Díospóireacht de dhíth faoi stádas na Gaeltachta - Ó hAoláin

CAITHFIDH GACH pobal Gaeltachta díospóireacht phoiblí a eagrú lena stádas Gaeltachta a phlé, a dúirt príomhfheidhmeannach Údarás…

CAITHFIDH GACH pobal Gaeltachta díospóireacht phoiblí a eagrú lena stádas Gaeltachta a phlé, a dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin. Bhí sé ag labhairt i gCo na Gaillimhe Dé Céadaoin seo caite ar sheimineár do stiúrthóirí na 32 Ionad Seirbhísí Teanga sa Ghaeltacht.

Bhí a leithéid de dhíospóireacht “an-tábhachtach,” a dúirt sé, agus an Rialtas ag ullmhú plean 20 bliain don Ghaeilge. Níor leor do na pobail tabhairt le fios go raibh stádas Gaeltachta uathu; bhí orthu plean gníomhaíochta a ullmhú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhain le láidriú na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh.

Labhair sé fosta faoi athruithe ar struchtúr agus ar fheidhmeanna an Údaráis roimh dheireadh 2010. Mhol sé do riarthóirí na n-ionad agus do ghníomhairí eile pobail sa Ghaeltacht plé a thosú maidir leis an struchtúr stáit ab fhearr a d’fhóirfeadh do riachtanais na Gaeltachta “sa ré dhúshlánach chinniúnach” a bhí roimpi.

Ag caint leis an cholún seo, dúirt Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge i nGaillimh, Peadar Mac Fhlannchadha, go raibh sé “inmholta” go mbeadh díospóireacht den chineál sin ann ach níor leor iarraidh ar na pobail dul i mbun pleananna gníomhaíochta “gan tacaíocht ón Stát ina iomlán, ón Údarás féin, ó Roinn na Gaeltachta agus ó na Rannaí Stáit ar fad a bhíonn ag plé leis an bpobal.

READ MORE

“Mar shampla, tá sé an-deacair do phobal Gaeltachta ar bith díriú ar na dúshláin a bhaineann le treisiú na Gaeilge mar theanga pobail agus mar theanga teaghlaigh má tá, mar shampla, an Roinn Oideachais ag gníomhú in aghaidh na n-iarrachtaí seo trí chóras oideachais Bhéarla a bhrú ar na pobail sin”.

Dúirt Mac Fhlannchadha gur chóir go mbeadh ról lárnach agus cur chuige gníomhach ag an Údarás agus ag Roinn na Gaeltachta le tacaíocht a chur ar fáil do na pobail a éilíonn an tacaíocht sin.

Níor léir dó, lena thaithí féin i Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe, go raibh an tacaíocht sin ar fáil.

Bhí easpa cur chuige ón Stát ann maidir le buanú agus forbairt na Gaeilge. Bhí Maigh Cuilinn lag mar Ghaeltacht, a dúirt sé, ach bhí ní ba mhó ná 20 faoin gcéad den phobal ag labhairt Gaeilge go laethúil sa bhaile: “Tá tacaíocht láidir don Ghaeilge léirithe ag an bpobal agus obair thaighde déanta ag grúpaí áitiúla, ar a gcostas féin, mar ábhar don saghas plean atá molta ag príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

“In ainneoin na hoibre seo ní raibh Údarás na Gaeltachta nó Roinn na Gaeltachta sásta tacaíocht a chur ar fáil chun plean cuimsitheach teanga a ullmhú agus fágadh faoin gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge Ollscoil na hÉireann Gaillimh a choimisiniú chun moltaí maidir le plean Gaeilge don cheantar a ullmhú, rud atá á thabhairt chun críche faoi láthair ag an Dr. John Walsh. Ba é an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge a chuir an maoiniú ar fáil don obair seo.”