Dóchas an Taoisigh as míorúiltí

Tá an dóchas go breá ach, in amanna, is mó gá le ceisteanna crua crosta, writes SEÁN TADHG Ó GAIRBHÍ

Tá an dóchas go breá ach, in amanna, is mó gá le ceisteanna crua crosta, writes SEÁN TADHG Ó GAIRBHÍ

Ina leabhar breá nua, Seven Deadly Sins, My Pursuit of Lance Armstrong, scríobhann an t-iriseoir spóirt David Walsh faoi na scéalta beaga a chnuasaigh sé go cíocrach nuair a cailleadh go tubaisteach a mhac John agus gan é ach 12 bliain d’aois.

D’eachtraigh oide scoile amháin do Walsh faoin uair ar léigh sí scéala bhreith an linbh Íosa Críost do rang a mhic.

Nuair a dúradh leis an rang go raibh go leor de chruatan an tsaoil curtha díobh ag muintir an linbh óig, b’sheo in airde le lámh John Walsh.

READ MORE

“If they were so poor what did they do with the gold they were given by the three wise men?” a d’fhiafraigh sé.

D’admhaigh múinteoir John nach raibh freagra a cheiste aici.

Ba mhinic an scéal faoi cheist ghéarchúiseach a mhic mar shólás agus lóchrann ag David Walsh ina shaol iriseoireachta ina dhiaidh sin.

Nuair a tháinig sé chun solais i 1997 go raibh lorg EPO ar thástáil drugaí a cuireadh ar an rothaí Iodálach Claudio Chiappucci, is ar a mhac óg fiosrach a chuimhnigh Walsh.

Cúig bliana roimhe sin bhí deora le súile Walsh agus é ag freastal ar staid den Tour de France ina raibh bua míorúilteach ag Chiappucci ar fhathach na ré sin Miguel Indurain.

Náire

Tá náire anois ar an iriseoir nuair a chuimhnigh sé ar na deora áthais a shil sé an lá sin: “Happy tears in the salle de presse would be no more. Question everything. Ask what Mary and Joseph did with the gold.”

I 1999 bhuaigh Lance Armstrong an Tour de France den chéad uair.

Bhí sé i ndiaidh teacht slán ón ailse agus bhí na trucailí fáilte roimh an scéal faoin bhfear inspioráideach seo ó Texas, slánaitheoir shaol na rothaíochta.

Bhí Walsh ar dhuine de dhornán beag iriseoirí nár chreid in aiséirí Armstrong agus a raibh sé de mhisneach acu amhras poiblí a chur sa mhíorúilt.

Fad is a bhí Armstrong ag cur lena stór míorúiltí agus lena stádas idirnáisiúnta mar eiseamláir de chrógacht dochloíte an duine, lean an t-iriseoir air ag cur na gceisteanna crua agus ag éileamh na bhfreagraí crosta.

D’fhan cuid de chomhghleacaithe an Bhreathnaigh amach uaidh, deineadh bulaíocht air féin agus ar dhaoine a thug agallaimh dó agus cuireadh an dlí air.

Ach níor cuireadh dá bhuille é.

Clár dópála

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo d’fhoilsigh USADA, an ghníomhaireacht frithdhópála Mheiriceánach tuarascáil inar dúradh gur ag foireann Armstrong, US Postal, a bhí an “clár dópala is sofaisticiúla, is gairmiúla agus is rathúla riamh i stair an spóirt”.

Fógraíodh go mbeifí ag baint den rothaí is cáiliúla ar domhan na seacht gcinn de bhuanna a bhí aige sa Tour de France.

Cruthúnas ab ea é seo, má bhí sé ag teastáil, go raibh dian-iniúchadh Walsh i scéala Lance Armstrong ar cheann de na gaiscí is mó a dhein aon iriseoir Éireannach riamh.

Sampla a bhí i saothar an iriseora chomh maith de mhisneach dochloíte an duine.

Blianta an rachmais

Ba le linn bhlianta an rachmais sa tír seo ba mhó a bhí Walsh ag fiosrú Lance Armstrong.

Rithfeadh sé leat is tú ag léamh Seven Deadly Sins gur mhór an trua nár léirigh iriseoirí eile an diongbháilteacht, an fhoighne agus an misneach céanna.

Faraor, is beag duine a chuir de dhua orthu féin scagadh a dhéanamh ar ghnéithe míorúilteacha an Tíogair Cheiltigh is a chuir an t-iriseoir ó “rannóg na mbréagán” – an t-ainm a thugann iriseoirí le seanbhlas uaireanta ar an rannóg spóirt – i mbun paidhceála ar ghaiscí míorúilteacha Armstrong.

Don chuid is mó deineadh neamhaird ar an gclár dópála eacnamaíochta is sofaisticiúla, is gairmiúla agus is mírathúla i stair na hÉireann.

N’fheadar an bhfuil ceacht foghlamtha againn?

Tuigeadh dúinn sa deireadh an fhírinne shearbh faoi mhíorúilt an fhoráis shíoraí ach feacaimid glúin anois do mhíorúilt na déine síoraí.

Míorúiltí

Chím pictiúir de Thaoiseach na tíre ó am go chéile agus é ag caitheamh banda rosta buí atá an-chosúil leis an mbanda rosta buí cáiliúil sin ó charthanacht Armstrong, Livestrong.

Tuigim gur cúis mhaith atá ann agus go bhfuil obair mhór déanta ag Armstrong ar son daoine le hailse agus go bhféadfaí cás a dhéanamh nach bhfuil aon bhaint ag an obair sin leis an dópáil sa rothaíocht.

Ach cuireann an banda rosta buí sin síol an amhrais i m’aigne – an bhfuil Taoiseach againn a chreideann i míorúiltí?

Agus má tá, an ndéarfadh duine éigin leis gur ag lucht an amhrais atá an fhianaise ar fad?