Díospóireacht chéanna ar feadh 60 bliain

Tuarascáil/Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge: Sheol an Irish Times cartlann digiteach an tseachtain seo mar chuid dá seirbhísí…

Tuarascáil/Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge:Sheol an Irish Timescartlann digiteach an tseachtain seo mar chuid dá seirbhísí Idirlín. Tá gach eagrán den nuachtán ag dul siar go 1859 anois ar fáil do léitheoirí ar líne.

Ach an focal "Gaeilge" a chur san inneall cuardaigh, faigheann tú 15,444 tagairt. Aithneoidh daoine mórán de na scríbhneoirí Gaeilge atá sa chartlann: Risteárd Ó Glaisne; Máirtín Ó Cadhain; Proinsias Mac Aonghusa, srl. Is scéal ann féin iad na colúin éagsúla Ghaeilge a bhí ar an nuachtán seo le 50 éigin bliain.

Bíodh sin mar atá, léiríonn an cuardach an-ghasta a rinne an t-iriseoir seo ar scéalta nuachta gur beag a athraíonn i saol na Gaeilge. Tóg, mar shampla, an ceannlíne seo: "Language changes annoy civil servants" (Dé Luain, 24ú Meán Fómhair, 1945): "The recently issued Litriú na Gaeilge, the officially adopted booklet which the Government hopes will standardise Irish spelling is severely criticised by a writer in the current issue of The Civil Servant. "Civil Service Irish," he declares, "has long been a joke." "

Foilsíodh tuairisc nuachta Dé hAoine, 18ú, mí na Samhna 1950 faoi "Decline of Irish reading report denied".

READ MORE

Scríobhadh: "The opinion recently expressed by Mr. D. Doyle, Limerick County Librarian, that there has been a big decline in the reading of Irish literature in that county because of the new Irish spelling is challenged in a statement by Comhdhail (sic) Naisiunta (sic) na Gaeilge. So far, far from there being a decline in the reading of Irish literature in Co. Limerick, the statement says, the reverse is true."

Bhí scéal faoi "Government's Responsibility in Language Revival" Dé Luain, 21ú, mí na Samhna 1950: "At a public meeting in Sligo, a resolution was passed calling upon the Government, the political parties, local authorities, and all bodies with special privileges from the State or special authority over any part of the public, to recognise their responsibility with regard to the Irish language, and to adopt a policy based on that contained in the memorandum prepared by Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

"The chairman said that it was obvious that the Comhdháil is the body best qualified to advise the Government on the welfare of the Irish language." (Ní raibh Foras na Gaeilge de dhíth orainn riamh!)

Bhí príomhscéal ar leathanach a haon Dé Luain, 23ú, mí na Samhna 1953. An ceannlíne a bhí air "Effective plan backed by State aid needed to boost language drive".

Dúirt uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, "Ernest Blythe", ag cruinniú cinn bliana na Comhdhála: "No-one who wished to be honest with himself could say that the Irish language was certain to survive ... At the same time, Mr Blythe added, anyone who knew the efforts being made, or what had been achieved, would be very reluctant to say that Irish could not be restored. What was needed was an effective plan supported by State resources. Why, he added, had such a plan not been implemented?" (Dá dtigeadh Ernest cóir ar ais ó na mairbh, an mbeadh freagra ar a cheist le fáil go fóill?)

Agus amharc air seo mar scéal: "Success predicted for Irish revival: tv could be used as aid": "Donnchadh O'Laoire (sic), secretary of Comhdhail (sic) Naisiunta (sic) na Gaeilge, said that television was a vehicle suitable for bringing Irish in an acceptable manner into tens of thousands of homes and its advent presented the Government with a means undreamt of 30 years ago to ensure the success of the language revival."

Déardaoin 24ú Iúil, 1958, an dáta atá ar an tuairisc sin. Beagnach 40 bliain ina dhiaidh sin a bunaíodh seirbhís teilifíse Ghaeilge.

Seirbhísí teanga

Tá an Foras Riaracháin (IPA) ag tacú le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla san earnáil phoiblí agus Comhspeisialtóir ar Sheirbhísí Gaeilge ag obair leo.

Is í Adelaide Nic Chárthaigh an comhspeisialtóir nua agus é mar phríomhchuspóir aici cúrsaí Gaeilge an Fhoras Riaracháin, idir sheirbhísí oiliúna agus sheirbhísí comhairleachta, a fhorbairt.

Dúirt sí go raibh "dualgas ar an earnáil phoiblí seirbhísí a sholáthar, go dátheangach, chun freastal ar riachtanais a gcuid custaiméirí go gairimiúil agus go dearfach. Tá sé mar aidhm agam tacaíocht agus comhairle a thabhairt dóibh chun é sin a bhaint amach."

Is iar-bhainisteoir de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge í Nic Chárthaigh agus taithí aici ar chúrsaí margaíochta, chumarsáid eolais agus teicneolaíochta agus ar phleanáil straitéiseach. Tá MBA aici ó Henley Management College agus is léachtóir páirtaimseartha í i FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bunaíodh an Foras Riaracháin 50 bliain ó shin le bheith freagrach as an dea-chleachtas is fearr i riarachán agus i mbainistíocht phoiblí a chur chun cinn.

Eolas: gaeilge@ipa.ie

Gaiscíoch na Beilte Uaine

Is ábhar mór ceiliúrtha é leabhar nua a fheiceáil i gcló agus is mó arís é mar ábhar ceiliúrtha an chéad leabhar ó theach nua foilsitheoireachta. Tá Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson as Béal Feirste i ndiaidh comhlacht foilseoireachta An tSnáthaid Mhór a bhunú agus is é Gaiscíoch na Beilte Uaine (€15) an chéad leabhar dá gcuid i gcló. Ealaíontóir é Andrew a rinne na pictiúirí agus Caitríona a chóirigh an téacs as seanscéal Gaeilge. Tá an saothar ealaíne go hálainn agus an prós filiúnta ceolmhar: "Thrasnaigh sé seacht gcnoc, seacht ngleann, seacht gcaisleán de léim. Bhí torann a choise ag bualadh a choirp agus torann a choirp ag bualadh a chuid cos. Thug sé an cnoc de léim, agus an gleann de choiscéim..." Dúirt Nic Sheáin: "Thit muid faoi gheasa ag scéalta iontacha ón bhéaloideas a sheol muid ar an turas scéalaíochta seo." Tá dlúthdhiosca leis an leabhar agus Aindrias Ó Gallchóir a léann an scéal. Tá an leabhar le hordú: andrewwhitson@hotmail.com

cartlann archives - cuardach search - dátheangach bilingual
earnáil sector - riarachán administration - snáthaid needle