacha eile agus le héirim intinne nach raibh luí ag an nGaeilge leo agus gur cheart úsáid a bhaint as meáin eile, go mórmhór na cinn nua atá ar fáil anois i ré seo na teicneolaíochta, chun freastal ar shamhlaíocht phobal na Gaeilge.

Ní mór cur san áireamh go raibh Ó Ciardha féin ag iarraidh meán eile seachas leabhair a chur chun cinn agus an léacht sin á tabhairt aige; b'fhearr leis go gcaithfí airgead stáit ar chláracha teilifíse ná ar fhoilsiú leabhar.

READ MORE

Tá an chuma air go raibh an tAire Éamon Ó Cuív ag smaoineamh ar an dóigh chéanna nuair a bhí na baill nua á gceapadh aige do Bhord na Leabhar Gaeilge don tréimhse 2005 go 2008.

As an aonúr déag nua, tá taithí nach beag, ag cúigear acu ar a laghad, le húsáid meáin eile seachas leabhair. Úinéir an chomhlachta, Fios Feasa, atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne, agus a fhoilsíonn dlúthdhioscaí agus bogearraí ríomhaireachta is ea an Cathaoirleach, Matt Mac Cárthaigh.

Chaith beirt de na comhaltaí - Róisín Ní Mhianáin agus Nóirín Ní Ghrádaigh - seal ag obair le Clo Iar-Chonnachta, comhlacht a thuigeann go maith nach idir clúdaigh leabhar atá cuid mhór de shaibhreas na teanga, ach sna hamhráin agus sna seanscéalta a chuireann siad ar fáil ar dhlúthdhioscaí agus ar theipeanna.

Is é Irial Mac Murchú stiúrthoir an chomhlacht teilifíse, Nemeton, a chraolann formhór clár spóirt TG4 agus is ag obair don tsraith teilifíse An Tuath Nua a bhíonn an t-iriseoir, Pádraig Ó Neachtain.

Chun cúrsaí foilsitheoireachta a fhorbairt agus a chothú a bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge in 1952 agus, ag an am sin, is é foilsiú leabhar amháin a bhí i gceist. De thoradh na tacaíochta a chuir an bord ar fáil d'fhoilsitheoirí tháinig méadú mór ar líon na leabhar.

Níor tháinig méadú ar an ráta céanna ar líon na léitheoirí ná baol air agus is ábhar maíte ag foilsitheoir Gaeilge má éiríonn leis níos mó ná 600 cóip de shaothar cruthaitheach a dhíol.

Ó bunaíodh an bord, is ó Bhaile Átha Cliath a tháinig formhór na gcomhaltaí. Sa Ghaeltacht atá cúigear ar a laghad den bhord nua lonnaithe agus is maith ann iad. Múinteoirí scoile beirt acu, Caitríona Ní Fhiannachta Uí Bhéara agus Gertrude Mhic an Iomaire. Ba cheart go mbeadh smaointe úra acu maidir le nós na léitheoireachta a chothú i measc daoine óga.

Agus sin ráite, níor cheart neamhaird a dhéanamh de na scéimeanna fónta atá curtha ar bun ag Bord na Leabhar Gaeilge le blianta beaga anuas chun ábhar léitheoireachta taitneamhach a chur ar fáil don ghnáthphobal, idir óg agus aosta.

Is é an Dr Éamonn Ó hÓgáin an t-aon chomhalta den seanbhord a athcheapadh. Le linn dó bheith ina chathaoirleach, 1996-2002, cuireadh tús le roinnt scéimeanna chun foilsitheoirí agus scríbhneoirí a spreagadh chun ábhar léitheoireachta éadrom a chur ar fáil agus chun foilsitheoireacht na Gaeilge a chur ar bhonn níos proifisiúnta. Leanadh leis na scéimeanna sin faoi chathaoirleacht Vivian Uíbh Eachach.

Leis an saineolas atá ag an bhord nua b'fhéidir go mbeadh siad in ann cuid acu a fheabhsú, ach ba mhór an tubaiste gan seans ceart a thabhairt dóibh agus maoiniú ceart a chur ar fáil dóibh.

B'fhéidir go bhfuil deireadh ag teacht le ré an leabhair san fhoirm a bhfuil aithne againn uirthi agus gur cheart don bhord tacaíocht níos mó a thabhairt d'fhoilsiú dlúthdhioscaí agus earraí ríomhaireachta.

Ach tá scríbhneoireacht ann leis na mílte bliain agus beidh go cionn roinnt mílte eile. Agus fiú i ré seo na teicneolaíochta is beag meas a bhíonn ar theanga nach mbíonn litríocht á scríobh inti.

Ach ní hann don litríocht gan léitheoirí. Is é an dúshlán is mó atá roimh Bhord na Leabhar Gaeilge leas a bhaint as na scileanna agus an saineolas atá acu chun a dheimhniú go mbeidh pobal léitheoireachta Gaeilge ann.