Tuarascáil:Fógraíodh ar na mallaibh comórtas idirnáisiúnta chun dearadh a roghnú le haghaidh amharclann nua na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Ar Dhuga Sheoirse, gar do Theach an Chustaim a bheidh an foirgneamh nua agus de réir na dtuairiscí ní amharclann amháin a bheidh ann ach trí cinn.
Agus cad chuige na trí amharclann? "The new building will provide audiences with more choices and a greater opportunity to see more diverse work with plans for 1,000 seats across three auditoriums," a dúradh i ráiteas ó oifig an Aire Séamus Brennan.
Chuir an ráiteas ag smaoineamh mé ar ráitis eile a rinneadh i lár 1960í na haoise seo caite nuair a bhí an foirgneamh ina bhfuil Amharclann na Mainistreach anois le hoscailt.
Tugadh mórchuid poiblíochta don scéal go mbeadh dhá amharclann ann, an amharclann mhór ina mbeadh na príomhléirithe agus amharclann bheag, An Phéacóg, a mbainfí úsáid as le haghaidh drámaí Gaeilge agus turgnamhachta.
Bhí amharclann bheag, An Damer, a bhunaigh Gael Linn i 1955 tar éis a chruthú go raibh pobal i mBaile Átha Cliath le haghaidh drámaí Gaeilge. Diaidh ar ndiaidh spreagadh scríbhneoirí chun na drámaí a sholáthar.
Ach bhí mórchuid deacrachtaí leis an halla ina mbíodh léirithe an Damer ar siúl agus nuair a chualathas go raibh amharclann nua le hoscailt sa Phéacóg, le trealamh agus córas soilsithe nua-aoiseach, gan trácht ar shuíocháin chompordacha, bhíothas den tuairim go raibh seal an Damer tugtha agus gur sa Phéacóg a bheadh drámaí Gaeilge na hardchathrach feasta.
Le breis agus 40 bliain bhí deontas bliantúil á íoc ag an Rialtas leis an Chomhar Drámaíochta chun drámaí Gaeilge a chur ar siúl i mBaile Átha Cliath. I mí Eanáir 1967 d'aistrigh Roinn na Gaeltachta an deontas sin go dtí an Mhainistir ar an choinníoll go gcuirfí léirithe Gaeilge ar an ardán ann.
Agus amharclann na Péacóige á hoscailt aige i mí Iúil 1967 dúirt an tAire Airgeadais, Charles J Haughey, go raibh áthas air "at learning that for nearly one half of a year plays in Irish would be staged in the Peacock".
Níor mhaith an tuar don am a bhí le teacht an chéad léiriú Gaeilge sa Phéacóg. Léiriú stáitse a rinne Sean Ó Briain de leabhar Myles na gCopaleen An Béal Bocht a bhí ar siúl sa Damer roimhe sin, a bhí beartaithe. Ach tar éis an dara hoíche b'éigean é a bhaint den stáitse mar gur tharraing Ó Briain agus bean an údair an chéad léiriú siar siocair go ndearnadh athruithe ar an script.
Ina leabhar Stair Drámaíochta na Gaeilge 1900-1970 deir Pádraig Ó Siadhail gur drámaí Gaeilge a bhí sa tríú cuid de na taispeántais sa Phéacóg in 1967, an bhliain a osclaíodh í; léirithe Gaeilge a bhí i ní ba lú ná an cheathrú cuid de na taispeántais in 1968 agus 1969 agus cumainn drámaíochta amaitéaracha a léirigh cuid acu sin.
I 1970 níor léiríodh ach an t-aon dráma Gaeilge amháin. Agus ainneoin iarrachtaí Thomáis Mhic Anna a bhí ina léiritheoir agus ina bhall de bhord stiúrtha na Mainistreach go dtí 1984 is tearc na drámaí Gaeilge a léiríodh ó shin. Ina bheathaisnéis Fallaing Aonghusa deir Mac Anna nár éirigh leo amharclann lán-Ghaelach a bhunú sa Phéacóg mar gur theip orthu an leanúnachas a bhí sa Damer a thabhairt ar aghaidh sa Phéacóg.
Cé go raibh scéimeanna éagsúla ann ó am go chéile chun scríbhneoirí aitheanta a spreagadh chun drámaí a scríobh - leithéid Chríostóir Uí Fhloinn, Sheáin Mhic Mhathúna, Alan Titley, Éilís Ní Dhuibhne - níor leor dráma Gaeilge uair nó dhó sa bhliain chun lucht féachana a chothú.
Agus deontas bliantúil á chur ar fáil le haghaidh drámaíocht Ghaeilge níor leag Roinn na Gaeltachta síos riail ar bith faoi líon na léirithe ba cheart bheith ann. Nuair a cheistigh Mac Anna bord na Mainistreach faoin easpa spéise a bhí acu i ndrámaíocht Ghaeilge ba é an freagra a fuair sé nach raibh aon dualgas orthu de réir dlí drámaí Gaeilge a léiriú.
Le cúig bliana nó mar sin anuas tá an chuma air nach síleann údaráis na hAmharclainne Náisiúnta dualgas ar bith bheith orthu drámaí Gaeilge a stáitsiú. Murach iarrachtaí na gcomplachtaí amaitéaracha ní móide go bhfeicfí dráma Gaeilge ar bith san ardchathair.
Agus maidir leis na trí amharclann i bhfoigneamh nua na Mainistreach atá fós le tógáil, má deir aire rialtais ar bith gur le haghaidh drámaí Gaeilge ceann acu an bhfuil duine ar bith ann a chreidfeadh é?
Beidh an file Liam Ó Muirthile agus an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird i mbun filíochta agus ceoil in Ionad Filíochta Seamus Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, san oíche amárach ag 7pm. Tá clú ar Ó Muirthile le fada an lá as a chuid filíochta agus is é Sanas an cnuasach is déanaí dá chuid. Is amhránaí ar an sean-nós é Ó Lionáird agus príomhamhránaí leis an Afro-Celt Sound System.Ba iad foireann Óstaí an Rí, Ruadhán Mac Aodháin agus Aoife Nic Niocaill buaiteoirí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh i mbliana, a scríobhann Pól Ó Muirí. Fuair siad an ceann ab fhearr ar fhoireann Choláiste na Tríonóide sa chraobh sna Ceithre Chúirt Dé hAoine. Ba é an tOnórach Roderick Ó Murchú an breitheamh don ócáid. Is iad Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do lucht dlí an tríú leibhéal. Dúirt Seán Ó Ceallaigh gurbh í seo an bhliain ba mhó iarratas, rud a léirigh spéis na mac léinn ann. Dúirt sé nár cheart an riachtanas Gaeilge d'ábhar dlíodóirí a chur ar ceal: "Leis an stádas oifigiúil atá anois ag an Ghaeilge in Éirinn agus san Aontas Eorpach is ag dul i méid a bheidh úsáid na Gaeilge sa réimse dlí. Sa chomhthéacs seo, ba chúis mhór áthais do Ghael Linn a chloisteáil go mbeadh an rogha ag mic léinn an cúrsa gairmiúil céime BL san abhcóideacht a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla in Óstaí an Rí an bhliain seo chugainn." amharclann theatre - díth lack - dualgas duty
léiritheoirproducer - nua-aoiseachmodern - stáitsestage